In áit a bheith ag cosaint ár neodrachta, is ag caint faoi airgead breise a chaitheamh ar airm atáimid

Agus an lá a buamáladh Hiroshima á chomóradh, tá baol níos mó ná mar a bhí le fada go mbeidh cogadh núicléach ann

In áit a bheith ag cosaint ár neodrachta, is ag caint faoi airgead breise a chaitheamh ar airm atáimid

Lá chomóradh an bhuama adamhach ar Hiroshima is ea amárach, comóradh ar thús ré ina raibh an cumas ann an domhan ar fad a scriosadh, agus deireadh a chur leis an gcine daonna.

Agus tá fíorbhaol níos mó ná mar a bhí le fada go mbeidh cogadh núicléach ann.

Cé go ndeir móramh na tíre seo gurbh í an Rúis amháin ba chúis leis an ionradh a rinne siad san Úcráin, creideann na Rúisigh féin go bhfuil siad faoi bhagairt ag NATO [Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh] is go bhfuil beithsine na tíre i mbaol.  Gan dabht bheadh siad sásta diúracáin núicléacha a chaitheamh más gá.

Sa Mheánoirthear, tá an cogadh ag dul i ndonas i ndiaidh ionsaithe díreacha ag Iosrael ar an Iaráin is ar an Liobáin.  Tá gach seans go bhfreagróidh an Iaráin go láidir, agus cén chaoi gur féidir stop a chur leis ansin?  Ag deireadh thiar, tá buama núicléach ag Iosrael is é ráite acu go bhfuil siad sásta é a úsáid más gá.

Deir PANA [Comhghuaillíocht Síochána agus Neodrachta], an eagraíocht ar son na neodrachta, go bhfuil $91.4 billiún caite ar armas núicléach in 2023 amháin, go bhfuil diúracáin chúrsála fadraoin lonnaithe ag Meiriceá sa nGearmáin, is go bhfuil sé fógartha ag an Rúis go ndéanfaidh siadsan beart mar an gcéanna.

Ach in ionad labhairt amach faoin gcor baolach seo tá an rialtas ag caint ar airgead breise a chaitheamh ar armas.  3% den olltáirgeadh náisiúnta, sé sin a thrí oiread an méad a chaitheann muid faoin láthair, dar le Jennifer Carroll MacNeill.

Táthar ag gearán go bhfuil muid i mbaol cibear-ionsaí ón Rúis, go bhfuil an Rúis ar tí tabhairt fúinn agus go bhfuil gá, mar sin, lenár gcaidreamh le NATO a threisiú.

Níl aon loighic leis seo.  Má tá spéis ar bith ag an Rúis ionainn – is táim amhrasach go bhfuil – is mar gheall muid a bheith ceangailte le NATO.  Ní thugann rannpháirtíocht le NATO sábháilteacht dúinn, ach a mhalairt.

Nach bhfuil aerfort na Sionainne in úsáid ag Meiriceá le harmlón a sholáthar dá gcuid cogaí?  Ní bheadh stát fíorneodrach i mbun gnó den chineál sin.

Ach má labhraíonn éinne amach ar son na síochána cáintear iad.  Féach a ndúradh faoi Sabina Higgins nuair a labhair sise amach.

Go deimhin tá muid ag suansiúl isteach i dtubaiste a chuirfidh deireadh leis an saol.

Céard is féidir linne a dhéanamh lena chinntiú nach dtarlóidh an tubaiste?

Ar dtús ní mór glacadh leis go bhfuil baol ann go fírinneach.  Nach bhfuil nuachtáin is meáin san Iarthar ag iarraidh go leanfar le cogadh na hÚcráine gan stad?  Nach bhfuil Meiriceá agus an tAontas Eorpach ag leanacht ag soláthar ábhar cogaidh d’Iosrael? Sa seachmall sin nach bhfuil baol núicléach ann?

Ach mar stát atá in ainm is a bheith neodrach, sé sin gan baint againn le taobh amháin nó le taobh eile i gcogadh ar bith, nach cóir dúinn labhairt ar son na síochána, agus leas a bhaint as gach deis taidhleoireachta le cainteanna síochána a chur chun cinn, cainteanna a mbeadh mar aidhm acu slándáil gach uile thír a chinntiú taobh istigh de theorainneacha aontaithe?

