An file Derry O’Sullivan imithe ar shlí na fírinne

Ba as Beanntraí i gCorcaigh don Súilleabhánach ó dhúchas ach bhí cónaí air i bPáras le breis is leathchéad bliain

An file Derry O’Sullivan imithe ar shlí na fírinne

Tá an file Gaeilge Derry O’Sullivan tar éis bháis i bPáras na Fraince. Bhí sé 81 bliain d’aois.

Ba as Beanntraí i gCorcaigh don Súilleabhánach ó dhúchas ach bhí cónaí air i bPáras le breis is leathchéad bliain.

Ba é Cá bhfuil do Iúdás?, a foilsíodh in 1987, an chéad bhailiúchán dánta aige. Bhuaigh an bailiúchán ceithre dhuais Oireachtais agus Duais Chuimhneacháin Sheáin Uí Ríordáin.

Ba iad Cá bhfuil Tiarna Talún l’Univers? (1994), An Lá go dTáinig Siad (2005), agus An bhfuil cead agam dul amach, más é do thoil é? (2009) na leabhair filíochta Gaeilge eile a tháinig óna pheann.

Cé nár tógadh O’Sullivan le Gaeilge, bhí grá aige don teanga agus ba é an file Seán Ó Tuama a spreag é chun tabhairt faoin bhfilíocht i nGaeilge nuair a bhí sé ar an ollscoil i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

Chuaigh O’Sullivan leis an tsagartacht ina dhiaidh sin agus cuireadh go Páras é i 1969. D’fhág sé na sagairt go luath ina dhiaidh sin ach d’fhan sé i bPáras agus mhúin sé Béarla sa Sorbonne, san Institut Catholique de Paris agus san Institut Supérieur d’Electronique de Paris

Aistríodh dánta leis go Béarla agus go Fraincis. Ghnóthaigh aistriúchán Béarla a rinne an Dr Kaarina Hollo ar an dán ‘Marbhghin 1943: Glaoch ar Liombó’ an Stephen Spender Prize in 2012. Bhí an dán aistrithe ag Michael Davitt roimhe sin.

Scríobh O’Sullivan dánta i bhFraincis chomh maith agus foilsíodh bailiúchán leis, En Mal de Fleurs, in 1988. Ba é O’Sullivan ba thúisce a d’aistrigh ‘An Chailleach Béara’ go Fraincis, in éineacht le Jean-Yves Bériou and Martine Joulia.

Bhásaigh a bhean chéile Jean roimhe agus maireann mac leis, Dekin, agus beirt iníonacha, Isolde agus Derval.

Fág freagra ar 'An file Derry O’Sullivan imithe ar shlí na fírinne'