Ceann de na hábhair is deacra le hionramháil sa scríbhneoireacht chruthaitheach ná an chollaíocht.
Ach sin é go díreach ceann de na príomhchúiseanna go léann daoine leabhair: léargas agus go deimhin tuiscint a fháil ar na nithe sin nach bpléitear de ghnáth ach atá chomh tábhachtach sin dúinn mar speiceas.
Ní saothair Mills & Boon amháin atá i gceist agam nuair a deirim ‘leabhair’ ach an litríocht sa chiall is leithne: ficsean, beathaisnéis agus dírbheathaisnéis, drámaíocht, filíocht.
Ach cuimhním anois ar an mbanfhile bocht a raibh an lucht éisteachta ag imeacht filíochta i nGaillimh sna trithí ag gáire aici oíche amháin i bhfad ó shin nuair a chuir sí síos, sa dán a bhí á léamh aici, ar a baill ghiniúna féin mar ‘gairdín sliogán bándearg’.
Shíl mise go raibh sé sin sách fileata, ach ansin arís, ní fhaca mé baill ghiniúna na mban ón gcóngar riamh, agus b’fhéidir go raibh an tsamhlaíocht chéanna ag baint leis, mar shamhail, agus ‘roicéad’ a thabhairt ar bhall giniúna na bhfear.
An rud a chuirfeas macnas ar léitheoir amháin cuirfidh sé múisiam, mearbhall nó fonn gáire ar an gcéad léitheoir eile – agus sin í deacracht a haon agus cúrsaí collaíochta á bplé agat ar pháipéar.
Ach tá deacracht a dó ann, agus baineann sí sin leis an smacht a bhíonn agat ar do mhianta féin agus tú i mbun pinn. Cén chaoi a gcuirfidh mé seo? Tá sé deacair radharc earótach a scríobh gan drúis a mhúscailt ionat féin.
Tiocfaidh fonn ort fad a bhaint as an radharc, cur leis an gcur síos agus dul thar fóir ar fad leis na meafair. Tá an iomarca téististéaróin (is é an hormón sin a luaitear le libídeo na mban, leis) i gcuislí an scríbhneora chomh tubaisteach céanna le barraíocht caiféine.
An leibhéal téististéaróin a ísliú de láimh agus féachaint ar an sliocht arís an buachaill, shílfeá, ach má bhreathnaíonn tú ar théacs atá ceaptha a bheith earótach leis an tsúil fhuar iarbhuaice, gach seans go scriosfaidh tú gach a bhfuil scríofa agat amach le teann náire.
Ach ansin, an chéad uair eile a mbeidh tú ag dul siar ar an sliocht, mothóidh tú go bhfuil rud éigin in easnamh, agus tosóidh an fáinne fí in athuair.
D’fhéadfá a áiteamh gan dabht go bhfuil an dianscrúdú a dhéanann scríbhneoirí ar a gcuid mothúchán earótach (agus eile) féin ar cheann de phléisiúir, agus go deimhin ar cheann de phribhléidí, na scríbhneoireachta mar cheird; is beag post eile a chuireann ar chumas an duine léargas agus tuiscint chomh domhain sin a fháil ar a aigne féin agus go deimhin ar shícé an duine i gcoitinne.
Ach ag deireadh an lae, maireann an t-amhras. An oibríonn sé? An mbeidh an léitheoir meallta nó an mbeidh sé nó sí sna trithí ag gáire? A bhfuil scríofa agat a chur faoi bhráid léitheoirí cabhracha agus aiseolas sonrach a lorg an t-aon réiteach.
Fág freagra ar 'Tá an iomarca téististéaróin chomh dona céanna don scríbhneoir is atá barraíocht caiféine'