An conradh léiriúcháin do chluichí beo rugbaí ar TG4 caillte ag Nemeton

Is é cluiche ceannais an PRO14 idir Cúige Laighean agus Scarlets na Breataine Bige Dé Sathairn an cluiche beo rugbaí deireanach a bheidh á léiriú ag an gcomhlacht Gaeltachta do TG4

An conradh léiriúcháin do chluichí beo rugbaí ar TG4 caillte ag Nemeton

Tuigtear do Tuairisc.ie nach ag an gcomhlacht Nemeton a bheidh an conradh do chlúdach beo rugbaí TG4 feasta.

Fágann socruithe nua atá déanta ag an stáisiún Gaeilge gurb é cluiche ceannais an PRO14 idir Cúige Laighean agus na Scarlets Dé Sathairn an cluiche beo rugbaí deireanach a bheidh á léiriú ag an gcomhlacht Gaeltachta.

Tá Nemeton, atá lonnaithe sa Rinn i nGaeltacht Phort Láirge i mbun léiriúcháin ar chluichí móra rugbaí do TG4 ó thús na mílaoise nuair a tháinig ann don tSraith Cheilteach, réamhtheachtaí an PRO14.

Ba iad TG4 ba thúisce a d’aithin an luach a bhain le cearta an chomórtais clubanna a bhfuil fás agus forbairt mhór tagtha air in imeacht na mblianta. Bhí na cearta craolacháin bheo ag TG4 do chluichí na sraithe ó 2001 i leith, seachas tréimhse sé bliana nuair a bhí na cearta sin ag Setanta Sports idir 2004-2010.

Bhí Nemeton mar leathbhádóirí ag TG4 dá gclúdach ar an rugbaí beo le linn na mblianta seo agus buille a bheidh ann don chomhlacht Gaeltachta an conradh léiriúcháin seo a chailleadh, cé gur chluichí CLG is mó a bhíonn siad ag léiriú do TG4.

Tuigtear do Tuairisc.ie go mbeidh baint ag an gcomhlacht Iris Media Productions, ar leis an léiritheoir Kieran Hartigan é, le craoladh beo an PRO14 ar TG4 ón bhfómhar seo chugainn.

Tá roinnt oibre déanta ag Iris Media Productions, a bhfuil seoladh acu i gcathair na Gaillimhe, do TG4 i réimse an rugbaí cheana agus baint acu le craoladh beo ón scáileán a dhéanamh ar chluichí. Ba iad Iris Media Productions freisin a léirigh an scannán faisnéise aitheanta The West’s Awake: Rugbaí Chonnacht don stáisiún Gaeilge.  

Fógraíodh le déanaí go bhfuil na cearta faighte ag eir Sport chun gach cluiche ón PRO14 a chraoladh ó thús an tséasúir 2018/2019 go dtí 2021, ach beidh cluichí PRO14 fós le feiceáil ar TG4 an séasúr seo chugainn agus socrú déanta acu le eir Sport líon áirithe cluichí a chraoladh beo.

Bhí a mhacasamhail de shocrú ag TG4 le Sky Sports roimhe seo.

Fág freagra ar 'An conradh léiriúcháin do chluichí beo rugbaí ar TG4 caillte ag Nemeton'

  • Seán

    Cé an fáth a dtabharfadh TG4 tosaíocht do chomhlucht atá lonnaithe lasmuigh den Ghaeltacht chun cinn ar fhostóir ar Gaelgeoirí iad a bhformhór agus a bhfuil scileanna na teilfíse múinte acu do a lán de óige na Gaeltachta, idir chraoltóirí, oibrithe físe & fuaime, ceamradóirí, léiitheoirí, etc. ? Ní thuigim cén chaoi a luíonn sin leis an bpolasaí atá acu féin de réir bainistíocht TG4 – oiread Gaeilgeoirí agus is féidir a bheith ar an dá thaobh den cheamara.

    Beidh le feicéail an dtabharfaidh Irish Media Productions an tosaíocht chéanna don Ghaeilge agus a thug Nemeton.