An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (13 Samhain 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

An Claíomh

Uimhir 921                               Cláraithe mar pháipéar nuachta                               Samhain 13, 1915                              1 Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Seachtain na Samhna

Neart.

Eoin Mac Néill ina chathaoirleach ar an gcruinniú. Ba leor sin mar lucht ceannais. Níor bhaol go mbeadh easpa tuisceana air i dtaobh chúis na Gaeilge ná go ligfeadh sé do na hóráidí don slua dul dá slí. Agus a leithéid de shlua is a bhí ann! An rud is mó a thug misneach dúinn i dtús na hoíche na seanchairde a fheiceáil ag teacht isteach. Bhí Gaeil i láthair nach bhfacamar le blianta i láthair cruinnithe agus ba bhreá linn a óigeanta is a bhíodar.

Ba mhéadú meanman dúinn nach raibh an croí tite iontu ná an misneach caillte acu. Cuid acu a phós deich agus cúig bliana déag ó shin agus a chuir suas d’obair na Gaeilge, mar a shíleamar, tar éis a bpósta, bhí clann ó lena gcois agus iad ag labhairt na Gaeilge agus gan scáth ná eagla orthu a bheith dílis dá ndúchas. Agus bhí an lucht oibre i láthair ina mílte.

Na daoine nach bhfuil maoin acu ná tuarastal ná ceart dóibh ach a bpá suarach lae, bhíodar linn agus thaispeáin siad gur shantaigh siad an Ghaeilge agus an Gaelachas agus an tsaoirse. Agus go mba fuath leo an Galldachas agus an daoirse.

siad meata ag an oiliúint Ghallda ná baol orthu. Níor éirigh leis na scoileanna Gallda dílse lucht oibre Bhaile Átha Cliath a mhilleadh. Is dílse iad agus is fearr an taca dúinn iad ná an lucht léinn agus maoine a dhíbir an Ghaeilge agus a dhún doirse na scoileanna go docht daingean uirthi.

Lucht an Fhill.

raibh duine de Choimisinéirí na Scol i láthair, ná mórán de lucht caointe sa Seirbe, ná den leamhlucht gur maith leo náisiúntacht a chosaint sa Rúis nó sa tSín. Níl lámh chúnta d’Éirinn ná náisiúntacht ag aon dream acu sin.

Agus an lucht nuachta atá anois gob le cluas agus cluas le gob le fear ceannais an Chaisleáin agus le Fear Ionaid an Rí, nár bhreá an tuairisc a thug siad ar an tionól! Cuntas bréige a cheapadh agus é a chraoladh lenár maslú os comhair an phobail agus le hachasán a chaitheamh linn.

Agus drochmheas á chur orainn ionas go mbeadh sé le casadh linn ag Gaill nach bhfuil ionainn ach lucht achrainn agus spídiúcháin. Is cuma gur iarradh orthu a leithéid a dhéanamh nó nár iarradh, rinneadar a ngnó salach.

Rinneadar a ndícheall agus ba bheag é a ndícheall. Níor éirigh leo dochar a dhéanamh do ghluaiseacht na hoibre ar feadh na seachtaine go léir. D’éirigh le gach aon iarracht dá ndearnamar. D’éirigh leis an gcoirm cheoil go hiontach.

D’éirigh leis an mbailiúchán Lá na mBrat. D’éirigh leis an taispeántas fuinneoige agus chuir an taispeántas céanna ár n-obair agus ár ngluaiseacht os comhair an phobail ar fad. Agus d’éirigh leis an gcéilí oíche Dé Sathairn. Tá an náisiúntacht Ghaelach ag borradh go tiubh agus go tréan arís agus níl a seasamh ar lucht na bpáipéar.

Rachaimid chun cinn dá n-ainneoin. Is iomaí fathach cúig ceann a cloíodh agus tiocfaidh ár ngluaiseacht saor ón bhfathach seo na nuachta.

Drámaí.

Bhí áthas ar lucht na Gaeilge an dá fhoireann léirithe a fheiceáil ar aon ardán lena chéile oíche Dé Máirt. Tá an stuaim ag teacht dóibh araon. Tá an mhístuaim curtha díobh acu agus is féidir leo anois dul i gcomórtas le aon dream léirithe. Bhí foireann ‘Na Snaidhme’ go foghlamtha ar nósanna an ardáin, cé nach an-dráma ‘An tSnaidhm’.

Ba dheacair Máire Ní Shíocháin a shárú ar aon bhealach. Tá binneas béil aici agus stuaim agus gliceas an chluicheora chomh maith. Ní raibh ach beagán le déanamh ag Máire Nic Shiubhlaigh agus rinne sí go slachtmhar é.

an-stuama agus shílfeá go raibh an Ghaeilge ó dhúchas aici. Is mór an teacht chun cinn atá déanta ag Máire Nic Aodha le Gaeilge agus le cluicheoireacht. Is iomaí gáire agus seangháire a bhain a cuid cleasaíochta amach.

