An craoltóir aitheanta Páidí Ó Lionáird ag fágáil RTÉ

Tá Páidí Ó Lionáird, arb as Cúil Aodha i nGaeltacht Mhúscraí dó ó dhúchas, ag bogadh go dtí Oifig an Choimisinéara Teanga

An craoltóir aitheanta Páidí Ó Lionáird ag fágáil RTÉ

Tá an craoltóir aitheanta Páidí Ó Lionáird ag fágáil RTÉ chun dul ag obair mar Bhainisteoir Cumarsáide in Oifig an Choimisinéara Teanga.

Chaith Páidí Ó Lionáird, arb as Cúil Aodha i nGaeltacht Mhúscraí dó ó dhúchas dó, ocht mbliana ag obair le RTÉ.

Cé gur ag obair ‘ar chúl an stáitse’ mar eagarthóir nuachta a bhí Ó Lionáird le RTÉ is mar láithreoir teilifíse a bhain sé cáil amach an chéad lá agus é ina láithreoir ar leithéidí an chláir cúrsaí reatha, 7Lá, agus Ardán, seó cainte a bhíodh ar TG4. Cuireann sé Gradaim Cheoil TG4 i láthair agus bíonn sé le cloisteáil chomh maith ar an Tour de France ar an stáisiún céanna.

“Tá mé ag comhlíonadh ciorcail ó thaobh na Gaeilge de,” a dúirt Ó Lionáird le Tuairisc. “Thosaigh mé amach ag obair le hÓgras i gConradh na Gaeilge, ina dhiaidh sin bhí mé bainteach le cúrsaí Gaelscolaíochta agus ansin leis na meáin.”

“Nílim ag críochnú leis na meáin chumarsáide, ach tá mé ag dul i dtreo nua anois,” ar sé. “Tá ríméad orm go bhfuil an deis seo agam pé saineolas atá foghlamtha agam a roinnt le hOifig an Choimisinéara Teanga. Tá mé ag súil go mór le cúnamh a thabhairt pé slí ar féidir liom. Tá luí ar leith agam leis an obair fhónta atá ar bun ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill, ag Oifig an Choimisinéara Teanga, agus leis an obair a rinne an t-iarChoimisinéir Seán Ó Cuirreáin.”

Tá Ó Lionáird ag súil go mbeidh sé féin agus Oifig an Choimisinéara Teanga in ann comhlachtaí agus eagrais Stáit “a mhealladh chun an rud ceart a dhéanamh” ó thaobh cearta teanga.

“Ba mhaith liom dá mbeadh muid in ann cairdeas a dhéanamh leis na heagrais,” ar sé. “An sprioc atá againn ná go mbeidh an pobal in ann gnó a dhéanamh trí Ghaeilge le heagraíocht Stáit ar bith.”

“Tá mé an-bhuíoch go bhfuil an deis seo á fáil agam agus gur féidir liom dul treo eile. Ní airím gur ag fágaint rud éigin atá mé. D’éirigh liom cairde an-mhaith a dhéanamh ar an mbealach, chas mé le daoine den scoth agus tá go leor taistil déanta agam. Ach ní thagann deiseanna mar seo rómhinic.”

Maidir leis an obair a bhí ar bun ag Ó Lionáird le RTÉ, deir sé gur “breá” leis an obair.

“Níor mhothaíos riamh gur obair a bhí i gceist,” ar sé. “Tháinig sí go héasca chugam.”

“Dúshlán agus deis nua a bheidh sa phost nua leis an gCoimisinéir Teanga agus bíonn sé deacair teacht ar dhúshláin nua ag an tráth seo de do shaol.”

Is é Ó Lionáird an dara craoltóir aitheanta atá ag fágáil saol na hiriseoireachta Gaeilge an samhradh seo.

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go raibh Gormfhlaith Ní Thuairisg, láithreoir Adhmhaidin, príomhchlár cúrsaí reatha RnaG, le dul ag obair le hÚdarás na Gaeltachta mar Bhainisteoir Margaíochta agus Cumarsáide.

 

Fág freagra ar 'An craoltóir aitheanta Páidí Ó Lionáird ag fágáil RTÉ'

  • Mise Áine

    Go n-éirí go geal leis an mbeirt acu!

  • Súil eile

    Is le Béarlóirí na tíre a ba chóir an Coimisineir Teanga do bheith ag caint.

    Níl acu ach ” vague awareness of Irish being in trouble” agus é sin fiú ag iriseiorí an Bhéarla…..

    CIVIL RIGHTS FOR THE FADA.
    BOYCOTT Á.Í.B. (Állíéd Írísh Bánks)