An Naitsí a labhair Gaolainn bhlasta agus dúil Adolf Hitler sa phíb uilleann

Ní dheachaigh aon iomaitheoir as Éirinn go Beirlín do na Cluichí Oilimpeacha i 1936, ach ní hin le rá nár thaistil aon Ghael chun na Gearmáine

An Naitsí a labhair Gaolainn bhlasta agus dúil Adolf Hitler sa phíb uilleann

Pictiúr: Bundesarchiv, Bild 183-G00372 / CC-BY-SA 3.0, CC BY-SA 3.0 de, https://commons.wikimedia.org/w/index.php?curid=5363153

Agus mé ag bualadh stampa ar cholún na seachtaine seo caite, shíl mé go raibh deireadh ráite agam, go ceann tamaill ar chuma ar bith, faoi Chluichí Oilimpeacha.

Ag dul amú a bhí mé, mar céard a tháinig i mo bhealach maidin Dé Luain ach roinnt eolais ó mo sheanchara agus mo chomhghleacaí Seán Ó Cíobháin a sháraigh gach a raibh ráite agam ó shearmanas oscailte Pháras ag tús na míosa.

Ní haon iontas sin. Is beag duine a chas dom ariamh atá chomh hoilte leis an gCíobhánach i mbun tochailte ar thóir eolais.

Le Cluichí Oilimpeacha 1936 i mBeirlín a bhain a raibh le rá ag Seán – iomaíocht ar dhiúltaigh Éire baint ná páirt a bheith acu leo de bharr athrú a cuireadh ar bhunreacht an IAAF – eagraíocht stiúrtha dhomhanda na gcleasa lúith ag an am. D’fhág an t-athrú céanna go mba ar aonaid pholaitiúla feasta a bhunófaí na foirne a mbeadh cead iomaíochta acu – i gcás na hÉireann, na 26 Contae.

Tháinig sin salach ar rialacha na heagraíochta a stiúraigh an lúthchleasaíocht sa tír seo, an NACA, a chuir rothaithe chuig Cluichí 1924, 1928 agus 1932. Eagraíocht ab ea í nár thug aon aitheantas don teorainn a rinne deighilt ar na 26 contae agus 6 chontae an Tuaiscirt.

Thacaigh Comhairle Oilimpeach na hÉireann leis an NACA agus dá bharr ní dheachaigh aon iomaitheoir as Éirinn go Beirlín i 1936.

Chonac mé scríofa é go mba é Adolf Hitler ba chúis leis an mbaghcat, ach ní fíor.

Níorbh in le rá nach ndearna corrÉireannach anseo agus ansiúd an t-aistear. Orthu siúd bhí tuairisceoir nó dhó de chuid na nuachtán náisiúnta agus ba ar bhord loinge a sheol as Gaillimh a rinne iriseoir Scéala Éireann a raibh ‘Permel’ mar ainm cleite aige, an t-aistear go Bremen. Níorbh ina aonar a bhí sé ach an oiread mar a thug an tuairisc ba thúisce a sheol sé as lár na farraige móire le fios ar an 29 Iúil 1936.

Paisinéirí de bhunadh na Gearmáine a raibh cónaí sna Stáit Aontaithe orthu ba líonmhaire ar bord, a dúirt sé, ach luaigh sé freisin go raibh roinnt Éireannach ar bord. Má chuir sé iontas air go raibh Uachtarán agus Iar-Uachtarán de chuid an NACA ina measc, ainneoin go mba iad a n-eagraíocht féin ba chionsiocair leis an mbaghcat, níor dhúirt sé aon bhlas faoi.

Ní fada a mhairfeadh ‘Permel’ bocht agus é ag obair do nuachtáin bhéadánacha na linne seo!

Ar dhuine de na paisinéirí eile bhí an poblachtach, an polaiteoir agus an scríbhneoir as Dairbhre, Seán Ua Ceallaigh nó Sceilg mar a thugadh sé air féin. Bhí seisean ina Aire Rialtais i 1921/22 agus ina Uachtarán ar Shinn Féin 1926-1931 agus ar Chonradh na Gaeilge.

Ar bord loinge a bhí ag déanamh ar Bremen freisin a thosaigh chuid den scéal seo a d’aithris Seán Ó Cíobháin dom – línéar de chuid na Fraince an babhta seo, an SS Paris.

Ar chuid de na paisinéirí a bhí uirthi siúd ar fhágáil an Chóibh di bhí buíon as Scoil Rince Lil Comeford as Bleá Cliath agus beirt a choinneodh ceol leo – píobaire a raibh Seán Ó Díomsaigh mar ainm air agus fidléir, Liam Ó Floinn.

Chuig Comhdháil Dhomhanda a bhain le fóillíocht agus caitheamh aimsire in Hamburg a bhí a dtriall siúd. Bhí íoróin go leor ag baint le mana na hócáide ‘Aoibhneas agus Síocháin’.

Ba í an phríomhaidhm a bhí ag Hitler go gcothódh na Cluichí Oilimpeacha níos mó measa ar a chuid polasaithe ciníocha féin, ach le dallamullóg a chur ar dhaoine agus in iarracht tanaíochan a dhéanamh ar dhéine an chórais, eagraíodh imeachtaí imeallacha go leor le linn na gcluichí le sin a cheilt.

Bhí an Chomhdháil Dhomhanda ar cheann acu.

