Tá rud éigin úr agus spreagúil faoin bhfoireann seo.as Tiobraid Árann

Beidh an t-aicsean mór an deireadh seachtaine i gCúige Mumhan i Staid Semple amárach agus Craobh Shinsir Thiobraid Árann ar siúl idir Éire Óg an Aonaigh agus Loch Mór–Caisleán Laighnigh.

Tá rud éigin úr agus spreagúil faoin bhfoireann seo.as Tiobraid Árann

Sáirséalaigh agus Mainistir na Corann

Bhí cúpla craobh shinsir ar siúl an deireadh seachtaine seo caite, ceann acu in Aontroim agus cumann St John’s Bhéal Feirste ar ais ina gcuraidh den chéad uair ó 1975. In Uíbh Fhailí bhailigh Cill Chormaic-Cill Achaidh an corn don tríú bliain as a chéile agus i Luimneach tá an corn ar ais i gclub na bPiarsach agus iad róláidir in am breise do sheaimpíní 2024, Dún Bleisce. Anseo i gCorcaigh tá na Sáirséalaigh ó Ghleann Maghair ar ais ar bharr an dréimire.

Beidh an t-aicsean mór an deireadh seachtaine i gCúige Mumhan i Staid Semple amárach agus Craobh Shinsir Thiobraid Árann ar siúl idir Éire Óg an Aonaigh agus Loch Mór–Caisleán Laighnigh.

Tá an chuma ar an scéal go mbeidh ardchluiche againn. Tabharfaidh Éire Óg aghaidh ar na seaimpíní reatha, Loch Mór, ach beidh níos mó ná corn i gceist. Seo seans fhoireann Éire Óg lena n-ainm a chur sa Táin, agus deireadh a chur le tréimhse fhada gan bua contae. Do mhuintir Loch Mór, is seans eile an cluiche seo dóibh chun a n-áit a thógaint i measc na gclubanna is fearr riamh i dTiobraid Árann.

Tá áit an Aonaigh sa chluiche ceannais tuillte acu gan aon cheist. Bhuail siad Droim agus Inse go compordach sa chluiche leathcheannais, 1-20 in aghaidh 1-12, agus rinne siad é sin d’uireasa Mikey Heffernan, fear a bhíonn lárnach i gcónaí dóibh. Níor chuir sin isteach orthu in aon chor. Thapaigh Ben West an deis. Scóráil sé 1-3 agus chuir sé fuinneamh úr san fhoireann. Bhí an t-imreoir óg contae, Sam Ó Fearghail ar fheabhas freisin agus naoi bpointe ar chlár na scór aige, formhór acu ó phocanna saora. Ag leath ama bhí siad seacht bpointe chun tosaigh agus choinnigh siad an lámh in uachtar sin go dtí an deireadh.

Tá rud éigin úr agus spreagúil faoin bhfoireann seo. Imríonn siad le fuinneamh, luas agus muinín. Tá bainisteoir na foirne, Hugh Maloney, tar éis struchtúr soiléir a thabhairt isteach agus obair chrua a dhéanamh mar bhunchloch. Tá siad ag dul isteach sa chluiche mar fhoireann nach bhfuiltear ag tabhairt mórán seans dóibh, ach is maith leo an ról sin. Is minic gur thug an t-ocras an bua d’fhoireann agus is cinnte go bhfuil sé sin acu.

Tá a fhios ag gach duine cad iad na buanna atá ag Loch Mór-Caisleán Laighnigh — taithí, calmacht agus muintir McGrath. Bhí siad thar barr sa chluiche leathcheannais, cluiche a bhuaigh siad ar Mhainistir na Croise–Baile Uí Chathail, 1-18 in aghaidh 0-15. Scóráil Noel McGrath ceithre chúilín ón imirt, agus bhí Seán cruinn ó na pocanna saora.

Sé an rud a dhéanann Loch Mór chomh láidir sin ná an meascán sin idir an t-aos óg agus na seanfhondúirí. Tá taithí acu ar na laethanta móra.

Ó thaobh na straitéise de, beidh sé suimiúil. D’fhéadfadh easnamh Heffernan a bheith suntasach. Tá Loch Mór an-mhaith ag tarraingt pocanna saora agus ag baint leas as botúin eile a dhéantar. Caithfidh Éire Óg fanacht socair agus smachtúil. I lár páirce, beidh fuinneamh na n-ógánach acu, ach beidh sé ina dhúshlán coinneáil leis an luas céanna go deireadh. Léireoidh an chéad fiche nóiméad go leor, má fhaigheann siad cúl agus má bhíonn siad stuama aclaí go deireadh, beidh cluiche cothrom againn.

Is cluiche é seo a d’fhéadfadh dul aon treo, ach is dócha go bhfuil an lámh in uachtar ag Loch Mór–Caisleán Laighnigh. Tá a fhios acu conas buachan, agus bíonn a réaltaí ar fáil nuair is gá. Ach tá rud éigin ag borradh san Aonach i mbliana, misneach agus dóchas nua. Má choinníonn siad a gceann, má thapaíonn siad na deiseanna, agus má choinníonn siad muintir McGrath faoi chois, d’fhéadfadh go mbeadh caibidil nua sa stair á scríobh.

I gcúige Laighean tá craobh Átha Cliath ar siúl anocht agus na seaimpíní agus seaimpíní an chúige agus na tíre, na Fianna, ar ais arís don chúigiú bliain as a chéile agus Sáirséalaigh Leamhcáin mar fhreasúra acu.

Tá Na Fianna ag iarraidh a ngradam a chosaint don tríú bliain, agus tá siad ag imirt le muinín agus stuaim. Ach tá Leamhcán ag druidim níos gaire gach bliain agus tá foireann dhíograiseach acu atá lán le dóchas.

Níl mórán eatarthu de réir tuairiscí ón ardchathair. Tá an taithí ag Na Fianna ach bagairt mhór dóibh a bheidh in ocras agus dúthracht fhoireann Leamhcáin go dtí an fhead deiridh.

I gCill Chainnigh beidh seanchairde agus iarlaochra an chontae, Henry Shefflin agus Brian Hogan, i gcoinne a chéile nuair a thiocfaidh Seamróga Bhaile Héil agus Gaeil Uí Lochlainn i gcoinne a chéile. Agus trasna na teorann uathusan beidh craobh chontae Loch Garman ar siúl agus Cumann Naomh Máirtín i gcoinne Ráth an Iúir.

Tá Declan Hannon, an captaen ba mhó rath i stair Chraobh Iomána na hÉireann ag dul ar scor ón iománaíocht idirchontae.

Dhearbhaigh fear Áth Dara, a d’ardaigh Corn Liam Mhic Cárthaigh cúig uaire i sé shéasúr, idir 2017-2022, agus é ag druidim lena 33ú breithlá an mhí seo chugainn, a chinneadh trí ráiteas ar shuíomh gréasáin Luimnigh tráthnóna Dé Máirt. Bhí sé de phribhléid agam a bheith ag obair leis ar feadh cúpla séasúr dá shaol spóirt. Is fear uasal séimh é. Ceannaire ciúin. Guím gach rath air.

Fág freagra ar 'Tá rud éigin úr agus spreagúil faoin bhfoireann seo.as Tiobraid Árann'