‘The most swinish word’ – an é ‘Breatimeacht’ an focal is gránna a cumadh riamh sa Ghaeilge?

Tá Breatimeacht anois san iomaíocht don fhocal ‘most swinish’ riamh sa Ghaeilge

‘The most swinish word’ – an é ‘Breatimeacht’ an focal is gránna a cumadh riamh sa Ghaeilge?

An fada uainn faoiseamh – an Breatimeacht atá i gceist agam? Ná bíodh eagla ort; níl mise le cur leis an histéire. Tá mise, mar a bheadh Gael Maith Traidisiúnta ann, le neamhiontas ar fad a dhéanamh de chúrsaí polaitíochta agus a n-impleachtaí agus mo ghearán a dhéanamh faoin fhocal féin – Breatimeacht.

Goilleann an focal orm. Bí ag caint ar dhroch-chaint. Sea, sea agus sea, caithfidh an teanga cos a choinneáil leis an tsaol mhór agus caithfidh muid focail nua a chumadh agus a úsáid le ligean orainn féin go bhfuil tairbhe leis an teanga chomhaimseartha. Mura ndéanfá, ní bheadh d’fhocail againn ach na cinn a d’fhoghlaim muid as First Steps in Irish.

Ach Breatimeacht? Ní thiocfadh linn focal ní b’fhearr a chumadh? Cad chuige ar shásaigh muid muid féin leis an aistriúchán lom? Cuireann sé i gcuimhne dom an méid a bhí le rá ag Seosamh Mac Grianna faoin fhocal ‘An Gúm’:

‘The civil servants – or was it the typewriters? – discovered the word Gúm – phonetically the most swinish word that could be grunted into human ears.’

Tá Breatimeacht anois san iomaíocht don fhocal ‘most swinish’ riamh. Sea, is ait mar a thugann an foghlaimeoir fuath d’fhocal amháin thar focal eile. Níl rud ar bith réasúnta faoin ghráin atá i mo chroí don fhocal Breatimeacht. Bligeard d’fhocal atá ann nó bligeardfhocal le leagan amach Breatimeacht a leanúint.

Ní fear mór gramadaí mé féin ach is maith liom cloí leis na rialacha atá ar eolas agam. Caol le caol, leathan le leathan. Sea, sáraítear rialacha anois agus arís ach an gá dúinn iad a shárú as ár stuaim féin? Nach bhféadfaí ‘Breatfhágáil’ a thabhairt ar an rud, riail bheag shimplí amháin a choinneáil slán go ceann tamaill bhig eile? Samhlaigh fosta na cinnlínte – ‘Fágálaigh i mbun na Breatfhágála’. nó ‘An Bhreatfhágáil ina haggle’ má tá tú ag iarraidh freastal a dhéanamh ar lucht an chúpla focal.

Filíocht, a chomrádaí, filíocht.

Ach ní hea. Tháinig focal anuas ó neamh a loiteann ciall agus céadfaí, croí agus cloigeann.

Bhí mé féin ag smaoineamh ar ‘Britimeacht’ a thabhairt ar an phróiseas ar fad ach go raibh ealga orm go gcuirfí i mo leith gur bhain mé leis na Sealadaigh agus, mar a fuair Mary Lou amach ar na mallaibh i Nua-Eabhrac, caithfidh tú bheith cúramach agus tú ag iarraidh ar dhaoine imeacht as tír.

De réir mar a dhéanaim mo mhachnamh ar an scéal, is amhlaidh is mó a éirím imníoch. An leanfar den nós ghránna seo, do bharúil? An gceanglófar ‘imeacht’ le gach aon raic pholaitiúil agus chultúrtha as seo amach, ar nós mar a dhéanann lucht an Bhéarla le ‘gate’: Watergate, Fergiegate, Trumpgate…?

Agus ceist na teanga os comhair an phobail arís, an fada uainn Teistimeacht, Scoilimeacht, Ábharimeacht, Rangimeacht, Reachtimeacht, Gaelimeacht, Teangimeacht, Ciallimeacht, Síneadhfada-imeacht. Agus má scaoileann tú buama bréan tóna an ‘Broimimeacht’ a bheas air sin feasta?

Nó an bhfuil an cath caillte agus arbh fhearr glacadh leis an téarma agus géilleadh don mhodh nua cainte, ár síocháin a dhéanamh leis an Bhéarla-Ghaeilge?

Is mé atá garbh i mo thuairimí fosta. An féidir liom ‘caora-imeacht’ a thabhairt ar scor na Dála nó an mbeadh sin rómhaslach – ag caoirigh? Tá ‘Breast ort’ sa chaint go traidisiúnta ach an mbeidh orainn ‘Breastimeacht ort’ a thabhairt air sin feasta agus ‘Scriosimeacht ort’ in áit ‘Scrios ort’ agus ‘Facafimeacht ort’ in áit ‘Facaf’ amháin?

Agus oícheanta sa phub? An fada uainn an tubaiste is measa den iomlán, an ‘braonimeacht’, an bomaite léanmhar sin nuair a thuigeann tú go bhfuil do ghloine folamh agus go bhfuil do chomrádaí cléibh tar éis Bráthairimeacht gan a Bhabhta-imeacht a cheannach? Bastardimeacht air, a deirim.

Arú, is fuath liom an focal sin, Breatimeacht. Is mé a bheas sásta nuair a bheas sé Breatimithe.

– Foilsíodh leagan den alt seo ar an iris Comhar cheana féin. Is féidir síntiús a fháil do Comhar anseo

Fág freagra ar '‘The most swinish word’ – an é ‘Breatimeacht’ an focal is gránna a cumadh riamh sa Ghaeilge?'

  • An t-aon léitheoir sa teach ar an lá breá seo

    Alright mar sin, cuirfidh mé Pól Ó Muirí le liosta gearr na scríbhneoirí a bhfuil mé sásta ailt dá gcuid a léamh toisc splanc éigin a bheith sa tuairimíocht acu.

  • Anna nic Ithnid

    Bhí ‘Bréalú’ in úsáid go forleathan sular cumadh an focal Breatimeacht. Nfheadar an bhfuil Bréalú cruinn ach d’fhuaimigh sé i bhfad níos fearr agus bhí sé in úsáid go nádúrtha thar a bheidh cumtha in oifig!

  • Caoimhe Ní Mhaolaí

    Thaitin “sasamach” go mór liom, cé nar luaigh sé an Albain ná na 6 contae (é sin ráite an chór go mbeadh orthu imeacht- argóint do lá eile..)