An Ghaeilge lárnach i mbailiúchán d’irisí chimí na Ceise Fada

Thug Paddy McMenamin, a bhí ina chime sa Tuaisceart i lár na 1970idí, an t-ábhar a chuir na príosúnaithe le chéile sa Cheis Fhada ar láimh d’Ollscoil na Gaillimhe. Chuaigh Tuairisc ann chun féachaint ar an mbailiúchán

An Ghaeilge lárnach i mbailiúchán d’irisí chimí na Ceise Fada

An tOllamh Breandán Mac Suibhne

Tá ábhar Gaeilge a léiríonn an fonn a bhí ar chimí poblachtánacha “oideachas a chur orthu féin” faoi stair agus cultúr na hÉireann i measc na gcáipéisí i mbailiúchán Paddy McMenamin, a bronnadh ar Ollscoil na Gaillimhe le deireanas.

Thug McMenamin, a bhí ina chime sa Tuaisceart i lár na 1970idí, an t-ábhar a chuir na príosúnaithe le chéile sa Cheis Fhada ar láimh don ollscoil le go mbeadh an t-aos acadúil in ann staidéar ar an tréimhse corraitheach i stair na hÉireann.

Dúirt an tOllamh Breandán Mac Suibhne le Tuairisc go bhfuil sé “soiléir” ó na cáipéisí atá sa bhailiúchán go raibh fonn mór ar na cimí iad féin a oiliúint i stair agus cultúr na tíre agus go raibh siad ag iarraidh “feabhas a chur orthu féin” agus iad i ngéibheann.

“Chífidh tú anseo forbairt pholaitiúil na bpríosúnaithe, chífidh tú fosta an dóigh a raibh siad ag iarraidh oideachas a chur orthu féin. Tá sé soiléir go raibh siad ag léamh go forleathan, bhí siad ag léamh i gcúrsaí staire, bhí siad ag léamh i gcúrsaí polaitíochta agus tá rian de sin sna hirisleabhair a chuir siad le chéile istigh sa phríosún,” a dúirt Mac Suibhne.

Dúirt sé go bhfuil innéacsú déanta ag foireann Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe ar an ábhar agus go bhfuil mic léinn agus scoláirí tosaithe ag déanamh staidéir ar an ábhar.

“Tá ábhar leith anseo in Ollscoil na Gaillimhe a bhfuil baint ar leith aige le ré iontach conspóideach i stair na tíre. Tá daoine ag toiseacht ag déanamh staidéir anois air agus tá muid ag súil anois go mbeidh mic léinn agus scoláirí ag baint úsáide as. Tá sé ar fáil ar líne agus beidh daoine ar fud an domhain ábalta leas a bhaint as an ábhar seo agus tuigse níos fearr a fháil ar an saol a bhí sna príosúin ó thuaidh i lár na 197oidí,” a dúirt Mac Suibhne.

Is leathan an t-ábhar Gaeilge atá sa bhailiúchán – idir aistí staire agus polaitíochta, aistriúchain ar cháipéisí stairiúla na hÉireann, filíocht, agus amhráin. Tá leagan Gaeilge d’Fhorógra na Cásca ann agus leaganacha Gaeilge d’amhráin nach gcloistear an oiread sin i nGaeilge ar na saolta seo: ‘Leanaigí Siar Go Ceatharlach’ (Follow Me Up to Carlow) agus ‘Bás an Chroppy (The Croppy Boy).

Chomh maith leis an ábhar cultúrtha sin, tá réamanna de nótaí ó cheachtanna agus ranganna Gaeilge a bhí ag na cimí agus iad sa phríosún – idir nathanna cainte, rialacha gramadaí, agus liostaí focal a bhaineann leis an saol i ngéibheann.

Dúirt Mac Suibhne go raibh sé ina chuspóir “riamh” ag príosúnaithe polaitiúla in Éirinn an Ghaeilge a fhoghlaim mar chuid den oiliúint a bhí siad ag cur orthu féin faoi chúrsaí staire agus cultúir agus nach aon iontas é dá bharr go bhfuil a leithéid d’ábhar i mbailiúchán McMenamin.

“Bhí sé suimiúil an dóigh a bhí na príosúnaigh ag iarraidh feabhas a chur orthu féin. Bhí sé riamh ina chuspóir ag príosúnaigh phoblachtacha thuaidh agus theas oideachas a chur orthu féin agus eolas níos fearr a fháil ar stair agus ar chultúr na hÉireann. Dá bhrí sin, thuaidh agus theas, rinne príosúnaigh phoblachtacha iarracht an Ghaeilge a fhoghlaim,” a dúirt sé.

Teidil Ghaeilge a thug na cimí ar a gcuid irisleabhar – Misneach, An Síoladóir, Faoi Ghlas, agus An Fuascailteoir, mar shampla. Ba iad na príosúnaigh a rinne an uile ní a bhain le cur i gcló na hirisí seo – an scríbhneoireacht, an eagarthóireacht, an obair ealaíne, agus an dearadh. Smuigleáladh na hirisí amach as an gCeis Fhada de réir a chéile agus choinnigh McMenamin i dtaisce iad.

Tá grianghraf agus dialanna san áireamh sa bhailiúchán freisin, a thugann “spléachadh dúinn ar an saol laethúiul sa champa géibhinn i gcomhthéacs an oideachais, na díospóireachta, agus gnáthchúrsaí an lae”.

Bhain McMenamin céim amach sa Bhéarla agus sa Stair in Ollscoil na Gaillimhe nuair a scaoileadh amach as an gCeis Fhada é. Dúirt sé gur “pribhléid” é go bhfuil a bhailiúchán anois á chaomhnú ag Ollscoil na Gaillimhe.

“Mar chéimí le Béarla agus Stair de chuid Ollscoil na Gaillimhe, tugann sé pléisiúr dom an bailiúchán seo de pháipéir bhunaidh ó Chaighin na Ceise Fada a bhronnadh ar Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe mar phríomhfhoinse do mhic léinn a bheidh i mbun staidéir agus taighde ar stair na hÉireann san fhichiú haois. Is pribhléid dom a fheiceáil go mbeidh na hirisí caomhnaithe go sábháilte laistigh den ollscoil,” a dúirt sé.

Tá bailiúchán suntasach ag Ollscoil na Gaillimhe cheana féin i ndáil le polaitíocht agus cultúr Thuaisceart Éireann i rith na tréimhse seo,  ó bhlianta na Gluaiseachta Ceart Sibhialta go dtí Comhaontú Aoine an Chéasta. San áireamh leis an mbailiúchán tá cartlann an ghníomhaí ar son na síochána, Brendan Duddy, an scoláire agus abhcóide Kevin Boyle agus na státseirbhíseach Maurice Hayes.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge lárnach i mbailiúchán d’irisí chimí na Ceise Fada'