AN GHAEILGE SAN AE: ‘Bíonn siúlach scéalach…’

Tá cuid mhór á foghlaim agam sa Bhruiséil a rachaidh chun tairbhe dom sa bhaile agus i gcéin

AN GHAEILGE SAN AE: ‘Bíonn siúlach scéalach…’

Chaith an deirfiúr is sine agam, Shirley, seal ag obair sa Choimisiún Eorpach. Is maith is cuimhin liom í ag spalpadh Fraincise ar an nguthán sa bhaile nuair a d’fhilleadh sí abhaile. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm agus timpeall deich mbliana agam. Binneas na teanga, dath na gréine ar a haghaidh agus na cairde a bhí aici ó thíortha i gcéin! Táimse ag obair sna hinstitiúidí Eorpacha anois agus tá cuid mhór á foghlaim agam a rachaidh chun tairbhe dom sa bhaile agus i gcéin.

Ba í Shirley a spreag mé le tréimhse oiliúna san aistriúchán a chaitheamh sna hinstitiúidí. Níl céim sa Ghaeilge de dhíth ar dhuine le cur isteach ar thréimhse oiliúna, is leor céim in ábhar ar bith. I rith na tréimhse sin fuair mé an-taithí ar an aistriúchán ach ní hamháin sin, chuir mé aithne ar na hoiliúnaithe san aistriúchán ó na ballstáit eile. Ba mhinic a d’ullmhaímis dinnéar dá chéile agus b’iontach an léargas a fuair mé uathu ar bhéasa agus bealaí tíortha eile. Ina theannta sin, ba iad a thug ugach dom cur isteach ar phoist leis na hinstitiúidí i ndiaidh na tréimhse sin. Níor chaill siadsan misneach nuair nár éirigh leo post a fháil ar an gcéad iarracht agus lean mise a sampla!

Níorbh fhada go raibh mé ag aistriú liom mar ghníomhaire sealadach le coinníollacha oibre den scoth i bParlaimint na hEorpa i Lucsamburg agus i gComhairle an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil ina dhiaidh sin. Fad a bhí mé ag cur fúm i Lucsamburg chuaigh mé isteach i gclub rince agus ba mhinic a théimis ag damhsa i gceantair éagsúla. Chuir mé aithne ar dhaoine ón iliomad cúlraí agus tíortha ar an dóigh sin agus is fearr an tuiscint atá agam ar chultúir eile de bharr an rince.

Nuair a d’éirigh liom post buan a fháil mar aistritheoir sa Choimisiún Eorpach, thosaigh mé ag déanamh obair dheonach leis an Croix-Rouge (an Chros Dhearg) agus mar chuid den obair sin, bíonn seal á chaitheamh agam le daoine atá ábhairín uaigneach. Is daoine scothaosta iad den chuid is mó agus is minic nach bhfágtar focal agam tar éis éisteacht leis na scéalta spreagúla a bhíonn acu. Tá cuid mhór á foghlaim agam faoin dearcadh atá ag daoine eile tríd an ról atá agam mar oibrí deonach agus is mór agam sin.

Mar fhocal scoir, ní fheadar an bhfanfaidh mé i bhfad sa Choimisiún, an bhfillfidh mé abhaile tar éis tamaill mar a rinne Shirley nó an rachaidh mé níos faide ón mbaile, ach cibé áit a mbeidh mé is cinnte go mbainfidh mé tairbhe as an taithí atá á fáil agam trí bheith ag obair sna hinstitiúidí. Agus idir na daoine fáilteacha, an aimsir bhreá, na deiseanna iontacha agus an post taitneamhach, níl aon deifir orm an Bhruiséil a fhágáil.

Fág freagra ar 'AN GHAEILGE SAN AE: ‘Bíonn siúlach scéalach…’'