An Daingean ag iarraidh deireadh a chur le tréimhse cheannasaíochta na gCrócach agus ardú céime faoina lámh ag Cill na Martra

Tá cluichí móra ag dhá fhoireann Ghaeltachta i gCúige Mumhan tráthnóna. Imreoidh Daingean Uí Chúis i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Chiarraí agus rachaidh Cill na Martra chun páirce i gcluiche ceannais Chraobh Idirmheánach Chorcaí

An Daingean ag iarraidh deireadh a chur le tréimhse cheannasaíochta na gCrócach agus ardú céime faoina lámh ag Cill na Martra

Lá mór an lá inniu do dhá fhoireann Ghaeltachta i gcúige Mumhan atá ag imirt i gcluichí ceannais. Beidh Daingean Uí Chúis ag iarraidh Craobh Shinsir Peile Chiarraí a thabhairt leo den chéad uair le 70 bliain nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar na Crócaigh agus i gCorcaigh, beidh Cill na Martra ag iarraidh cluiche ceannais chraobh idirmheánach an chontae a bhuachan i gcoinne Achadh Bolg.

An Daingean ag iarraidh deireadh a chur le ceannas na gCrócach

Na Crócaigh v Daingean Uí Chúis – Páirc Aibhistín de Staic, 3.00pm

Beidh suim ar leith ag daoine i gcluiche ceannais sinsir Chiarraí i mbliana i ndiaidh a raibh de raic ag cluiche an Daingin in aghaidh Chiarraí Thoir an deireadh seachtaine seo caite. Cuireadh roghnóir de chuid an Daingin, Colm Geaney, ar fionraí ar feadh ocht seachtaine tar éis dó dorn a bhualadh ar imreoir de chuid Chiarraí Thoir. Pléadh an cás go láidir sna meáin náisiúnta agus níorbh é an t-ullmhú ab fhearr don Daingean.

Beidh na himreoirí anois dírithe ar an imirt ar an bpáirc, áfach, agus dúshlán ollmhór rompu agus iad ag iarraidh stop a chur leis na Crócaigh, atá ag iarraidh Craobh Shinsir Peile Chiarraí a bhuachan den tríú bliain as a chéile agus den seachtú huair ó 2010.

Chas na foirne seo ar a chéile i gcluiche leathcheannais 2016 agus seans go bhfuil aiféala fós féin ar fhir an Daingin faoin gcluiche sin. Ba iad ab fhearr ar feadh cuid mhaith den chluiche ach sheas taithí na gCrócach leo agus ba iad a thug an lá leo, 1-15 in aghaidh 0-15.

Tá níos mó taithí ag imreoirí óga an Daingin anois agus ról lárnach ar an bhfoireann ag buachaillí a bhí ar fhoirne buacacha Phobalscoil Chorca Dhuibhne le blianta beaga anuas, leithéidí Tom ‘Leo’ O’Sullivan, Tom O’Sullivan, Barry O’Sullivan agus Matthew Flaherty.

Is é Paul Geaney an máistir go fóill, áfach, agus tá scrios déanta ag an imreoir idirchontae seo sa chraobh go dtí seo. Seacht gcúl agus naoi bpointe atá aimsithe ag Geaney sna cúig chluiche atá imeartha aige i gcomórtas na bliana seo agus má tá seans ar bith le bheith ag an Daingean tráthnóna, beidh sárthaispeántas eile ag teastáil uaidh.

Teipthe ar éigean ar Chill na Martra roimhe seo ach an t-ardú céime faoina lámh acu

Dan Ó Duinnín (Cill na Martra). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Cill na Martra v Achadh Bolg – Páirc Uí Chaoimh, 1.00pm

Cé nach aon chraobh shinsir í, tá cluiche chomh tábhachtach céanna ag peileadóirí Chill na Martra tráthnóna agus iad ag iarraidh ardú céime a fháil as an gcraobh idirmheánach faoi dheireadh.

Chaill fir Mhúscraí sna cluichí leathcheannais in 2017, 2016 agus 2014 ach tá an babhta ceannais anois bainte amach acu agus gan eatarthu agus áit sa bpríomhghrád idirmheánach ach Achadh Bolg.

Tá an dul chun cinn atá déanta ag Cill na Martra le blianta beaga anuas le feiceáil go soiléir. Chomh maith le cluiche ceannais Chomórtas Peile na Gaeltachta a bhaint amach anuraidh, tá obair mhaith déanta acu faoi aois freisin. Thug siad leo Craobh Mhionúir ‘B’ Chorcaí in 2015 agus bhain siad amach cluiche ceannais Chraobh Faoi 21 ‘A’ an chontae anuraidh.

Is é Dan Ó Duinnín an t-imreoir is cumasaí atá faighte acu ó na foirne faoi aois sin agus iad ann a deir go bhfuil sé sách maith le háit a fháil ar an bhfoireann idirchontae. Trí chúl a d’aimsigh Ó Duinnín sa chluiche a bhuaigh Cill na Martra sa bhabhta ceathrú ceannais.

Ba é a dheartháir, Shane, a d’aimsigh na scóranna cinniúnacha sa chluiche leathcheannais i gcoinne Bhaile Mhistéala trí seachtaine ó shin ach buaileadh buille orthu sa chluiche sin nuair a cuireadh an fear lár páirce, Micheál Ó Deasúna den pháirc.

Fós féin, is iad fir na Gaeltachta rogha na coitiantachta don chluiche ceannais tráthnóna agus ardú céime mar spreagadh acu.

Fág freagra ar 'An Daingean ag iarraidh deireadh a chur le tréimhse cheannasaíochta na gCrócach agus ardú céime faoina lámh ag Cill na Martra'