Sháraigh Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath an dlí teanga trí huaire idir Deireadh Fómhair 2015 agus Meitheamh 2017 nuair a thug siad freagra i mBéarla ar chomhfhreagras i nGaeilge ón duine céanna.
De réir Thuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga a foilsíodh inniu, ghabh an Ollscoil leithscéal gach uair as an reachtaíocht teanga a shárú agus ghabh siad leithscéal arís nuair a chuir an Coimisinéir Teanga imscrúdú ar bun faoin ábhar.
Cé gur gheall an Ollscoil in 2015, tráth an chéad ghearáin, go gcuirfí córas i bhfeidhm ina Rannóg Acmhainní Daonna a chinnteodh go dtabharfaí freagra i nGaeilge feasta ar aon chomhfhreagras i nGaeilge, chinn an Coimisinéir Teanga in 2017 “nach raibh córas oiriúnach i bhfeidhm” go fóill chomh fada agus a bhain sé leis an rannóg sin.
Thug an Ollscoil le fios le linn an imscrúdaithe gur thréimhse eisceachtúil a bhí i gceist leis an tréimhse ina rabhthas in ainm is córas a fhorbairt a chinnteodh nach ndéanfaí an dlí teanga a shárú feasta.
Bhí próiseas ionchorpraithe maidir leis na hinstitiúidí oideachais eile a tugadh faoi scáth na hOllscoile ar bun ag an am agus dúradh go raibh an Rannóg Acmhainní “faoi bhrú ollmhór” dá réir sin.
Dúirt an Coimisinéir Teanga gur “furasta a shamhlú” go mbeadh “dúshláin mhóra” ag baint lena leithéid de chónascadh ach gur dualgas bunúsach é go bhfreagródh comhlacht poiblí, a thagann faoi scáth an Achta, comhfhreagras sa teanga oifigiúil ina bhfaightear é.
“Is ann don riachtanas le breis agus 14 bliana agus ba chóir go mbeadh sé buanaithe i gcleachtais oibre agus i gcultúr an chomhlachta phoiblí beag beann ar aon athrú a thagann ar chúinsí oibre na heagraíochta,” a deir an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ina Thuarascáil Bhliantúil atá le seoladh inniu i mBaile Átha Cliath.
Mar thoradh ar imscrúdú an Choimisinéara, mhol an Ollscoil go gcuirfí acmhainní agus oiliúint bhreise ar fáil d’fhoireann na Rannóige Acmhainní Daonna agus d’fhoireann na hOllscoile i gcoitinne maidir lena dualgas reachtúil i leith na teanga.
“Is fianaise é sin go bhfuil aird níos mó á tabhairt ar an dualgas,” a deir an Coimisinéir Teanga ina thuarascáil.
Sé mholadh atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga san imscrúdú, moltaí atá dírithe ar oiliúint foirne agus ar a chinntiú go bhfuil foireann na hOllscoile uile ar an eolas “faoin dualgas reachtúil teanga bunúsach seo”.
Fág freagra ar 'An dlí teanga maidir le comhfhreagras Gaeilge sáraithe faoi thrí ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath'