B’fhada an UUP ag fanacht le suíochán Parlaiminte in Westminster a bhuachan ar ais. Nuair a toghadh Robin Swann ina fheisire d’Aontroim Theas san olltoghchán i mbliana measadh gur dheis é don gceannaire Doug Beattie stop a chur le meath an pháirtí. Ní rabharta tacaíochta a bhí ann ach ba léas beag dóchais acu é.
Nach fánach an rud a thógfadh achrann i bpáirtí ar strae.
Taobh istigh de dhá mhí bhí Doug Beattie éirithe as an gceannaireacht mar gheall ar dheacrachtaí doréitithe a dúirt sé idir é féin agus oifigigh an pháirtí. Ó rinne sé an fógra sin Dé Luain seo caite tá faltanais sa pháirtí ar taispeáint don saol mór agus ceisteanna faoi cé a bheadh ag iarraidh glacadh leis an gcupán nimhe mar an seachtú ceannaire ar an UUP ó aimsir David Trimble.
Mar a bheadh Dia á rá leo d’éirigh leis an UUP raic a chothú faoi chomhthoghadh an té a thiocfadh i gcomharbacht ar Swann mar theachta tionóil d’Aontroim Thuaidh; an chaithréim sa toghcheantar béal dorais iompaithe ina chiseach acu.
Comhairleoir ó Bhaile Monaidh a theastaigh ó Doug Beattie – agus a roghnaigh bord agallaimh más fíor. Roghnaigh an páirti áitiúil in Aontroim Thuaidh comhairleoir as an mBaile Meánach, áfach, iad ag tabhairt dúshlán na ceannaireachta. Tá córas riaracháin an UUP áirid agus údarás ag cumainn neamhchosúil le páirtithe eile.
Is léir go raibh deacrachtaí eile ag Doug Beattie agus oifigigh an pháirtí lena chéile. Cé is moite de bhua Robin Swann níor éirigh go maith leis an UUP san olltoghchán agus bhí rogha Beattie, an Coirnéal Tim Collins mar iarrthóir don Dún Thuaidh, tubaisteach. Ina theannta sin bhí sé de nós ag Beattie labhairt go hoscailte gan sofaisticiúlacht pholaitiúil; d’admhaigh sé ar an raidió nach raibh a iarrthóir Tim Collins chomh cáilithe le hiarrthóir eile.
Sheas an páirtí leis cúpla bliain ó shin nuair a tháinig teachtaireachtaí conspóideacha ar mheáin shóisialta chun solais ón uair a bhí sé ina shaighdiúir in arm na Breataine. Léirigh na teachtaireachtaí drochmheas ar mhná nó fuath ban. Ghabh sé leithscéal agus dúirt nárbh é sin a dhearcadh anois. Bhí sé i dtrioblóid freisin faoi phostáil maidir le bean chéile Edwin Poots. Greann a bhí i gceist ach bhí sé maslach agus ghabh sé leithscéal.
Maítear anois gur mhaslaigh sé oifigigh an pháirtí nuair a bhí sé ag cur a racht de faoin achrann maidir le comharba Robin Swann in Stormont. Mhaígh Cathaoirleach an UUP nach raibh na deacrachtaí dosháraithe agus cheistigh sí leagan Beattie faoin titim amach. Dúirt sí gur theastaigh ó na hoifigigh a theacht ar réiteach ach nárbh fhéidir; é le tuiscint gurb é Beattie a bhí míréasúnta.
Ní lia duine ná leagan den scéal. D’éirigh beirt ionadaithe as an bpáirtí mar thaca le Beattie, iad á thabhairt le fios gur brúdh amach é mar gheall ar a iarrachtaí chun an páirtí a liobrálú agus a dhéanamh níos nua-aoisí. Dúirt Doug Beattie i ráiteas eile go raibh súil aige go leanfadh ceannaire nua an bealach liobrálach, nua-aoiseach; dá ndéanfaí sin thabharfadh sé lántacaíocht don pháirtí. Ba léir gur mheas sé gur choimhlint idir an sean agus an nua faoi ndear a dheacrachtaí féin.
Bhí an míshuaimhneas sa pháirtí follasach, go leor den bharúil go bhfuil na vótóirí imithe ag páirtithe eile fad is atá an UUP ag iarraidh a dhéanamh amach céard le haghaidh é.
Seán Mag Leannáin
Cogadh na sifíní san UUP.