AN POD SPÓRT: Eagrán speisialta Chluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann le John Allen agus Paul Flanagan

Cluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann 2025 idir Corcaigh agus Tiobraid Árann atá idir chamáin againn an tseachtain seo agus beirt aíonna speisialta againn, John Allen ó Chorcaigh agus Paul Flanagan ó chontae an Chláir, beirt a bhfuil taithí mhór ar an lá mór acu

AN POD SPÓRT: Eagrán speisialta Chluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann le John Allen agus Paul Flanagan

San eagrán speisialta seo de ‘An Pod Spóirt’ Corcaigh in aghaidh Thiobraid Árann i gCluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann 2025 atá faoi chaibidil againn. Inár dteannta tá beirt aíonna speisialta linn, John Allen ó Chorcaigh agus Paul Flanagan ó chontae an Chláir, beirt a bhfuil taithí mhór ar an lá mór acu.

Déantar plé ar thábhacht na ndeasghnátha beaga don imreoir seachtain chluiche ceannais na hÉireann. Pléitear na coimhlintí agus na gnéithe eile den imirt a shocróidh an mbeidh deireadh leis an bhfanacht fada cois Laoi ar an 31ú craobh na hÉireann nó an mbeidh Tiobraid Árann ag ceiliúradh a gcéad cheann ó 2019 agus a 29ú ceann ar fad. Déantar plé ar conas is fearr an brú a bhaineann leis an gcarnabhal cois Laoi a ionramháil.

Insíonn Paul dúinn faoin gcomhrá a bhí aige le Tony Kelly cúpla lá roimh chluiche ceannais na bliana seo caite agus míníonn John dúinn cén fáth nach bhfuil Corcaigh chomh maith is a cheapann daoine.

Agus déanann Pádraic cur síos dúinn ar an obair dhian ullmhúcháin a bhíonn le déanamh ag an iriseoir spóirt seachtain an chluiche ceannais…

 

Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'AN POD SPÓRT: Eagrán speisialta Chluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann le John Allen agus Paul Flanagan'