‘Bíonn tú ag scríobh i dteangacha éagsúla. An dóigh leat go mbíonn smaointe éagsúla agat ag brath ar an teanga ina mbíonn tú ag obair?’ Léitheoir a chuir an cheist sin orm an lá cheana, ach níorbh é sin an chéad uair ar cuireadh orm í, ná baol air. Ba chóir dom cóip a dhéanamh den fhreagra, dáiríre, le go mbeinn in ann é a dháileadh ag imeachtaí litríochta agus a leithéid. Chuirfinn ar T-léine é dá mbeadh sé níos gonta.
Le ráiteas séanta a thosaíonn sé. Is dóigh liom gur féidir smaoineamh ar bith a bheith agat i dteanga ar bith is mian leat. Bíonn friotal éagsúil i gceist gan dabht, ach ní dóigh liom gurb ann do smaointe, do mhothúcháin nó do choincheapa a bheadh teoranta do theanga amháin. I gcomhráite sa phub agus in ailt a scríobhtar chun cliceanna a mhealladh, déarfaidh daoine leat go bhfuil an nath cainte seo nó an focal sin sa teanga siúd do-aistrithe. Go minic, bíonn meascán den bhród, den náisiúnachas agus den eisceachtúlachas le brath ar a leithéid de ghaisce.
An chéad sampla a ritheann liom ná an focal Portaingéilise saudade, meascán den chumha is den chathú, mothúchán faoina ndúirt an file Fernando Pessoa ‘gurb iad muintir na Portaingéile amháin atá in ann é a mhothú toisc gurb iad amháin a bhfuil an focal sin acu’ – deargchacamas dar liom, i gcead do Pessoa. Samplaí eile ná an focal
Danmhairgise hygge, an focal Ísiltírise gezellig agus go deimhin an focal Gaeilge craic.
Níl ann, dar liom, ach go bhfuil focal amháin ag na teangacha sin chun cur síos ar na coincheapa thuas, san áit a dteastódh focal nó dhó sa bhreis ó chainteoirí Inuktitut,
Tagálaigise nó Béarla – teangacha a mbeadh a gcuid nathanna cainte clicmhealltacha féin acu ar fad faoi seach (ná tosaigh liom ar an ‘50 focal ar shneachta’ sin.)
Le scéal fada a dhéanamh gairid, ní dóigh liom gur ag muintir na Portaingéile amháin a bhíonn saudade, gur ag muintir na Danmhairge amháin atá an cumas teach a dhéanamh hygge, gur ag cainteoirí Gaeilge amháin a bhíonn craic, agus mar sin de.
É sin ar fad ráite, mar scríbhneoir, tugaim faoi deara, cinnte, gur éagsúil go maith óna chéile a bhíonn na smaointe a chuirim in iúl sna ceithre theanga atá agam; ag brath ar an teanga ina mbím ag scríobh, dírím ar an ábhar sin nó ar an téama siúd, míním rudaí
áirithe agus fágaim rudaí eile amach, nó b’fhéidir go rithfeadh meafair, samhlacha nó ceangail áirithe liom seachas cinn eile.
Ach le fráma tagartha lucht labhartha na teanga ina mbím ag scríobh ag an nóiméad áirithe sin a bhaineann sé sin i gcónaí, agus ní leis an teanga féin.
Fág freagra ar '‘An mbíonn smaointe éagsúla agat i dteangacha éagsúla?’'