Ghlac suas le 3,000 duine as 61 tír páirt ansiúd i Hamburg. Thug cuid acu aghaidh ar Bheirlín ina dhiaidh sin, áit ar sholáthair siad ceol ag na Cluichí, Adolf Hitler é féin i láthair ag ócáid a raibh na hÉireannaigh páirteach inti.

Agus Hamburg bainte amach acu bailíodh grúpaí na dtíortha éagsúla le chéile go dtabharfaí leagan amach na hócáide dóibh. Bhí oifigeach de chuid Arm na Gearmáine in éide ghléasta agus faoina chaipín Schirmmütze leagtha amach do chuile thír. Nuair a chuaigh an t-oifigeach a bhí i le tionlacan a dhéanamh ar na hÉireannaigh ar a dtóir siúd, léim sé suas ar stáitse, bhain sé cnag as a shála agus thug cúirtéis na Naitsithe.

‘Cá bhfuil na hÉireannaigh?’ a bhéic sé i nGaolainn chomh blasta is a bheadh aige dá mba í Peig Sayers a mháthair. ‘Táimid anseo’ an freagra a béiceadh ar ais air i nGaolainn chomh blasta céanna.

An fidléir Ó Flainn a d’fhreagair – bunmhúinteoir a bhí ag teagasc ar an gCill i gContae Chill Dara ach a mba as Ionad na bPoll sa Daingean a mháthair, Máire de Barra. Ansiúd a chas sí ar a fear céile Micheál Ó Flainn, timire le Conradh na Gaeilge a raibh baint aige le bunú an Choláiste Samhraidh ba thúisce a bhí i gCorca Dhuibhne.

As a chanúint thuig an t-oifigeach cé dár díobh Ó Flainn.

‘An bhfuil aithne agat ar Kruger?’ a deir sé. Agus freagra faighte aige ar an gceist sin chaith siad tamall ag caint ar an Seabhac.

As sin amach ba i nGaeilge a scríobh Liam Ó Flainn (athair an phíobaire Liam Óg Ó Floinn a bhásaigh in 2018), Seán Ó Díomsaigh agus na rinceoirí Lil Ní Chomartúin, Ruaidhrí Ó Conchubhair, Piaras Bhinsealaí, Sighle Ní Mheachair, N. Ní Choinnigh, Lil de Paor, Síle Ní Chinse agus Eibhlín Nic Canna a gcuid ainmneacha le linn an turais.

Ludwig Mϋhlhausen a bhí ar an oifigeach airm a bhí 48 bliain d’aois ag an am. Chaith sé an Cogadh Mór ina spiadóir i ndeisceart na Beilge. Bhain sé dochtúireacht amach in Ollscoil Leipzig áit ar bhunaigh sé Roinn an Léinn Cheiltigh i 1928. Tuin Chiarraí a bhí ar a chuid Gaolainne siocair go raibh an tOllamh Séamus Caomhánach as Baile an Rátha mar léachtóir aige tráth.

Idir 1929 – 1938 bhí tamallacha caite aige sa nGaeltacht (An Blascaod, Corr na Móna, Teileann) áit a ndearna sé staidéar ar an teanga labhartha agus ar an mbéaloideas.

Níl aon amhras ann nach mba scoláire agus saineolaí ar na cúrsaí sin a bhí ann, ach is cinnte freisin go raibh obair spiadóireachta ar bun aige, mar a bhí sa mBeilg roimhe.

Nuair a thosaigh Lord Haw-Haw ar na cláracha bolscaireachta ar son Hitler i 1939, ba ghnách clár Gaeilge den chineál céanna a bhí á chur i láthair ag Mϋhlhausen a bheith ag teacht ina dhiaidh aniar. Sheol sé beannachtaí na Nollag chuig an mbailitheoir béaloideasa Seán Ó hEochaidh i gceann acu.

Ag tús an Dara Cogadh Domhanda bhí sé ina bhall don SS sa mBriotáin, teanga a bhí ar a thoil freisin aige mar a bhí Breatnais, Pléimeannais, Ollainnis agus tuilleadh lena gcois sin. Ghabh na Meiriceánaigh é san Ostair i 1945.agus chaith sé beagnach trí bliana i gcampaí géibhinn.

Mhair Ludwig Mϋhlhausen go dtí 1956 agus é seachanta ag lucht an léinn Cheiltigh leis na blianta.

Tá mé thar a bheith buíoch do Sheán Ó Cíobháin as an eolas faoin mbuíon ceoltóirí/rinceoirí. Tá sin aige de bharr agallamh a rinne sé le Liam Ó Flainn do Raidió na Gaeltachta tamall maith de bhlianta ó shin.

Is minic beagán den ghreann ag baint lena chuid scéalta. Is amhlaidh cás anseo. Is cosúil go raibh Adolf Hitler an-tógtha leis na píobaí uilleann agus gur iarr sé ar Sheán Ó Díomsaigh dreas ceoil a chasadh dó nuair a cuireadh in aithne dá chéile iad.

Níor thuig an Führer nár mhór don phíobaire a bheith ina shuí síos agus nuair a chonaic sé Seán ag breathnú ina thimpeall ar thóir suíocháin (nach raibh a leithéid ann), d’ordaigh sé do shaighdiúir a dhul ar a ghlúine agus ar a dhá lámh go suífeadh Ó Díomsaigh ar a dhroim.

Ludwig Mulhausen

Fág freagra ar 'An Naitsí a labhair Gaolainn bhlasta agus dúil Adolf Hitler sa phíb uilleann'