An HSE le seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil ‘chomh luath agus is féidir’ do thuismitheoirí atá ag ordú tástálacha antaigine

Cuireadh tús le clár na dtástálacha antaigine do dhaltaí bunscoile inné ach is i mBéarla amháin a bhí an líne chabhrach agus an fhoirm ar líne a chruthaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

An HSE le seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil ‘chomh luath agus is féidir’ do thuismitheoirí atá ag ordú tástálacha antaigine

Tá ráite ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil obair ar siúl faoi láthair chun rogha a thabhairt do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí tástálacha antaigine a ordú dá bpáistí trí Ghaeilge.

Dúirt urlabhraí ón bhFeidhmeannacht go raibh súil acu go mbeadh rogha na Gaeilge ar fáil “chomh luath agus is féidir”.

Faoi am lóin inniu bhí 10,000 fearas tástála antaigine curtha amach ag an HSE.

Cuireadh tús le clár na dtástálacha antaigine do dhaltaí bunscoile inné ach léiríodh díomá agus míshástacht ar an gclár Tús Áite ar Raidió na Gaeltachta gur i mBéarla amháin a bhí an líne chabhrach agus an fhoirm ar líne a chruthaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte dóibh siúd a bhí ag iarraidh tástálacha.

Thug urlabhraí ón bhFeidhmeannacht le fios doTuairisc.ie tráthnóna go raibh obair ar bun chun rogha i nGaeilge a chur ar fáil.

“Tá FSS ag obair leis an tríú páirtí atá i bhfeighil tástálacha antaigine a dháileadh ar bhunscoileanna chun rogha a thabhairt do dhaoine ar mian leo na tástálacha a ordú trí Ghaeilge.”

Is i mBéarla amháin atá an líne chabhrach faoi láthair agus i mBéarla amháin freisin atá an 16 ceist bhunúsacha atá mar chuid den fhoirm ar líne.

Tá na tástálacha antaigine á gcur ar fáil saor in aisce do dhaltaí bunscoile atá mar chuid de phod seomra ranga ina bhfuil cás Covid-19 deimhnithe.

Agus é ag labhairt ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné, dúirt Cathaoirleach COGG Dónall Ó hAiniféin gur “teip iomlán” a bhí i gceist le cur chuige an HSE i leith phobal na Gaeilge sa chás seo agus gur léir nach raibh an eagraíocht ag foghlaim ó na fadhbanna uile a bhain le seirbhísí a chur i fáil i nGaeilge le linn na paindéime.

Bhí conspóid ann i rith an tsamhraidh nuair a theip ar FSS an tairseach vacsaíní a chur ar fáil i nGaeilge. Cuireadh an líne chabhrach ar fáil i nGaeilge faoi dheireadh ach níl an tairseach ar líne ar fáil go hiomlán trí Ghaeilge go fóill.

Fág freagra ar 'An HSE le seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil ‘chomh luath agus is féidir’ do thuismitheoirí atá ag ordú tástálacha antaigine'

  • Antóin

    ‘Sí an Ghaeilge an chloch nach bhfuil agus nach mbeidh ar phaidrín FSS. Iontach liom nach dtuigeann daoine sin go fóill.

    Ach idir an dá linn, ordóidh Gaeilgeoirí tástálacha antaigine as Béarla agus leanfaidh an saol ar aghaidh.