Teachtaí Dána – gearán réasúnta ag an gCeann Comhairle

Teachtaí Dána – thuill ár n-ionadaithe tofa gearán an Cheann Comhairle faoina neamhshuim in ábhair thábhachtacha

Teachtaí Dána – gearán réasúnta ag an gCeann Comhairle

Is cúis imní gearán an Cheann Comhairle faoi chaighdeán díospóireachta na Dála ar chúis amháin thar aon chúis eile.

Caitheann Seán Ó Fearghaíl níos mó ama ná duine ar bith eile sa tír ag éisteacht le Teachtaí Dála agus iad cur is ag cúiteamh ar ár son i nDáil Éireann. Ní dóigh leis go bhfuil an spéis a theastaíonn á cur acu i ndíospóireachtaí a bhaineann le hábhair atá tábhachtach ach nach mbíonn a sonraí i mbéal an phobail de ghnáth.

Bhí an Ceann Comhairle sa chathaoir i nDáil Éireann ar an 3 Iúil agus an chéim dheireanach de bhille á plé a chuirfidh mór-athrú ar chóras pinsin an stáit i bhfeidhm. Má fhágtar foireann na Dála as an áireamh, ní raibh i láthair ach é féin agus an tAire Coimirce Sóisialta, Heather Humphreys.

Tugadh tacaíocht fhorleathan sa Dáil roimhe sin do bhunphrionsabal an bhille: uathrollú fostaithe nach baill de scéim pinsin iad i scéim pinsin stáit. Ní beag a chastacht – an fáth is dócha nach bhfuil lán-sonraí an chórais nua socraithe ná dáta tosaithe fógartha fós.

(Sara gcuireann tú an cheist, a léitheoir dhil, murar mian le daoine a bheith páirteach sa scéim beidh cead acu tarraingt amach as tar éis sé mhí agus lánchúiteamh a fháil ar a n-íocaíocht go dtí sin.)

Mar is gnáth, bhí leasuithe a mhol an Seanad ar an mbille le plé sa díospóireacht dheireanach sa Dáil. Sa chás seo áfach bheadh ‘díospóireacht’ áiféiseach mar chur síos ar sheisiún toisc nár labhair ach Heather Humphreys lena linn agus toisc nach raibh oiread agus Teachta Dála amháin eile i láthair.

Chuir an ‘díospóireacht’ scéal an Mary Celeste – an long thréigthe a dtángthas uirthi san Atlantach in 1872, gan tásc ná tuairisc ó shin ar a raibh ar bord – i gcuimhne don Cheann Comhairle. Cé go raibh scéim a rachaidh chun tairbhe do mhórán ar chlár na Dála den uair dheireanach, ní raibh oiread agus Teachta eile seachas an t-aire sa Dáil.

Ba léir óna raibh le rá ag Seán Ó Fearghaíl leis an Irish Times le gairid nár bhain a mhíshásamh le bille amháin nár pléadh mar ba chóir. Dúirt sé go raibh díospóireachtaí ag críochnú roimh am rómhinic toisc nach raibh dóthain Teachtaí ag iarraidh labhairt orthu.

Bíonn fonn ar go leor polaiteoirí labhairt ar chúrsaí tráthúla, a dúirt sé, ach ba chóir dóibh a bheith “níos cúramaí” (aistriú: níos dícheallaí) maidir le tionscnaimh thábhachtacha. Dar leis gur mar gheall ar neamhthoil na dTeachtaí Dála ábhair shuntasacha a phlé ar bhonn críochnúil cuimsitheach atá an caighdeán díospóireachta ag ísliú.

Bheadh polaiteoirí dian ar iriseoir ar bith a déarfadh a leithéid. Bí cinnte áfach nach mbeidh fonn orthu easaontú go poiblí le gearán an Cheann Comhairle.

Sin ráite, níl na meáin gan locht ach oiread. Dúisíonn caint ghéar ar ábhar tráthúil sa Dáil ceannlínte simplí mar seo: “cháin Mary Lou McDonald…”, “chosain an Taoiseach…” agus a leithéid). Ní féidir spéis a mhúscailt gan stró in ábhair níos casta ach ní hionann sin agus a rá nach fiú tabhairt faoi uaireanta.

Is léir an chúis imní. Is dlúthchuid de cheird an pholaiteora é ar ndóigh gníomhú agus labhairt ar son a atofa. Neartaíonn an córas toghcháin iomaíocht eatarthu nach mbaineann in aon chor le díospóireachtaí Dála.

Deimhníonn an iomaíocht threisithe idir páirtithe agus neamhspleáigh gur lú an aird a thugtar ar ghné thábhachtach eile dá ndualgas: reachtaíocht a mholadh, a chíoradh agus a leasú.

Níor thagair Seán Ó Fearghaíl do chruinnithe choistí an Oireachtais, ach bíonn an claonadh a cháin sé follasach lena linn. Rómhinic a chuireann comhaltaí nach bhfreastalaíonn ach ar thréimhse de chruinniú ceisteanna a chuir comhaltaí eile rompu. Rómhinic a chloistear áibhéil, breithiúnas cheal fianaise agus cáineadh éagórach.

Níor thairg an Ceann Comhairle leigheas ar an dochar a dhéanann na drochnósanna a cháin sé. Is ar éigean a rachaidh caighdeán díospóireachta na Dála i bhfeabhas idir seo agus an toghchán a nglactar leis ar chaon taobh gur i mí na Samhna a vótálfar.

Tá aird á tarraingt aige ar riachtanas nár chóir d’iriseoirí ná do vótálaithe neamhshuim a dhéanamh de. Mura bpléitear agus mura gcíortar dlí i gceart san Oireachtas, is mó an seans go léireofar a locht ar ball.

I gcúirt ná in áit éigin eile a tharraingeoidh gearáin nó achrann nó costais gan chúis.

Fág freagra ar 'Teachtaí Dána – gearán réasúnta ag an gCeann Comhairle'