Art Mac an Bhaird ina sheansaighdiúir anois ar an ardán léirithe, agus gach am a dtagann sé os ár gcomhair, bíonn feabhas tagtha air.

ceird an drámadóra á foghlaim ag Piaras Béaslaí. Is ait an smuta grinn an dráma beag seo ‘Fear na Milliún Punt’. go bríomhar agus go greannmhar. Saghas ‘Dúirt sé dúirt sé’ atá ann, ach in ionad fear a bheith marbh agus fear eile imithe le chéile comharsan, is amhlaidh a fhaigheann fear milliún punt agus téann an dara fear i gcleamhnas.

Níl aon chontúirt sa scéal agus laghdú ar an ngreann is ea é sin. Dá mhéad é an chontúirt is ea is mó an greann. Tá ‘Fear na Milliún Punt’ an-éadrom ach má féin tá ábhar grinn sa scéal agus bhain an t-údar an greann as. Léirigh ‘Na hAisteoirí’ an píosa go maith da mbeidís á léiriú ar feadh seachtaine bheidís i bhfad níos fearr agus ní cóir iad a mheas de réir a gcéad oíche. Is maith an cluicheoir ar ardán Máire Ní Chonaill.

Labhraíonn sí go tráthúil agus léiríonn sí an chiall agus cuidíonn a haghaidh agus a colainn agus a gluaiseacht leis na focail sa léiriú. Chruthaigh Gearóid Ó Súilleabháin go hait ach bhí róchiúin. Dráma beag aerach is ea an píosa agus dá aeraí iad na cluicheoirí, is amhlaidh is fearr a bheadh an léiriú.

Ceol agus Rince.

Thug an “Freeman” fogha faoin gConradh Dé Céadaoin agus d’iarr ar an bpobal gan cuidiú linn feasta. Oíche an lae chéanna, thug pobal Bhaile Átha Cliath freagra ar an Freeman. Bhí an choirm cheoil sa ‘Mhainistir’ an oíche sin agus bhí an teach lán go doras. Níor fágadh suíochán folamh agus dream daoine chomh croíúil is a bhíodar, ní fhacamar le fada. Bhí an oíche go fliuch ach níor chosc an drochaimsir na daoine ó theacht. Bhí an lucht éisteachta go maith agus bhí an lucht ceoil go maith. Tá ár ndóthain de cheoltóirí agus d’amhránaithe agus de rinceoirí againn. Is í ár bhfaillí féin a fhágann ceol na hÉireann siar.

Fearadh céilí na Samhna Dé Sathairn. Fearadh croíúil é agus bhí os cionn 300 duine i láthair. Bhí cairde ann ón tuath agus bhí Conraitheoirí na cathrach go fairsing ann. Is breá linn nach bhfuil an óigeantacht ag imeacht uainn. Má cuid againn ag éirí liath in obair seo na Gaeilge, tá ár gcroíthe chomh húr óg is a bhí a bhíomar sna déaga. Ní baol don ghluaiseacht an fhad is atáimid chomh cairdiúil le chéile agus chom dúthrachtach is a bhíomar an tseachtain seo caite.

Gaeltacht.

ceaptha Dáil Chomhairle a thabhairt le chéile i gcomhair daoine a chuireann suim i gcúrsaí na Gaeltachta i. dúichí na hÉireann a bhfuil Gaeilge fós á labhairt iontu.

Tionólfar an Dáil seo Dé Domhnaigh seo chugainn an 14ú Samhna um a 7.30om sna seomraí ag uimhir 122a Faiche Stiabhna cúinne Sráide Eabhrac a bhaineann leis na daoine a thugann ‘Na Géanna Fiáine’ orthu féin.

Trí Ghaeilge a dhéanfar an gnó. Beidh fáilte roimh Ghaeilgeoirí agus roimh dhaoine a chaith aga i gceantar Gaelach. Iarrtar ar a leithéid teacht ann chun eolas is faisnéis a thabhairt don Dáil i dtaobh chúrsaí na Gaeilge sna háiteanna a bhfuil nó a mbíodh baint acu leo.

bhíonn freagairt maith ar an ngairm scoile seo, tá ceaptha leanúint den ghnó i gcuma Craoibhe de…

An té nach dtuigeann an Ghaeilge, taitneoidh na pictiúir leis. Níl duine in Éirinn ach an dall nach dtaitneoidh an Claidheamh leis.

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (13 Samhain 1915)'