An Ghaeltacht ‘fágtha ar lár’ ag an Rialtas i mBuiséad 2023

Chuir TG4 agus Conradh na Gaeilge fáilte roimh Bhuiséad 2023, ach deir an Teachta Aengus Ó Snodaigh gur léir nach dtuigeann an Rialtas go bhfuil ‘géarchéim teanga’ ann

An Ghaeltacht ‘fágtha ar lár’ ag an Rialtas i mBuiséad 2023

Deir Sinn Féin go bhfuil an Ghaeltacht “fágtha ar lár” arís i mBuiséad 2023 agus cáineadh déanta ag an bpáirtí ar an easpa sonraí a bhain le fógra an Rialtais inné.

Fógraíodh €8.5 milliún breise do bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta don bhliain seo chugainn – ardú 10% – ach deir Aengus Ó Snodaigh TD, urlabhraí Gaeilge Shin Féin, nár léir go bhfuil an Rialtas “dáiríre” i leith na teanga agus na Gaeltachta.

Tá buiséad na Gaeltachta sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta agus Meán ardaithe ó €85.6 milliún i mbliana go dtí €94.2 milliún in 2023, ach deir Ó Snodaigh go bhfuil tuilleadh ag teastáil chun dul i ngleic leis na fadhbanna atá ag cur as do phobal na Gaeilge i láthair na huaire.

“Is mór an t-údar díomá nach bhfuil ach timpeall €8.5 milliún á chur ar leataobh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ag an rialtas sa Cháinaisnéis seo. Is léir go bhfuil an Ghaeltacht fágtha ar lár arís in ainneoin na géarchéime teanga atá aitheanta go forleathan ach amháin, is cosúil, ag an rialtas seo,” arsa Ó Snodaigh.

Mhol Sinn Féin ina mbuiséad malartach go gcaithfí beagnach a dhá oiread sin – €15.7 milliún – ar an gclár maoinithe Gaeltachta.

Pacáiste €11 billiún fógartha i mBuiséad ‘costas maireachtála’

“Mar chuid den bheartas seo bhí sé i gceist againn Scéim Labhairt na Gaeilge a athbhunú faoi dheireadh, rud atá ag teastáil go géar chun teaghlaigh a mhealladh ar ais chun páistí a thógáil le Gaeilge, agus chun borradh mór a chur faoin bpleanáil teanga fud fad na tíre agus sa Ghaeltacht go háirithe.”

Thug Aire na Gaeltachta Catherine Martin le fios inné gur €1 milliún sa bhreis atá le cur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus don Fhoras Teanga an bhliain seo chugainn, ardú i bhfad ró-íseal dar le Ó Snodaigh.

“Tá sé maslach amach is amach nach bhfuil ach milliúin le roinnt ag Údarás na Gaeltachta agus an bhForas Teanga, an dá príomheagras maoinithe don Ghaeltacht agus don Ghaeilge. Beidh roinnt de seo á roinnt ar an Ghníomhaireacht Ultaise fiú, rud a chiallaíonn nach mbeidh fiú an maoiniú breise sin féin ann le roinnt idir an tÚdarás agus Foras na Gaeilge.

“D’aimsigh Sinn Féin €3.5 milliún i maoiniú caipitil don Údarás, rud a chuirfeadh go mór le dul chun cinn agus forbairt na Gaeltachta, anuas ar €1.67 milliún dá gcuid gnáthchostais, gan trácht ar an phleanáil teanga – sin os cionn €5 milliún ar an iomlán a theastaigh ón Údarás, dar linn.

“€2 milliún anuas air sin arís a bhí á lorg againn don phleanáil teanga sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, agus €2 milliún breise eile d’Fhoras na Gaeilge amháin.”

Cé gur fógraíodh ardú €8.5 milliún do bhuiséad na Gaeilge sa Bhuiséad inné, ní fios go fóill cá bhfuil an t-airgead sin uile ag dul. Caithfear €2.25 milliún ar scéimeanna Gaeilge, ar phlean digiteach don Ghaeilge agus ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga nua agus €1.25 milliún eile ar Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus scoláireachtaí Gaeltachta do dhaltaí i scoileanna DEIS.

Deir Roinn na Gaeltachta go bhfógrófar na sonraí go léir faoi bhuiséad na bliana seo chugainn ag preasócáid a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath maidin inniu ach cháin Ó Snodaigh an easpa eolais a cuireadh ar fáil lá an Bhuiséid.

“B’ait linn cé chomh doiléir is atá na figiúirí atá foilsithe go dtí seo. In ainneoin gur fógraíodh €8.5 milliúin sa Cháinaisnéis, bhí orainn fanacht go dtí gur cuireadh pictiúir ar Twitter chun briseadh síos a fháil, agus fiú ansin níl briseadh síos déanta ach ar €4.5 milliún dó sin. Cá bhfuil an t-airgead eile ag dul? Tá soiléiriú agus trédhearcacht ag teastáil.”

Ardú 10% fógartha ar bhuiséad na Gaeilge do 2023, €7.3 milliún breise do TG4

Chuir Sinn Féin fáilte roimh an maoiniú €7.3 milliún breise atá le bronnadh ar TG4 agus roimh an scéal go bhfuil airgead breise le cur ar fáil chun an reachtaíocht teanga nua a chur i bhfeidhm.

“Tá súil againn go gcuimseoidh sé seo ardú maoinithe don Choimisinéir Teanga, ar nós an 50% d’ardú atá molta againn dá Oifig.”

Meastar go mbainfear úsáid as an maoiniú breise a gheobhaidh TG4 chun an cainéal nua atá beartaithe do dhaoine óga, Cúla4, a bhunú. Tá sé i gceist chomh maith ag an stáisiún tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i gcúrsaí nuachta agus neamhspleáchas eagarthóireachta a bhaint amach ó RTÉ.

Chuir Ardstiúrthóir an stáisiúin, Alan Esslemont, fáilte roimh an maoiniú breise.

“Léiríonn an t-ardú suntasach seo i mBuiséad TG4 muinín an Rialtais as bainistíocht agus as foireann TG4 agus as an earnáil neamhspleách chruthaitheach a chuireann ábhar den scoth ar fáil do lucht féachana na hÉireann.

“Tá tionchar mór ag na meáin ar theangacha mionlaigh ar fud an domhain mar go mbronnann siad stádas ar na teangacha sin. Is í fís straitéiseach TG4 ná teacht ar acmhainní atá ar comhchéim le acmhainní S4C sa Bhreatain Bheag agus EITB i dTír na mBascach.  Leanfar anois leis an obair chun an sprioc sin a bhaint amach.”

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an €8.5 milliún breise a fógraíodh do chiste na Gaeilge agus agus na Gaeltachta agus an €7.3m sa bhreis do TG4.

Tá an eagraíocht ag súil le briseadh síos níos mine a fháil inniu ar an maoiniú don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. “Tá an méid airgid atá deimhnithe go dtí seo, áfach, níos lú ná an €23 milliún a lorg an eagraíocht agus feictear dúinn go bhfuil roinnt deiseanna caillte agus go mbeidh roinnt bearnaí ann in 2023 dá bharr,” a dúirt urlabhraí ón eagraíocht teanga.

Fág freagra ar 'An Ghaeltacht ‘fágtha ar lár’ ag an Rialtas i mBuiséad 2023'

  • Dónall

    Go deimhin níl! Conas gur dhearmad sibh An Polasaí don Oideachas Gaeltachta? An Phleanáil Teanga! Scéim na gCúntóirí Teanga. GTEIC & rl.
    Níl na Gaeltachtaí fágtha ar lár. Cé a scríobhann an stuif seo?