An craoltóir agus colúnaí aitheanta Seosamh Ó Braonáin ar shlí na fírinne

D’oibrigh Seosamh Ó Braonáin, arb as Cor na Rón in Indreabhán dó, ar feadh na mblianta le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus bhí aithne mhór air chomh maith mar shaineolaí rásaíocht capall

An craoltóir agus colúnaí aitheanta Seosamh Ó Braonáin ar shlí na fírinne

Tá an craoltóir agus colúnaí aitheanta Seosamh Ó Braonáin tar éis bháis. D’oibrigh Ó Braonáin ar feadh na mblianta le RTÉ Raidió na Gaeltachta mar a raibh sé ina Eagarthóir Stiúrtha na gClár. Chaith sé tréimhsí ina chlár-reachtaire sa seomra nuachta i gCasla agus ba é a léirigh an clár iomráiteach Leagan Cainte.

Ba shaineolaí é Seosamh Ó Braonáin ar chúrsaí capall agus ba mhinic é ag trácht ar an rásaíocht capall ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4. Bhí sé ar dhuine den fhoireann bhunaidh a bhí ag plé le cúrsaí capall nuair a thosaigh TG4 ag craoladh ó na rásaí móra, Rásaí na Gaillimhe ina measc.

Bhí sé ina cholúnaí ag roinnt foilseachán Gaeilge agus Béarla i gcaitheamh na mblianta, Amárach agus Foinse ina measc. Is faoi chúrsaí capall agus faoi chairr a bhíodh sé ag scríobh den chuid is mó. Dhéanadh sé léirmheasanna ar chairr nua.

Nuair a d’éirigh sé as an gcraoltóireacht, dhírigh sé ar chúrsaí aistriúcháin, obair a d’fheil go maith dó mar gheall ar a spéis sa Ghaeilge féin agus i gcruinnscríobh na teanga. In 2004 ceapadh ina chathaoirleach ar an gCoimisiún Logainmneacha, ról a bhí aige ar feadh trí bliana.

Rugadh agus tógadh i gCor na Rón in Indreabhán Ó Braonáin agus is ann a thóg sé a chlann féin, Síle agus Micheál, lena bhean Eibhlín. D’fhreastail sé ar Scoil Shailearna agus bhuaigh sé scoláireacht go Coláiste Muire i nGaillimh. Bhain sé BA amach in Ollscoil na Gaillimhe i dtús na seachtóidí agus chuaigh sé ag obair leis an teach foilsitheoireachta a bhí ag Comharchumann Chois Fharraige – Cló Chois Fharraige. Is ag plé le leabhair scoile i nGaeilge a bhíodh sé den chuid is mó agus an obair sin ar bun aige.

D’fhág sé an Cló Chois Fharraige sna 1980idí agus chuaigh sé siar go RTÉ Raidió na Gaeltachta. Bhí sé ann ar feadh isteach is amach le scór blianta.

Níor fhág sé na meáin chumarsáide ina dhiaidh ar fad, áfach, agus chaith sé tamall ina eagarthóir ar an irisleabhar Biseach a fhoilsítear go bliantúil i gCois Fharraige. Dhéanadh sé obair phrofléitheoireachta d’fhoilseacháin Ghaeilge eile freisin. Ceoltóir ab ea Seosamh Ó Braonáin freisin, agus chasadh sé ag seisiúin cheoil agus i mbannaí ceoil ar an mbainseó.

Bhuail an galar néarón luadrach é tamall de bhlianta ó shin. Maireann a bhean agus a chlann.

Fág freagra ar 'An craoltóir agus colúnaí aitheanta Seosamh Ó Braonáin ar shlí na fírinne'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Aireoidh muid uainn Joe. Fear stuama, réasúnach, ciallmhar. Fear oilte. Saineolaí ar chaiple agus ar charrannaí. Agus fear greannmhar. Bhí Joe tinn le scathamh leis an ngalar a bhuail é agus gach seans gur faoiseamh dósan an suaimhneas síoraí atá anois faighte agus tuillte aige. Go raibh suaimhneas sioraí agat a Joe. Mo chomhbhrón le Eilín, Mícheál agus Síle. Ní maith liom bhur dtrioblóid.