An líon is airde cásanna Covid-19 fós sa Tuaisceart, tuilleadh comhoibrithe thuaidh-theas á lorg

Dún na nGall an contae is measa atá buailte sa stát ach tá rabhadh tugtha ag an Taoiseach go bhféadfadh srianta breise a bheith i ndán do chathracha Chorcaí, na Gaillimhe, Phort Láirge agus Luimnigh

An líon is airde cásanna Covid-19 fós sa Tuaisceart, tuilleadh comhoibrithe thuaidh-theas á lorg

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna gur deimhníodh 273 cás nua den Covid-19 le lá anuas, an líon is mó cásanna ó thuaidh den teorainn in aon lá amháin faoin gcóras tástála atá anois ann.

Ní raibh bás ar bith eile de dheasca an ghalair le fógairt acu, ach fágann an t-ardú is déanaí go bhfuil os cionn 10,000 cás den ghalar deimhnithe anois ó thuaidh den teorainn.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin inniu gur labhair sé le Céad-Aire agus LeasChéad-Aire Thuaisceart Éireann, Arlene Foster  agus Michelle O’Neill, chun tathant orthu na beartais sláinte phoiblí chéanna a chur i bhfeidhm ó thuaidh oiread agus is féidir.

Dúirt an Taoiseach chomh maith go raibh “an-imní” ar an bhFoireann Náisiúnta Um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí faoi líon na gcásanna i gcathracha Chorcaí, Luimnigh, Phort Láirge agus na Gaillimhe. D’fhéadfadh, a dúirt an Taoiseach, go dtabharfaí isteach srianta logánta sna cathracha sin mar atá déanta i mBaile Átha Cliath agus i nDún na nGall. Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, go raibh líon na gcásanna i gCorcaigh “ag ardú mar a bheadh líne dhíreach ann”.

Bhí cruinniú inniu ag an Dr Glynn le Príomh-Oifigeach Leighis an Tuaiscirt, an Dr Michael McBride, agus chuir siad ráiteas amach ina dhiaidh ag impí ar dhaoine gan a bheith ag taisteal idir Dún na nGall agus na sé chontae ach amháin sa chás go mbeadh a leithéid riachtanach.

Baineann 350 de na cásanna le seachtain anuas le Béal Feirste, bhí 242 cás i nDoire agus An Srath Bán agus 160 cás a bhí i gceantar an Iúir, Mhúrn agus an Dúin.

Tá 46 othar atá buailte ag an ngalar in ospidéil an Tuaiscirt agus tá cúigear acusan in aonad dianchúraim.

Fógraíodh na figiúirí is déanaí ó thuaidh tráth a bhfuil an ráta is airde den Covid-19 sa tír i nDún na nGall.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ón Lárionad Faireachais ar Chosaint Sláinte, ráta 148.2 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa chontae atá i nDún na nGall faoi láthair. Ráta 144.5 atá i mBaile Átha Cliath.


Dúirt Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Paul Reid inniu nach raibh an córas tástála agus cuardach teagmhálaithe i nDún na nGall in ann déileáil le líon na gcásanna a chaithfí dul i ngleic láithreach leo.

74.1 an meánráta ó dheas le coicís, de réir na bhfigiúirí is déanaí, i gcomparáid le ráta 87.4 in aghaidh gach 100,000 duine sa Ríocht Aontaithe agus 35 san Iodáil. An Spáinn is measa atá buailte le ráta 318.7. Tá an galar ar 213.8 duine in aghaidh gach 100,000 sa Fhrainc.

Fág freagra ar 'An líon is airde cásanna Covid-19 fós sa Tuaisceart, tuilleadh comhoibrithe thuaidh-theas á lorg'