An chun leas na teanga a bheadh sé reifreann a ghairm faoi stádas bunreachtúil na Gaeilge?

Labhair Kevin Hickey agus Maitiú Ó Coimín le daoine éagsúla faoin moladh go ndéanfaí reifreann a ghairm faoi stádas bunreachtúil na Gaeilge

An chun leas na teanga a bheadh sé reifreann a ghairm faoi stádas bunreachtúil na Gaeilge?

bunreacht

An tseachtain seo caite, mhol saineolaí idirnáisiúnta ar chúrsaí dlí gur cheart do bhaill an Oireachtais reifreann a ghairm faoi stádas bunreachtúil na Gaeilge nó seasamh le cearta teanga an tsaoránaigh.

In alt a scaip sé ar gach ball den Oireachtas, áitíonn Gwynedd Parry, Ollamh le Dlí agus Stair an Dlí in Ollscoil Swansea, gur ar éigean a d’fhéadfaí ‘stát dátheangach’ a thabhairt ar Éirinn toisc gan ceart a bheith ag saoránaigh ar ghiúiré a bhfuil Gaeilge ag a chuid ball.

Dar le Parry go bhfágann an cinneadh sin sa chás ‘Ó Maicín v Ireland’ go bhfuil Éire ‘ag crosbhóthar’ maidir le cearta teanga agus gan de rogha fágtha ach ‘to abandon its commitment to bilingualism or to honour it fully’.

Duine eile a chreideann gur cheart reifreann a ghairm faoi stádas bunreachtúil na Gaeilge ná an scríbhneoir as Conamara, Joe Steve Ó Neachtain.

San aitheasc oscailte a thug sé ag Oireachtas Chois Fharraige i 2014, dúirt Ó Neachtain gur cheart go mbeadh reifreann ann ‘a chuirfeadh deireadh leis an gcur i gcéill, bealach amháin nó bealach eile’.

JoeSteve-6122-e13905217821421
Joe Steve Ó Neachtain

Ba é an port céanna a bhí aige agus é ag caint le Tuairisc.ie.

“Mothaím go bhfuil go leor cur i gcéill ann, le fírinne. Mothaím go dteastódh uainn a rá amach go díreach go bhfuil muid lándáiríre. Mura ndéarfaidh muid é le linn chomóradh Éirí Amach na Cásca an bhliain seo chugainn – nó roimhe – beidh sé gan rá, agus éalóidh an Ghaeltacht léi mar a d’éalaigh sí as chuile choirnéal den tír.

“Beidh Gaeilge ann ceart go leor, ach tá sí ag fáil níos tanaí is níos tanaí is níos tanaí agus ní bheidh aon saibhreas ann mura mairfidh muin beo. Agus níl aon bhealach leis sin a dhéanamh ach an crú a chur ar an tairne,” a dúirt Joe Steve Ó Neachtain le Tuairisc.ie.

Tagann Iar-Ard-Stiúrthóir RTÉ agus ceannasaí bunaithe TG4, Cathal Goan le dearcadh Uí Neachtain. “Táthar ag caint air chomh fada siar le haimsir Mháirtín Uí Chadhain. Mhol Breandán Ó hEithir go mbeadh reifreann ann mar nach mbíonn ann ach cur i gcéill, agus ba dhoiligh easaontú leis sin. Sílim go bhfuil sé in am reifreann a bheith againn, tá a fhios againn uilig gur fimíneacht atá ar bun i láthair na huaire.

“Tá stádas ag an nGaeilge go teoiriciúil, ach an dtig leat cuimhniú ar aon chás a raibh cearta teanga ann gan troid? Bheadh sé an-spéisiúil seasamh na bpolaiteoirí a fháil ar dtús; tá mé cinnte go bhfuil go leor daoine ag iarraidh an status quo a choinneáil,” a deir Cathal Goan.

Cathal Goan ag tabhairt eochair chainte ag an gcomhdháíl.
Cathal Goan

Feictear don Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh gur drochsmaoineamh é reifreann a ghairm. Sa chás gurbh ionann leasú Bunreachta agus láidriú na teanga, ní chreideann an Seanadóir go dtabharfadh an t-aos polaitíochta tacaíocht dó sin.

“Bheadh amhras orm an mbeadh glacadh ag an Rialtas le cearta teanga a láidriú. Dá bhféadfaí teacht ar chomhréiteach eicínt, ba mhaith an rud é.”

Dúirt Ó Clochartaigh go mbeadh sé ar son giúiréithe dátheangacha a bheith ar fáil don phobal.

