An chéad phodchraoladh a rinneadh i nGaeilge faoi choirscéalta fírinneacha ag teacht

An comhlacht léiriúcháin Midas Productions atá i mbun na sraithe podchraoltaí, atá bunaithe ar an tsraith teilifíse nua ‘Marú inar Measc’ ar TG4

An chéad phodchraoladh a rinneadh i nGaeilge faoi choirscéalta fírinneacha ag teacht

Beidh an chéad phodchraoladh Gaeilge faoi choirscéalta fírinneacha ar fáil go luath.

An comhlacht léiriúcháin Midas Productions atá i mbun na sraithe podchraoltaí, Marú inár Measc, atá bunaithe ar na cásanna dúnmharaithe a bheas faoi chaibidil i sraith teilifíse dúnmharuithe faoin teideal céanna a bheas á craoladh ar TG4.

Cuirfear tús leis an tsraith nua de Marú inár Measc Dé Céadaoin seo chugainn ar TG4 agus beidh an tsraith podchraoltaí ar fáil ar Spotify, Apple agus ardáin phodchraoltaí eile.

Ag labhairt di le Tuairisc, dúirt Sorcha Nic Eochagáin, léiritheoir na sraithe agus láithreoir an phodchraolta, go raibh sí ag súil go dtabharfadh na podchraoltaí deis do dhaoine ‘tochailt níos doimhne” sna scéalta.

“In uair an chloig teilifíse, ní féidir linn gach gné den scéal a insint. Bíonn ábhar eile á phlé againn. Mar shampla sa chéad phodchraoladh, breathnaíonn muid ar dhúnmharú an pheileadóra Toyosi Shittabey, an chéad dúnmharú ciníoch a tháinig os comhair cúirte anseo in Éirinn.

Josie Joyce

“Leis an phodchraoladh, bhí deis againn an plé a leathnú amach agus breathnú ar an tionchar a bhí ag an eachtra ar dhaoine agus ar an tír,” a dúirt sí.

Déanfar plé ar cheithre chás dúnmharaithe le linn na sraithe. Dúnmharú Toyosi Shittabey, arbh as an Nigéir dó ó dhúchas, atá faoi chaibidil sa chéad chlár. Ionsaí ciníoch marfach a bhí i ndúnmharú Shittabey, a bhí 15 bliain d’aois nuair a cuireadh chun báis é i mBaile an Tirialaigh i mBaile Átha Cliath in 2010.

Sa dara clár, breathnaítear ar chás Arlene Arkinson, cailín 15 bliain d’aois a d’imigh gan tásc gan tuairisc sa bhliain 1994, nuair a d’fhág sí a teach cónaithe i gCaisleán na Deirge i gcontae Thír Eoghain le dul chuig dioscó i mBun Dobhráin i nDún na nGall.

Dúnmharú Josie Joyce a bheas faoi chaibidil sa tríú clár. Ba bhaitsiléir é Joyce a sádh nach mór 40 uair in ionsaí a tharla agus é ag siúl abhaile ón teach tábhairne i gCathair na Mart i gcontae Mhaigh Eo ar an 3 Meán Fómhair 1983.

Dúnmharú Amanda Jenkins ar an 5 Deireadh Fómhair 2007 a phléifear sa chlár deireanach den tsraith. Bhí Amanda Jenkins 27 bliain d’aois nuair a dhúnmharaigh an fear a raibh sí geallta leis í ina n-árasán ar Shráid Shéamais i mBaile Átha Cliath.

Dúirt Sorcha Nic Eochagáin, arb as Camas i gConamara di, gur scéalta iad nach mbíonn sé “éasca” ag daoine breathnú orthu nó éisteacht leo.

“Tá siad trom. Ach tá mé ag súil go spreagfaidh na cláracha teilifíse agus na podchraoltaí suim sna daoine a dúnmharaíodh agus ina ndaoine muinteartha atá fágtha ina ndiaidh,” a dúirt sí.

Amanda Jenkins

Aontaíonn Nic Eochagáin go mbíonn daoine sa lá inniu “gafa” le podchraoltaí agus cláracha faoi choirscéalta fírinneacha, agus deir sí go bhfuil sé tábhachtach ina leithéid de chláracha go n-inseofaí “go cúramach” iad.

“Scéalta uafásacha atá iontu ach bíonn muid cúramach sa tslí ina ndéantar na scéalta a insint. Tá sin tábhachtach measaim.

“Níl muid ag iarraidh seó bóthair a dhéanamh de na daoine seo a dúnmharaíodh go tragóideach. Scéal an íospartaigh atá á insint againn, scéal mhuintir agus chairde an íospartaigh atá i gceist. Tugann muid deis do dhaoine a scéal féin a insint.

“Bíonn fáth ann i gcónaí go mbíonn clann nó teaghlach nó cairde an íospartaigh ag iarraidh a bheith páirteach sa chlár. Bíonn siad ag iarraidh ómós a thabhairt don duine atá marbh nó seans go bhfuil feachtas ar bun acu agus go bhfuil siad ag iarraidh scéal an duine a maraíodh a choinneáil i mbéal an phobail, mar atá i gcás Arlene Arkinson.”

Cé gur scéalta tragóideacha atá iontu, deir Nic Eochagáin go mbíonn “ceisteanna le freagairt” agus “ceachtanna le foghlaim” ó na scéalta.

Arlene Arkinson

“Bíonn ceisteanna fós le freagairt i ngach scéal. Ní hamháin don teaghlach, a bhíonn cráite ag an méid a tharla, ach bíonn ceisteanna le freagairt againne mar shochaí; cén fáth a dtarlaíonn na rudaí seo agus cén dóigh ar féidir linn stop a chur leo, nó an féidir linn in aon chor?” a dúirt Sorcha Nic Eochagáin.

Seo an chéad uair a rinneadh bunphodchraoladh faoi choirscéalta fírinneacha i nGaeilge. Craoladh in 2020 aistriúchán Gaeilge de The Nobody Zone, podchraoladh faoi choirscéal fírinneach a rinne RTÉ i gcomhar leis an chomhlacht Third Ear sa Danmhairg.

Fág freagra ar 'An chéad phodchraoladh a rinneadh i nGaeilge faoi choirscéalta fírinneacha ag teacht'