An leithscéal céanna sin a rinne Galltacht den Ghaeltacht ar fud na hÉireann ar fad

Díol spéise go leor dá bhfuil le léamh i leabhar nua faoi Thuar Mhic Éadaigh i nGaeltacht Mhaigh Eo

An leithscéal céanna sin a rinne Galltacht den Ghaeltacht ar fud na hÉireann ar fad

Ar cheann de na leabhair is spéisiúla a tháinig i mo bhealach le gairid tá Tourmakeady: History and Society. Brigid Clesham a scríobh í agus is iad Mayo Historic Estates i gConga a d’fhoilsigh í.

Is é an chéad rud atá le rá faoin leabhar seo gur mór an pléisiúr breith i do lámh uirthi. Leag Sinéad Malee amach go healaíonta í agus is iontach an obair a rinne KPS Colour Print i gCnoc Mhuire á clóbhualadh agus á ceangal.

Tá sí breac ballach le pictiúir dhaite ar mór an áilleacht iad. Sin agus neart léarscáileanna, líníochtaí agus cóipeanna de cháipéisí stairiúla.

Maidir le hábhar an leabhair ní i bhfad amach sna leathanaigh a bhí mé nuair a bhuail sé isteach i m’aigne go gcaithfeadh sé gur Protastúnach í an scríbhneoir. B’fhacthas dhom go raibh sí an-chompordach ag plé leis an taobh Protastúnach de chuile scéal.

Fuair mé amach ó shin gur deirfiúr í le hEaspag Protastúnach Thuama, Luimnigh agus Chill Dalua, Patrick Rooke.

Ní hé sin le rá nach bhfuil sí cothrom ina cuid tuairimí. Ní fhéadfaí seicteachas a chur ina leith ar bhealach ar bith.

Cartlannaí agus taighdeoir í Brigid agus bí ag caint ar thaighde. Mheasfá gur ransaigh sí chuile theastas breithe, pósta agus báis dá bhfuil le fáil le tuairisc a thabhairt ar shinsir an chinsil Phrotastúnaigh a bhí i gceannas ar Thuar Mhic Éadaigh ar feadh blianta fada. 

 Caithfear a admháil mar sin féin go n-éiríonn an mioneolas seo beagáinín leadránach. Ní cur chuige é a mheallfadh an gnáthléitheoir ach mar áis tagartha níl a bhualadh le fáil.

Ní cosúil go bhfuil aon tuiscint mhór ar an nGaeilge ag Brigid. I mBéarla atá na háitainmneacha aici. Is mór an ghráin iad. Féach orthu seo, mar shampla: 

Derryveeny – Doire Mhianaigh

Gortfree – Gort Fraoigh

Killitiane – Coill an tSiáin

Ballyovey – Baile Óbha

Srah – An tSraith

Nach grinn a bhí Brian Friel nuair a scríobh sé an dráma Translations?

Síleann Brigid go bhfuil an Ghaeilge láidir i dTuar Mhic Éadaigh i gcónaí. Seo mar a deir sí: ‘Tourmakeady continues to be part of the Gaeltacht where the Irish language is spoken at home and in school and is much revered by local residents.’

Faraor géar deacrach nach bhfuil an scéal chomh dóchasach sin.

B’fhéidir go ndeachaigh sí amú faoi staid na Gaeilge i dTuar Mhic Éadaigh inniu ach is maith a thuigeann sí na cúiseanna a bhí ag muintir an cheantair leis an nGaeilge a thréigean de réir a chéile. Ar sise: ‘The national school system before 1922 was hugely instrumental in the decline of the Irish language. Many parents did not object to their children being taught through English as they linked economic prosperity and social change with knowledge of the English language.’

Ba é an leithscéal céanna sin a rinne Galltacht den Ghaeltacht ar fud na hÉireann ar fad.

Tá féasta breá staire sa gcuid dheireanach den leabhar. Seo í an roinn is mó a shásóidh léitheoirí na Gaeilge déarfainn. Tá cur síos ansin ar na Bíoblóirí, an Irish Church Mission, agus ar an aighneas géar a bhí idir an tEaspag Plunkett agus an tAthair Patrick Lavelle. Is maith is fiú a bhfuil le rá ag Brigid a chur i gcomparáid leis an méid a scríobh Gerard Moran faoin aighneas céanna ina leabhar A Radical Priest in Ireland: Father Patrick Lavelle; 1821-1886.

Tá cur síos déanta ag Brigid Clesham ar Choláiste Chonnacht agus ar Choláiste Muire. Mheabhraigh sí go raibh Sinéad Ní Fhlannagáin ar dhuine de na múinteoirí a bhí i gColáiste Chonnacht agus go raibh sí féin agús Éamon de Valera ag cúirtéireacht ag an am.

Thug mé suntas faoi leith de phictiúr atá anseo de Shean-Phádraic Ó Conaire agus de Mháire Ní Thuathail. Ba as Eanach Mheáin i gConamara Máire. Bhíodh sise freisin ag múineadh i gColáiste Chonnacht. Bhí sé de cháil uirthi gur múinteoir den scoth a bhí inti.

Fág freagra ar 'An leithscéal céanna sin a rinne Galltacht den Ghaeltacht ar fud na hÉireann ar fad'

  • Eibhlín Mhic Brádaigh

    Alt an-spéisiúil anseo agus suim faoi leith agam san áit seo, Tuar Mhic Éadaigh. D’fhreastal m’athair ar Choláiste Chonnacht 1929. Tá a leabhar nóta i mo sheilbh agam agus is cosúil gur bhreac sé síos ainm an léachtóra ar bharr an leathanaigh. Bhí Máire Ní Thuathail ag múineadh Seanachas, Rannta, seanfhocail, Dánta, cruinneas gramadaí, Béaloideas, Tigheas- cócaireacht, níocháin éadaigh agus táilliúracht. Mar a dúirt tú bhí an-mheas uirtí mar mhúinteoir.
    Chuir lucht an Choláiste fainic ar na scoláirí gan dul in aon áit in aice leis an Eaglais Protastúnach

    Triocha bliain ina dhiadh sin chuaigh mé féin go Coláiste Muire san áit céanna agus an leabhar nóta luachmhar céanna i mo mhála.