An marc, an cúl agus bunscileanna na caide

Caitheann ár gcolúnaí súil siar ar chuid de na ceachtanna a bhí le foghlaim ón séú babhta den tSraith Peile Náisiúnta

An marc, an cúl agus bunscileanna na caide

Tá an dá thaobh ar an marc

Pé léamh atá againn ar an marc chun tosaigh agus pé faid eile a leanfar leis, tá an chuma ar an scéal go bhfuil dhá chur chuige ana-éagsúil ina leith, seachas mar a bhí nuair a tháinig sé isteach ar dtúis. I gcluiche an tSathairn idir Muineachán agus Tír Eoghain san Ómaigh, ba léir go raibh leithéidí Darren McCurry ar thaobh amháin agus Conor McManus ar an dtaobh eile ag iarraidh an spás a chruthú don mharc agus an marc a thógaint nuair  tháinig sé.

Cuir san i gcomparáid le cluiche an Domhnaigh idir Maigh Eo agus Doire i gCaisleán an Bharraigh agus chífir go mb’fhearr le Tommy Conroy ar thaobh amháin agus Ethan Doherty ar an dtaobh eile gan dul i muinín an mhairc toisc go mbraitheadar beirt (agus an ceart acu) go raibh luach saothair agus tairbhe níosa mhó le baint as leanúint ar aghaidh leis an imirt agus deiseanna ar chúil a chruthú.

Samhlaigh anois dá méadófaí luach an chúil sin go ceithre nó cúig phointe seachas na trí phointe mar a bhí le blianta. Chuirfeadh sé go mór leis an dtinneall a bhíonn ar an lucht féachana agus chruthódh sé teannas nádúrtha ar pháirc na himeartha. Léireoidh na staitisticí go bhfuil cúil chomh coitianta is a bhí riamh san imirt ach n’fheadar an bhfuil na tosaithe chomh scoite chuchu is a bhídís. Is geall le soitheach mór fada is an bainne i bhfad síos anois é an cosán go dtí’n mbáide. B’fhéidir go gcabhródh sé dá méadófaí luach an chúil. É sin, nó an marc chun tosaigh a ruaigeadh ón gcluiche arís.

Féinsmacht nach beag Ard Mhacha

Is fiú súil a choimeád ar an bhfoireann ná géilleann cúil. Níl aon bháide ligthe isteach ag Ard Mhacha go dtí seo sa tsraith. Sin sé chluiche agus gan aon bháide géillte. Is furaist tar éis an deireadh seachtaine, bheith ag caint ar an 2-21 a d’aimsíodar i gcoinnibh an Chabháin ach níl aon fhoireann sna cheithre roinn a bhfuil a laghad géillte acu is atá ag Ard Mhacha.

Tógann sé iarracht ar leith agus féinsmacht nach beag gan aon chúl a ghéilleadh i gcaitheamh feachtas iomlán sraithe. Nuair a tháinig córas cosanta Paddy Tally i réim i gCiarraí dhá bhliain ó shoin, bhí sé le tabhairt fé ndeara go rabhadar meáite ar a mbáide a chosaint ar ais nó ar éigean agus dá fhaid a leanfaí gan báide a ghéilleadh, is ea is fíochmhaire a bhí an chosaint i mbéal an bháide.

Beidh deis ag Corcaigh córas cosanta Ard Mhacha a chnagadh i bPáirc Uí Chaoimh Dé Sathairn seo chughainn ach má tá sé i ndán do Conor Corbett agus a comhghleacaithe báide a aimsiú, beidh sé saothraithe go maith acu.

Bunscileanna nua na caide

Níor ghéilleas riamh don dtuairim ná raibh imreoirí na linne seo chomh cumasach, oilte i mbunscileanna na caide is a bhídís lem’ linn féin.

Níl ann ach go bhfuil múnla na himeartha féin athraithe agus gan é chomh tarraingteach céanna. Tóg an pointe a fuair lánchúlaí an Dúin, Ryan McEvoy i gcoinne na hIarmhí i bhfíordheireadh na himeartha sa Mhuileann gCearr Dé Domhnaigh. Ní dóigh liomsa go raibh puinn lánchúlaithe ann fiche bliain ó shoin a bheadh ábalta scaoileadh fén ngort aníos agus lascadh de chic in aghaidh gála gaoithe lena gcois lag a thógaint chun pointe comhscóir a aimsiú mar a dhein McEvoy.

Féach chomh maith ar an bpas coise 70-80 méadar a thug báideoir Thír Eoghain Niall Morgan chun báide Dharragh Canavan a chruthú Dé Sathairn. Cad fén mbáide a d’aimsigh Conor McCloskey do Dhoire in aghaidh Mhaigh Eo? B’in é a thríú báide ag McCloskey sa bhfeachtas sraithe tar éis báidí a aimsiú i goinne Mhuineacháin agus Átha Cliath roimis sin.

Tá mórán foirne idir chlub is chontae ag bualadh cló nua ar a múnlaí ionsaithe toisc ná fuil tosaithe nádúrtha acu. Ní baol do scata eile, áfach, nuair is léir go bhfuil cosantóirí acu atá chomh mór istigh leo féin ag tabhairt fén scór is a bheadh aon tosaí.

 

Jason Foley. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

A chíos féin le híoc ag Ciarraí

Beidh a chíos féin le híoc ag Ciarraí as an ndeireadh seachtaine. Bhí Ciarraí chomh héifeachtach agus chomh cumasach is ba ghá dóibh a bheith in aghaidh Ros Comáin ach sin a raibh air. Níl aon chaint le lá anuas i bpóirsí na caide i gCiarraí ach ar cé a raghaidh sa bhearna bhaoil mar lánchúlaí in áit Jason Foley tar éis a ghortaithe inné. B’fhéidir gurbh fhiú féachaint ar Thadhg Morley sa ról ós rud é ná fuil ag éirí chomh maith sin leis sa líne leathchúil ó thús na sraithe.

Ní raibh cuíosach ina thaoiseach maith riamh agus sin a bhfuil mar ghardaí ar an mbáide ag Ciarraí ceal Foley. Pé ní fé sin, beidh cisteoirí agus lucht riartha na caide i gCiarraí ag féachaint ar a bhfuil i ndán sa tsraith dóibh an bhliain seo chughainn chomh maith. Dá dtarraingeofaí líne ar an léarscáil ó Ghaillimh thiar go Baile Átha Cliath thoir i dtús an fheachtais sraithe i mbliana, ní chífeá ach Ciarraí laisteas den líne sin.

Is measa ná san an bhliain seo chughainn é. Le hArd Mhacha agus Dún na nGall ag sá isteach i Roinn 1 in 2025, beidh turasanna fada as baile ag an t-aon fhoireann Muimhneach sa tsraith. Ní hé an gad is giorra don scornach inniu é ach níl an tíreolaíocht ná an t-imeallachas ag cabhrú le cás Chiarraí le tamall. Ní dócha go mbeidh aon trua ag aoinne ach an oiread dóibh!

Fág freagra ar 'An marc, an cúl agus bunscileanna na caide'