Tá an ghéarchéim thithíochta sa nGaeltacht le plé laistigh agus lasmuigh de Theach Laighean inniu chun aird an rialtais a dhíriú ar an bhfadhb.
Tá agóid lasmuigh de gheataí Theach Laighean ar Shráid Chill Dara eagraithe ag an ngrúpa feachtais Tinteán tráthnóna agus ionadaithe ó Bánú, CATU [Cumann Gníomhaíochta Pobail Tionóntaí] agus grúpaí eile le bheith i láthair. Táthar ag éileamh ar an Aire Tithíochta James Browne “gníomhú láithreach ar an ngéarchéim thithíochta agus teangan sa Ghaeltacht”.
Tá an t-ábhar le plé sa Dáil níos deireanaí sa lá agus rún curtha chun cinn ag Sinn Féin ina n-éilítear Ráiteas Pleanála Náisiúnta “láidir” don Ghaeltacht a chur i bhfeidhm láithreach, scéim deontais don tithíocht Ghaeltachta a thabhairt ar ais agus spriocanna uaillmhianacha a leagan síos don soláthar tithíochta i ngach limistéar pleanála teanga Gaeltachta, i measc éileamh eile.
“Tá scéal i ndiaidh scéil cloiste againn nach bhfuil daoine óga, teaghlaigh óga agus cainteoirí dúchais Gaeilge in ann teach a cheannach ná a fháil ar cíos ina gceantar féin.
“Ag an am céanna, tá líon mór tithe á n-úsáid le haghaidh cóiríocht turasóireachta gearrthéarmaí, agus gan aon soláthar ar fáil do mhuintir na háite. Tá sé seo ag folmhú chroílár na Gaeltachta,” a dúirt an Teachta Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin.
Dúirt an Teachta Dála Conor McGuinness, urlabhraí Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta Shinn Féin, go raibh tionchar díreach ag an easpa tithíochta sa nGaeltacht ar laghdú líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge inti.
“Ní féidir linn labhairt faoi athbheochan na Gaeilge agus ag an am céanna, cead a thabhairt do pholasaithe tithíochta an Rialtais pobal na Gaeltachta a scaipeadh fud fad an domhain,” a dúirt sé.
Tá cáineadh déanta sa rún ar theip Fhianna Fáil agus Fhine Gael na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht, a gealladh ar dtús in 2021, a fhoilsiú.
Tá cur síos sa rún chomh maith ar na deacrachtaí a chruthaíonn tithe saoire agus tithe a ligtear ar cíos ar bhonn gearrthéarmach do dhaoine áitiúla atá ag iarraidh cónaí ina gceantar dúchais.
De réir eolas a bhailigh an grúpa Inside Airbnb do Chonradh na Gaeilge agus CATU, tá smacht ag cúig thiarna talún ar 217 réadmhaoin Gaeltachta atá liostáilte ar Airbnb, agus tá 53 réadmhaoin liostáilte ag an tiarna talún is mó acu, comhlacht atá lonnaithe sa mBreatain.
Reáchtálfar vóta ar rún Shinn Féin oíche Dé Céadaoin.
Tá ceiliúradh le déanamh ar Sheachtain na Gaeilge sa Dáil tráthnóna inniu agus é i gceist ag Teachtaí ón rialtas agus ón bhfreasúra labhairt faoin teanga.
Níor labhair ceannaire aon pháirtí seachas Peadar Tóibín, ceannaire Aontú, le linn na díospóireachta bliantúla in 2025. Cuireadh stop leis an díospóireacht ar feadh tréimhse anuraidh mar nach raibh dóthain Teachtaí Dála i láthair.
Fág freagra ar 'An ghéarchéim thithíochta sa nGaeltacht le plé sa Dáil agus agóid beartaithe taobh amuigh'