“Go bhfios dom, níl aon bhlas míbhunreachtúil faoi ghiúiréithe ar a mbeadh dátheangaigh le go n-éisteofaí cásanna i nGaeilge, rud a bhfuil chuile shaoránach i dteideal é a fháil.

“Dá bhféadfaí an mheicníocht sin a chur i bhfeidhm, sílim gurbh é an rud is sábháilte ó thaobh na polaitíochta de agus an rud is ciallmhaire ó thaobh an dlí de,” a dúirt sé.

B’fhearr le hArd-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn go rachfaí i ngleic leis an gceist ar shlí dhifriúil seachas reifreann a ghairm.

“Sílim go bhfuil bealach eile a bhféadfaí tabhairt faoi. D’fhéadfadh reachtaíocht an scéal a réiteach agus b’fhearr sin a dhéanamh seachas reifreann a bheith ann.”

Dúirt Ard-Rúnaí an Chonartha go mbeadh sé ag teacht go láidir le breithiúnas easaontach an Bhreithimh Adrian Hardiman sa chás ‘Ó Maicín v Ireland’.

Ba é an Breitheamh Hardiman an t-aon duine de chúigear breithiúna a sheas le hiarratas Uí Mhaicín ar ghiúiré a mbeadh Gaeilge acu.

Ba chóir smaoineamh go ‘fíorchúramach’ faoi reifreann, dar le hiar-aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív.

09/10/2012. Eamon O Cuiv media opportuinity. Fianna Fail Spokesman on Agriculture Eamon O Cuiv speaks to the media on the plinth at Leinster House regarding today's farmers protest, and the Fianna Fail private members motion on agriculture criticising the Government's new AEOS (Agri-Environment Options Scheme) and calling on the Government to tackle rising fuel costs. Photo: Laura Hutton/Photocall Ireland
Éamon Ó Cuív. Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

“Is cúrsaí cúirte atá ag cur as do dhaoine agus ba chóir é sin a chur ina cheart ar dtús. Is rud é sin a bhainfeadh i bhfad níos mó le lucht labhartha na Gaeilge ná giúiré i gcúirt chóiriúil.

“Chaithfinn machnamh agus scrúdú a dhéanamh agus dá mbeinn ag dul ar aghaidh, chaithfinn a dhéanamh cinnte nach ceann é seo a chaillfinn agus a dhéanfadh níos mó dochair ná sochair. Is rud é reifreann a gcaithfear a bheith an-staidéarach faoi,” a dúirt Éamon Ó Cuív.

Bheadh “faitíos” ar Mháirín Mhic Lochlainn, Sinn Féin, “go dtiocfadh daoine amach in aghaidh na Gaeilge” dá mbeadh reifreann ann.

“Is í ár dteanga dhúchais í agus níor cheart do dhuine ar bith eile cur isteach air sin. Ba cheart go mbeadh an rialtas sásta cearta teanga a thabhairt agus sin sin.

“Bheadh faitíos orm. Is cinnte go mbeadh muintir na hÉireann sásta tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge ach b’fhéidir nár chóir a bheith chomh cinnte sin faoi sin,” a deir Máirín Mhic Lochlainn.

p0147k4c
Anna Ní Ghallchóir

Dar le Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallchóir, ní gá gur chun leas na teanga a bheadh sé reifreann a ghairm.

“Aontaím leis an mBreitheamh Hardiman, ach ceist chasta í an dátheangachas agus tá go leor sainmhínithe ann ar cad é is stát dátheangach ann. Ní bheadh mórán le baint amach againn as. Dá mbuafaí an reifreann, ní athródh cúrsaí agus dá dteipfeadh air, bheadh sé uafásach don Ghaeilge.

“Ní fheicimse go gcabhródh reifreann leis an Ghaeilge ar chor ar bith. Caithfear dul i dtreo na hEorpa ag an bpointe seo; má tá cearta á gceilt sa tír seo, ba cheart é a thabhairt chomh fada leis an Eoraip,” a deir Anna Ní Ghallchóir, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'An chun leas na teanga a bheadh sé reifreann a ghairm faoi stádas bunreachtúil na Gaeilge?'

  • Eoin P. Ó Murchú

    Suimiúil go leor is dóigh liom dá gcuirfí ceist orthu go bhfuil seans measartha maith go dtacódh pobal na tíe leis an stádas reatha, cá bhfágfadh sin muid? Seans go spreagfadh an plé timpeall air rud éigin dearfach áfach.