Na cúiseanna go mbeidh Catherine Connolly ag triall ar an Áras…

Rás an Árais is ábhar don eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ agus an t-iar-aire Éamon Ó Cuív agus na hiriseoirí Máirín Ní Ghadhra agus Harry Magee linn chun a mbreithiúnas ar an bhfeachtas a thabhairt dúinn

Na cúiseanna go mbeidh Catherine Connolly ag triall ar an Áras…

An toghchán uachtaránachta agus a impleachtaí don pholaitíocht amach anseo, ó Theach Laighean go dtí Gaillimh Thiar, atá ag dó na geirbe againn ar an eagrán is déanaí de An Pod Gaeilge. Linn chun féachaint siar ar an bhfeachtas agus chun cinn ar an rian a fhágfaidh sé ar an bpolaitíocht, tá an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív, an craoltóir le Raidió na Gaeltachta Máirín Ní Ghadhra agus Harry Magee, comhfhreagraí polaitíochta leis an Irish Times.

Pléitear feachtas a bhí leamh uaireanta ach a bhí stairiúil leis. Déantar cíoradh ar na himpleachtaí d’Fhine Gael agus d’Fhianna Fáil, don Taoiseach Micheál Martin agus don Tánaiste Simon Harris. An iad Sinn Féin na buaiteoirí móra dáiríre nó an mbeidh comhghuaillíocht níos buaine ar an eite chlé againn feasta?

Agus cad iad na cúiseanna go bhfuil Catherine Connolly chomh fada sin chun cinn?

Fág freagra ar 'Na cúiseanna go mbeidh Catherine Connolly ag triall ar an Áras…'