An dtiocfaidh borradh faoin Eurosceipteachas anseo sa ‘world’s major tax haven’?

Tugann an córas polaitiúil cosaint do pholaiteoirí ach cad mar gheall ar dhearcadh an té atá thíos, an duine sin nach n-óltar deoch air

An dtiocfaidh borradh faoin Eurosceipteachas anseo sa ‘world’s major tax haven’?

Ag Máiréad McGuinness curadhmhír an choimisinéara, mar sin. McGuinness agus Andrew McDowell, saineolaí ar chúrsaí baincéireachta, a bhí ainmnithe ag an Rialtas agus McGuinness, an polaiteoir, a fuair an ceann ab fhearr ar McDowell, an saineolaí, le cúram a dhéanamh de sheirbhísí airgeadais. Á, an íoróin Eorpach!

An gcreideann mórán daoine go raibh seans ag McDowell an chraobh a thabhairt leis? D’iarr uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, polaiteoir, d’iarr sí ar an Rialtas dhá ainm a chur faoina bráid le go gcuirfeadh sise faoi agallamh iad agus go ndéanfadh sise rogha de dhuine acu. Rinne na polaiteoirí abhus mar a iarradh orthu a dhéanamh. Aithníonn polaiteoir polaiteoir eile. Cá hiontas?

Dúirt von der Leyen go raibh “great qualifications and my full trust” ag McGuinness, polaiteoir atá ag treabhadh iomairí an Aontais Eorpaigh le fada an lá. Mhol an Taoiseach, Micheál Martin, í, á rá go raibh tábhacht leis an chúram nua a bhí uirthi. Bua mór do Martin féin a bhí ann, gan amhras, ceannaire Fhianna Fáil, bheith in ann ball de chuid Fhine Gael a chur chun tosaigh le post céimiúil san Eoraip a thógáil; agus gan iarrthóir fiúntach le fáil ina pháirtí féin. Chuige sin a bunaíodh Fianna Fáil. (Sea, sea, ar son na hÉireann a rinneadh an t-ainmniúchán.)

Déarfainn gur beag duine a chreid nach bhfaigheadh McGuinness an cúram ó tháinig tost ar stocaireacht Frances Fitzgerald agus ar shuirí Simon Coveney. Níor mhiste le polaiteoirí a n-ainmneacha a chur chun tosaigh i ndúil is go luafaí le post mór iad ach níl siad le dul chun tosaigh sa chás nach bhfaigheadh siad an post.

Thairis sin, mhol mórán tráchtairí sna meáin chumarsáide McGuinness as a cumas agus as a ceapachán. Tháinig “Ireland” slán agus bhí cúram lán chomh tábhachtach ar an Stát anois agus a bhí sular leag Phil agus a chomrádaithe cos ar fhaiche gailf, más fíor.

Bhuel, tá go maith; sin insint amháin ar an scéal. Ach b’fhéidir nár mhiste dúinn cluas le héisteacht a chur orainn féin agus glór eile ag scairteadh orainn as an díseart. Scríobh an Dochtúir Graham Gudgin, eacnamaí, alt, ‘Prepare for the Rise of Irish Euroscepticism’ ar The Spectator cúpla lá sular ceapadh McGuinness agus níor chuir sé fiacail ann agus é i mbun anailíse faoina raibh i ndán don Stát san Aontas amach anseo.

Ar seisean: “Welcome to the whacky world of Irish national economic accounts. The official figures for Ireland’s tax-haven economy are so bizarre that they have been dubbed ‘leprechaun economics’ by Nobel Prize winning American economist Paul Krugman. And now the distorted figures which are used to measure Ireland’s GDP could be coming back to bite Ireland in the form of contributions the country must make to Brussels. Could this lead to a rapid rise in Euroscepticism across the Irish Sea?”

Scríobhann sé go dtugann na figiúirí oifigiúla le fios go bhfuil an Phoblacht dhá oiread níos saibhre ná an Ríocht Aontaithe. “Travesty of reality” atá ansin, a deir sé nó tá an Stát deich faoin gcéad níos boichte ná an Ríocht Aontaithe: “The distortions are due to the vast amounts of profits of multi-national companies sloshing through Ireland but not earned or spent there. Ireland has one of the world’s lowest rates of profits tax and is generally regarded as the world’s major tax haven.”

(Léigh an líne dheireanach sin go cúramach, dála an scéil, “the world’s major tax haven” a scríobhann sé, ní “one of the world’s major tax havens.”)

Cuireann sé síos ar chás clúiteach Apple agus na €13 billiún i gcúrsaí cánach agus luann sé mar a chuirfear le cúrsaí cánach agus an brú ar chúrsaí airgid san Aontas go luath amach anseo agus an tionchar a bheidh aige sin ar íocaíochtaí an Stáit chun an Aontais.

Críochnaíonn sé an t-alt, á rá: “Irish political culture is more disciplined than in the UK and the main governing parties, the media and academia all tend to sing from the same hymn sheet with dissidents being marginalised. Although higher payments have received limited publicity in Ireland, suppressing this information is likely to become more difficult. The huge investment in European identity by the political classess in Ireland, now more enmeshed than ever with anglophobia, is more important than the odd billion euro payments to Brussels. But even so the tide of gratitude for EU largesse must now begin to flow the other way.”

An amhlaidh? An dtiocfaidh borradh faoi Eurosceipteachas sa Stát? Is doiligh sin a fheiceáil nó bheadh a leithéid ag brath ar ábhar Eurosceipteach a fheiceáil go rialta sna meáin chumarsáide. Is beag seans go dtarlóidh sé sin go luath.

Lena chois sin, tá deiseanna san Aontas go fóill don té atá eolach ar an chóras agus tá mórán polaiteoirí Éireannacha agus a lucht leanúna eolach ar an chóras agus fonn orthu an córas sin a chosaint. Ní ghlacfadh siad leis an lipéad gur “the world’s major tax haven” atá sa Stát – bíodh is nach mbíonn fonn orthu ceangal ródhian cánach a chur ar chomhlachtaí idirnáisiúnta.

Ach, don té atá thíos, don duine sin nach n-óltar deoch air, don té sin nach mbíonn istigh ar na postanna céimiúla, don té sin nach gcuirtear a ainm chun tosaigh in am ar bith, don té sin nach mbaineann sé dó, cad é mar atá an saol anois agus cad é mar a bheas an saol céanna sin i gcionn roinnt míonna eile?

Tugann an córas polaitiúil cosaint do pholaiteoirí. Ní hionann sin is a rá go dtugann sé dídean do dhaoine nach polaiteoirí iad.

Fág freagra ar 'An dtiocfaidh borradh faoin Eurosceipteachas anseo sa ‘world’s major tax haven’?'