Tá an chorraíl pholaitiúil san Eoraip ag treisiú agus éiginnteacht i rialtais éagsúla ar fud na mór-roinne le seachtain anuas. Cuirfear vóta muiníne i rialtas na Polainne an tseachtain seo chugainn mar thoradh ar an toghchán uachtaránachta a d’fhág iarrthóir na heite deise chun cinn agus comhrialtas Donald Tusk faoi bhagairt ag an veto a bheidh anois ag Karol Nawrocki, ceannaire na heite deise. Meastar go mbeidh an pholaitíocht ag an leibhéal Eorpach níos casta anois mar go mbeidh tionchar níos forleithne ag dearcadh na heite deise.
Níor thúisce an vóta úd fógartha gur tháinig an scéala go raibh rialtas na hÍsiltíre fágtha ag ceannaire eile de chuid na heite deise, Geert Wilders agus an Príomh-Aire Dick Schoof ag éirí as. Níor éirigh leis an rialtas sin bliain féin a bhaint amach i gcumhacht. Is ar rialtas na hUngáire atá aird institiúidí an Aontais Eorpaigh agus iad go leanúnach ag áitiú ar rialtas Orban glacadh le treo an Aontais agus lena gcuid polasaithe.
Idir an dá linn, tá iarrachtaí ar bun ag cuid de bhunaitheoirí an Aontais agus lucht na haislinge Eorpaí dlús a chur le caidreamh agus beag is fiú a dhéanamh den tuairim nach bhfuil siad ar aon fhocal faoi chúrsaí.
Tá Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron lárnach sna hiarrachtaí sin, go háirithe chun an caidreamh leis an nGearmáin a neartú in athuair. Bhí cuairt ar Phálás an Elysée ar an gcéad chuairt a thug seansailéara nua na Gearmáine Friedrich Merz nuair a toghadh é. An tseachtain seo, bhí Macron dírithe ar an gcaidreamh le Georgia Meloni a neartú – bean a bhfuil claonadh i dtreo na heite deise inti féin agus atá práinneach as an dea-chaidreamh atá ag an Iodáil le Donald Trump.
Cúrsaí cosanta agus slándála na ceisteanna móra atá á bplé ag na ceannairí seo faoi láthair agus tá an baol ann go ndéanfar dearmad ar ghnéithe eile den pholasaí Eorpach atá ag cothú aighnis agus a d’fhéadfadh cur leis na húdair easaontais idir tíortha na hEorpa.
Sméar mhullaigh na hEorpa is ea a tábhacht agus a neart mar bhloc trádála agus is ar ábhair mar sin atá roinnt difríochtaí idir Páras agus Berlin. Níl siad aontaithe faoi pholasaithe iomaíochta agus tá deighilt i measc mhórthíortha an Aontais faoi úsáid bannaí Eorpacha. Tá an Ghearmáin glan in aghaidh a leithéid. Beidh costas mór i gceist leis an infheistíocht bhreise sa tslándáil agus i gcúrsaí cosanta agus beidh corraíl eacnamaíochta lárnach in aon phlé polaitiúil fad agus a bheidh Donald Trump sa Teach Bán.
I bhfianaise na n-easaontas seo, tá aontacht ag an leibhéal Eorpach ar bhunspriocanna an Aontais agus saorthrádáil agus saorghluaiseacht idir ballstáit níos tábhachtaí ná riamh. Cruinniú mullaigh NATO ag deireadh na míosa seo an chéad sprioc eile roimh an gcaidreamh tras-Eorpach. Laethanta dár gcionn, beidh cruinniú mullaigh ag Comhairle na hEorpa ar an 26 agus 27 Meitheamh.
Díol spéise a bheidh i dtorthaí na gcruinnithe sin le leid a thabhairt dúinn faoin rath a bheidh ar an gcaidreamh san Aontas Eorpach sa tréimhse seo romhainn.
Fág freagra ar 'An chorraíl pholaitiúil san Eoraip ag treisiú'