An DUP agus a mbaghcat bliain go leith

Más féidir talamh slán a dhéanamh de rud ar bith maidir leis na Caomhaigh is cosúil go bhfuil rialtas Sunak tiomanta do chreat Windsor

An DUP agus a mbaghcat bliain go leith

Tá na hargóintí i bhfabhar Stormont a athnuachan á gcarnadh chomh hard le tinte cnámh oíche chinn an dara lá déag. Tá bliain go leith caite ó chuir an DUP tús leis an mbaghcat ar Stormont mar agóid in aghaidh an phrótacail iar-Bhreatimeachta. Cén chaoi a bhfuil ag éirí leis an teaictic sin? Deir ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson go bhfuil a dhícheall á dhéanamh aige chun roinnt na cumhachta a athnuachan ar bhonn seasmhach ach cé atá á bhreith leis aige?

Ag tinte cnámh oíche Dé Máirt seo caite agus paráidí na nOráisteach lá arna mhárach ní ‘maith thú Jeffrey tá dul chun cinn déanta agat agus coinnigh ort’ a bhí á rá le ceannaire an DUP. D’admhaigh roinnt gurbh fheabhas ar an bprótacal é creat Windsor a d’aontaigh Príomh-Aire na Breataine Rishi Sunak agus Uachtarán Choimisiún an Aontais Eorpaigh, Ursula Von der Leyen i mí Feabhra. Caithréim don DUP ab ea an creat, na leasuithe ar an bprótacal ach ní dhearna siad gaisce ná níor dhíol siad ar an dóigh sin é, iad diongbháilte nár leor é.

Cén t-iontas mar sin gurb iad an prótacal/creat Windsor agus an teorainn i Muir Éireann a bhí mar cheap fuatha ag na tinte cnámh, na gártha molta le clos nuair a chuaigh íomhánna díobh trí thine. Loisceadh chomh maith na scórtha d’íomhánna de bhratach na hÉireann, pictiúr den Taoiseach, samhail den chéad-aire tofa, Michelle O’Neill is í á crochadh agus cual de phóstaeir de pholaiteoirí eile ó Shinn Féin, SDLP agus Alliance.

I dteannta na namhad sin go léir bhí Comhaontú Aoine an Chéasta ar thine chnámh mar maíonn cuid de na daoine is fíochmhaire in aghaidh an phrótacail go bhfuil an Comhaontú marbh mura gcuirtear an prótacal ar ceal scun scan.

Ba léir go raibh Jeffrey Donaldson ag iarraidh freastal ar an dá thrá. Cháin sé as éadan loisceadh an phictiúir den Taoiseach, Leo Varadkar agus bratach na hÉireann. Níor chuid dhílis den chultúr aontachtach a leithéid, a dúirt sé go neamhbhalbh, is é ag achainí ar dhaoine gan íomhánna de dhaoine nach réitíonn siad leo a loisceadh. Ní raibh sé baileach chomh cáinteach faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta a dhó. Bhain an prótacal an bonn de chuid de phrionsabail an Chomhaontaithe, dar leis, agus níor mhór é sin a chur ina cheart sula bhféadfaí Stormont a athnuachan.

Bhí sé féin agus a chomhghleacaithe ar a ndícheall ag plé le rialtas na Breataine chun an aidhm sin a bhaint amach, ar sé.

Más féidir talamh slán a dhéanamh de rud ar bith maidir leis na Caomhaigh is cosúil go bhfuil rialtas Sunak tiomanta do chreat Windsor agus nach bhfuil rún ar bith aige é a athrú.

Cé na roghanna atá fágtha mar sin? Deir an DUP go dteastaíonn cosaint i reachtaíocht agus i gcleachtas uathu ar thrádáil idir Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain Mhór. Chomh maith leis sin teastaíonn cinnteacht uathu go gcosnófar an trádáil idir Tuaisceart Éireann agus an chuid eile den Ríocht Aontaithe má bhíonn difríochtaí idir dlíthe na Ríochta Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh amach anseo.

Bheadh reachtaíocht riachtanach chun na héilimh sin a shásamh, dlíthe a bhainfeadh leis an Ríocht Aontaithe amháin. Ní bheadh Sunak ná an Státrúnaí Gnóthaí Eachtracha, James Cleverly ag iarraidh a theacht salach ar chreat Windsor. Níl aon amharc faoi láthair ar mholadh, ní áirím bille chun an DUP a shásamh roimh shaoire samhraidh na Parlaiminte in Westminster a mhairfidh ón Déardaoin seo chugainn go dtí an 4 Meán Fómhair. Mar sin má táthar chun Stormont a athnuachan sa bhfómhar beifear ag brath ar rud éigin gan choinne sna laethanta beaga seo romhainn nó barántais nó dearbhú sóláis i rith na saoire.

An sásódh sé sin an freasúra don phrótacal? An bhfuil Jeffrey Donaldson ag ullmhú a lucht leanúna dá leithéid? Más fíor gur mhaith leis Stormont a athbhunú i gceann dhá mhí, nár mhór dó a bheith á n-ullmhú anois? Le déanaí chuir ceannaire na státseirbhíse in Stormont Jayne Brady in iúl don Státrúnaí Heaton Harris go raibh aon bhilliún punt de chiorruithe (£1000,000,000) aimsithe ag an tseirbhís mar a d’ordaigh sé ina bhuiséad ach nach raibh siad in ann a thuilleadh a dhéanamh. Is maith atá a fhios ag an bpobal go bhfuil ciorruithe déanta ach deir Brady gur gá £800,000,000 sa bhreis chun bearnaí ar nós riachtanais phá a chúngú.

Ba léir ó Jayne Brady go mbeadh sé ionann is dodhéanta ag Feidhmeannas nua déileáil leis an ngéarchéim airgeadais.

Tá sise agus na páirtithe ag teacht le chéile go rialta le tamall chun ceisteanna buiséid a phlé agus éileamh a dhéanamh go gcuirfeadh an Bhreatain maoiniú ar fáil. Dá ndéanfadh an Príomh-Aire rud orthu d’fhéadfadh an DUP a mhaíomh gurb iadsan go príomha, lena mbaghcat, a bhain amach é agus a chuirfeadh faoiseamh ar fáil do dhaoine atá beo bocht. Ar leor sin agus litreacha sóláis le go bhféadfadh an DUP filleadh ar Stormont?

Fág freagra ar 'An DUP agus a mbaghcat bliain go leith'