An mórscríbhneoir Seán Mac Mathúna ar shlí na fírinne

Bhí Seán Mac Mathúna ar an líon beag scríbhneoirí a fuair aitheantas dá shaothar i nGaeilge agus i mBéarla

An mórscríbhneoir Seán Mac Mathúna ar shlí na fírinne

Tá an mórscríbhneoir aitheanta Seán Mac Mathúna imithe ar shlí na fírinne, in aois a 89 mbliana.

Ciarraíoch ba ea Seán Mac Mathúna, céimí de chuid Choláiste na hOllscoile Corcaigh a chuir faoi i mBaile Átha Cliath agus a chaith beagán le cois fiche bliain ina mhúinteoir meánscoile. Bhí sé ar dhuine den líon beag scríbhneoirí a fuair aitheantas dá shaothar i nGaeilge agus i mBéarla. Is mar ghearrscéalaí a cuireadh aithne air i dtosach, idir scéalta clasaiceacha agus osréalacha, ach lean saothair uaidh i seánraí éagsúla, haikúnna,  úrscéalta stairiúla, ina measc an t-úrscéal mórdhíola Hula Hul (Leabhar Breac 2007), agus léiríodh drámaí leis in Amharclann na Mainistreach agus sa Taibhdhearc.

In eagrán mhí na Nollag 1970 de Comhar a foilsíodh an chéad scéal Gaeilge leis agus is san Irish Press a bhí an chéad cheann i mBéarla aige, in Aibreán 1974.  Ding, 1983 agus Banana a bhuaigh Gradam Uí Shúilleabháin 1999, an dá bhunchnuasach gearrscéalta Gaeilge leis. Cuireadh rogha scéalta ón dá chnuasach sin amach in 2007 faoin teideal Úlla.

Ar na saothair i mBéarla leis an Mathúnach, tá cnuasach gearrscéalta The Atheist, rogha 1988 na Comhairle Ealaíon do Dhuais Liteartha na hEorpa agus an dráma The Winter Thief , tragóid lonnaithe i gCiarraí i rith Chogadh na Saoirse, a bhain Duais Bhanc na hÉireann i Lios Tuathail agus a léiríodh in Amharclann na Mainistreach i 1991. An bhliain dár gcionn, agus The Atheist tagtha amach faoi chlúdach bog, bhí Mac Mathúna ina mholtóir ag an Irish Times don Irish Literature Prize.

Nuair a léiríodh The Winter Thief  léiríodh leagan Gaeilge, Gadaí Géar na Geamhoíche, rud nár tharla in Amharclann na Mainistreach roimhe ná ó shin. Léiríodh an dráma, leis an gcliar céanna, dhá oíche sa tseachtain i nGaeilge agus i mBéarla na hoícheanta eile. Ar na haisteoirí bhí Don Wycherley, Aisling O’Sullivan, Bosco Hogan, Macdara Ó Fatharta, Peadar Lamb agus Mick Lally. Lean an léiriú ar feadh ceithre seachtainí, le tinreamh maith agus léirmheasanna moltacha. Bhuaigh sé duais Oireachtais.

Feictear in An Gadaí Géar/The Winter Thief na tréithe a d’aithneodh léitheoirí na ngearrscéalta – réimse leathan stíle, ardchumas teanga, an fhileatacht is an fhealsúnacht agus an greann agus ábhar tromchúiseach á phlé. Scéal grá suite sa cheantar céanna le linn Chogadh na gCarad atá sa dara dráma leis, a raibh Hula Hul air, nuair a léiríodh sa Taibhdhearc é i 1999, agus a foilsíodh faoin teideal Duilleoga Tae in 2015. Idir an dá linn bhí an teideal Hula Hul curtha ar úrscéal a d’eascair as scéal a instear sa dráma.

In áiteanna éagsúla i dtréimhsí níos déanaí, comhaimseartha lena shaolré féin, a shuitear na gearrscéalta.

Le casadh an chéid, sna tréimhseacháin Aimsir Óg agus Bliainiris b’fhacthas go raibh an Mathúnach ag saothrú seánra eile fós, agus é i mbun dhá úrscéal stairiúil. Hula Hul a bhain le heachtra i gCogadh na gCarad, agus Ego Patricius, úrscéal ar bheatha Naomh Pádraig. Sa tréimhse chéanna d’fhoilsigh Coiscéim dhá nóibhille stairiúil leis – Scéal Eitealán, faoi eachtra i gCiarraí sa Dara Chogadh Domhanda agus Cros na Sceilige faoi eachtra in aimsir na Lochlannach. D’fhoilsigh Leabhar Breac dhá úrscéal don aos óg leism Gealach agus Doras, Fuinneog, Scuab.

Maireann triúr clainne leis, Mel, Sadhbh agus Fiach.

Fág freagra ar 'An mórscríbhneoir Seán Mac Mathúna ar shlí na fírinne'

  • Brian Ó Conchubhair

    Laoch ar lár.

  • Colin Ryan

    Chuimhneofá ar an seanfhocal ‘Sceitheann éan as gach ealta’ agus sinn ag caint ar Sheán Mac Mathúna. Chuaigh an scéal ‘Ding’ i bhfeidhm go mór orm fadó, agus ba léir dom ar an bpointe boise gur scríbhneoir ar leith a bhí ann, údar a chuirfeadh cor nua i litríocht na Gaeilge. Eiseamláir fós é. Suaimhneas dó.

  • alan titley

    fear álainn, scríbhneoir den scoth, ardchomhluadar, Cloisim a ghuth im chluasa agus braithim go bhfuilim ag caint leis fós. Poll sa tsaol.

  • Mícheál Ó Ruairc

    Cailliúint mhór do shaol na Gaeilge í go bhfuil Seán imithe uainn. Duine faoi leith a bhí ann. Scríbhneoir den scoth agus máistir cruthanta ar an ngearrscéal. Saibhreas agus líofacht teanga ar a thoil aige. Fear seoigh agus an-chuileachta go deo i dtigh an óil. Oíche Luain ag druidim le haimsir na Nollag 2019 bhí cúigear againn i gcomhluadar a chéile i gClub an Chonartha – Seán, Clíodhna Cussen, Pádraig Ó Snodaigh, Colleen Dollard is mé féin.
    Oíche a fhanfaidh liom.
    Thar n-ais go 1983. Iarnóin bhreá ghrianmhar i mBealtaine rothaíos amach go Beann Éadair agus suite thuas ar bharr an chnoic léas DING ó chlúdach go clúdach is tháinig laoch nua isteach im’ shaol.
    Slán go deo ón dtaobh seo uaim, a chara. D’fhágais do mharc ar litríocht na Gaeilge agus orthu siúd a raibh aithne cheart acu ort.