An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (1 Bealtaine 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

Claíomh

Uimhir 892.                    Cláraithe mar pháipéar nuachta                   Bealtaine 1, 1915                   Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Culaíocht

Arm na Gearmáine ag Trodaíocht agus ag Talmhaíocht

Comórtais Eatarthu

Taispeánadh píosaí móra talún dom a ramhraíodh ag na cathanna, nó regiments. Tá cath acu ag glacadh a scíthe a fhad is atá an cath eile sna trinsí, ar an gcaoi seo tá leath na bhfear ag obair i gcónaí. Bhí bratacha gach cath ag foluain go huaibhreach le gaoth os cionn na bpáirceanna. D’imigh úinéirí na ngort ar a dteitheadh ón taobh sin den tír, i riocht is nach raibh baint ná páirt ag na tuathaigh le treabhadh agus fursadh talún. Le linn an ama a tugadh thart timpeall na talún mé chun an obair a fheiceáil, bhí an treabhadh fós á dhéanamh, ach bhí an talamh ar fad le bheith curtha taca lár mí na Márta. Prátaí agus cruithneacht a bhí á gcur acu. Beidh prátaí céad fómhair acu sa Mheitheamh – agus an chruithneacht beagán níos doimhne isteach san Fhómhar. D’fiafraigh mé den Mhajor ar cheap sé go mbeidís sa tír sin nuair a bheifí ag baint an fhómhair bhuí. “Ní hé mo thuairim,” ar sisean, “go mbeidh an tArm againn anseo an t-am sin. Tá súil againn go mbeidh an cogadh thart, agus go mbeidh toradh ár gcuid saothair ar an talamh seo ag na tuathaigh.” An talamh atá an tArm a shaothrú tá sé ar an talamh is fearr san Fhrainc ó thuaidh.

Deich mbuiséal an tAcra níos mó ná Francaigh

Tóg acra le hacra eile a thabharfaidh an talamh seo tuairim is cúig bhuiséal is fiche (25) cruithneacht in aghaidh gach acra, ach dúirt na Gearmánaigh liom go mbeidh siad féin ábalta le haire mhaith, agus leis an “mBealach” atá acu féin, go mbeidh siad in ann cúig bhuiséal déag is fiche (35) a bhaint as gach acra – sin 10 mbuiséal níos mó gach acra atá na Gearmánaigh in ann a bhaint as an talamh ná mar a bhí na Francaigh. Mo chuach iad!
Tá 70,00 acra faoi chruithneacht acu, agus de réir 35 buiséal an t-acra, ba cheart go mbeadh suas le milliún is trí cheathrúna (1,750,000) buiséil acu.
Beidh cuid de seo ag na tuathaigh, ach má bhíonn féin, beidh brabach maith ag an nGearmánach ar son a ghrinnis agus a ghéar-radharcais.

Gléas-buailte Gearmánach

Ag áit darbh ainm dó Attigny d’fhágamar an gluaisteán inár ndiaidh agus chuamar ar muin capaill trasna na bpáirceanna agus suas go dtí tulach mar a raibh saighdiúirí ag obair ceann de na meaisíní Francacha chun cruithneacht a bhualadh.
Frítheadh an meaisín seo sa ngort ar theacht don Arm. Seanmheaisín a bhí ann a d’oibrigh le capall ag dul thar timpeall ar nós na meainsíní cearcallach a fheictear go minic ag taoscadh nó ag taomadh uisce aníos as tobar.
Saighdiúirí a bhí ag déanamh na hoibre an tráth seo, in ionad na gcapall, agus is é an chéad rud a thug mé faoi deara i dtaobh na saighdiúirí seo, go mba chulaith ghorm a bhí orthu in ionad culaith liathghoirm mar is gnách. Fiafraíodh díobh cén fáth a bhí leis seo, agus is é an freagra a thug duine de na hoifigigh dom, ná go raibh na saighdiúirí bródúil uaibhreach as an ngradam a fuaireadar ón domhan go léir ar a gclisteacht agus a gcalmacht ar pháirce úsáide an bhuailte, agus nár mhaith leo úsáide a dhéanamh den chulaith liathghlas in áit ar bith eile ach ar mhachaire an áir. Is iad na cultacha gorma a bhí orthu ag talmhaíocht an chulaith chéanna a bhíodh orthu sa bhaile nuair nach mbídís san Arm.
Bhí an gléas-buailte á oibriú go tréan, ach ní raibh na tuathaigh le feiceáil i ngoir ná i ngaobhar dó.

Trian don Arm agus dhá thrian don Mhaor

D’fhiafraigh mé an raibh rún ag an Arm an grán ar fad a choinneáil, agus dúradh liom nach raibh uathu ach trian don arm agus dá thrian don mhaor chun a roinnt ar an bpobal. Níl aon áit sa limistéar mór tíre sin inar fágadh an chruithneacht sna goirt gan a crapadh isteach san iothlainn nach bhfuil an riail chéanna déanta acu.
Ón ngléas-buailte sin chuamar chuig ceann eile, agus arsa an Major liom go bródúil, “sin déantús na Gearmáine.” Cuireadh an gléas-buailte seo isteach i scioból i sráidbhaile beag sa chomharsanacht, agus bhailigh go leor de mhuintir na tuaithe mórthimpeall isteach chun an meaisín a fheiceáil ag obair. Dúirt cuid acu liom gurb é an chead cheann dá shórt a chonaic siad sa taobh sin den tír. Sgrunga beag asail – nó Donkey Engine – a bhí ag tabhairt cumhacht don ghléas-buailte – bhí an gléas seo in ann deich n-uaire níos mó cruinthneacht a bhualadh ná mar a bhí an meaisín capaill. Bhí deis ceangal, nó ceanglachán (binder) ar an meaisín seo chun an tuí a cheangal sna trinsí.

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (1 Bealtaine 1915)'