Ach ní cosúil go bhfuil sé ar intinn ag an rialtas aon bheart síochána a chur chun cinn, cé go bhfuil léirithe arís is arís eile, go bhfuil móramh mór an phobail ar son na neodrachta.  Agus freagra an rialtais?  A míniú féin a thabhairt ar neodracht, sé sin nach nglacfadh muid páirt dhíreach in aon chogadh.

Ach go fírinneach is cuma, má tá páirt indíreach againn ann.

Ní hamháin sin, ach le tamall is ar éigean gur féidir nuachtán a léamh gan achainí ó ‘shaineolaí’ éigin gur chóir dúinn tuilleadh airgid a chaitheamh ar ‘chosaint’ na tíre, go bhfuil an Rúis ag bagairt orainn is nach bhfuil aon dul as againn ach éirí níos gaire do NATO.

Nach fearrde muid féin agus an domhan dá ndéanfadh muid iarracht a bheith neodrach go fírinneach agus leas a bhaint as an neodracht sin le síocháin is caidreamh idir náisiúin a chothú?

Sé fírinne an scéil é nach bhfuil an stát neodrach in ainneoin toil an phobail go mbeadh.  Seasann muid leis an Iarthar, bíodh sé ag cothú cogaidh nó eile, agus déanann muid macalla ar an mbolscaireacht gur naimhde dúinn an Rúis, an tSín, an Veiniséala, nó tír ar bith atá i gcoimhlint leis na Stáit Aontaithe.

Bíodh muid neodrach agus ligimis do lucht NATO troid ina gcuid gcogaí inár n-éagmais.

Cinnte, ní theastaíonn uaimse go bhfaigheadh mo gharchlann bás ar son saint lucht rachmais an Iarthair.

Fág freagra ar 'In áit a bheith ag cosaint ár neodrachta, is ag caint faoi airgead breise a chaitheamh ar airm atáimid'

  • Eoghan Ó Néill

    Ceart agat, ba chirte don tír seo, a bhí tráth faoi chois na hImpireachta, bheith ag obair ar son na síochána san Úcráin, Pailistín etc. in áit bheith ag glacadh le scéalta na gcumhtaí móra.

  • Gabriel Rosenstock

    Tá argóintí Eoin cloiste le fada againn agus an bhfuil a fhios agat, is fírinní ná riamh iad!

  • Chris Flynn

    Feictear dom gurb é Putin amháin atá ag bagairt cogadh núicléach – bagraíonn sé sin nuair a fheictear dó nach bhfuil ag éirí lena dtrúpaí dul chun cinn a dhéanamh ar pháirc an chatha san Úcráin. Dála an scéil, bhagair an láithreoir teilifíse Dmitry Kiselyov (ar a dtugtar ‘urlabhraí Putin’) ionsaí núicléach ar an mBreatain agus ar Éirinn – thaispeáin sé físeán ar theilifís stáit na Rúise ina dtugtar radharc d’Éirinn a bheith á scriosadh ag buama núicléach.
    Agus deir Eoin gur ‘bolscaireacht’ é a rá gur namhaid dúinn an Rúis…

  • Noel

    An ceart ag Eoin. Caithfear glacadh le forlámhas traidisiúnta na Rúise ar an Úcráin agus ar oirthear na hEorpa mar go bhfuil airm núicléacha ag an Rúis. Ballraíocht na dtíortha in oirthear na hEorpa i NATO ag cur bac ar sin agus ag cur iachall ar an Rúis dul ar an ionsaí chun leathanú amach chuig a sféar tionchair stairiúil. Dá gcuirfí deireadh le NATO agus dá ligfí don Rúis a ionad traidisiúnta a ghlacadh arís mar mhórchumhacht ní bheadh baol cogadh núicléach ann. Chuir an tIarthar dallamullóg ar an Úcráin agus ar thíortha oirthear na hEorpa a cheapadh go bhféadfaí an tír eolaíocht a chur ar ceal ach iad a bheith i NATO. Is comharsana iad leis an Rúis agus i ndeireadh na dála beidh orthu filleadh ar a n-ionad nádúrtha mar chuid de sféar tionchair na Rúise. Seachas a bheith ag déanamh bolscaireacht ar son an daonlathas liobrálach sna tíortha sin ba chóir dúinn a bheith ag cur ina luí ar na pobail sin glacadh lena gcinniúnt mar chuid de sféar tionchair na Rúise ar mhaithe le cogadh a sheachaint.

  • Pat Convery

    Iontaím go huile le hEoghan. Cad chuige nach bhfuil an rialtas ag éisteacht le saoránaigh na hÉireann.