An ceiliúradh tosaithe róluath agus an Breatimeacht crua ag bagairt i gcónaí

Tá rogha ann acu siúd a dteastaíonn uathu an Breatimeacht a thabhairt chun críche - glacadh leis an socrú seo nó imeacht gan socrú ar bith

An ceiliúradh tosaithe róluath agus an Breatimeacht crua ag bagairt i gcónaí

Pictiúr: RollingNews.ie

Is léir anois gur róluath a thosaigh bunaíocht an stáit seo ag ceiliúradh nuair a ghlac rialtas na Breataine leis an margadh Breatimeachta. Is ar éigean a bhí an dúch tirim ná go raibh an cháipéis á séanadh is faoi ionsaí go forleathan, ag comhaltaí an rialtais agus ag díograiseoirí atá ar son agus in aghaidh an Bhreatimeachta.

Is mór é m’amhras go mbeidh móramh le fáil i dTeach na dTeachtaí in Westminster le dearbhú a dhéanamh ar chinneadh an rialtais thall.

Is cosúil go mbeidh leathchéad Caomhach ar a laghad i gcoinne an mhargaidh, agus fiú dá dtabharfadh dornán beag ó Pháirtí an Lucht Oibre tacaíocht dó, tá an chosúlacht air go mbeidh sé dodhéanta an margadh a dhíol leis an bparlaimint mura dtarlaíonn míorúilt éigin chun an Príomh-Aire a tharrtháil, Theresa May.

Mar sin fhéin ní féidir míorúilt a chur as an áireamh ar fad. Is léir, ar an gcéad dul síos, nach bhfuil margadh níos fearr ar fáil (sin má chloíonn an Bhreatain leis an dearcadh nach bhféadfar an teorainn trádála a chur ar Mhuir Éireann).

Mar sin, tá rogha ann acu siúd a dteastaíonn uathu an Breatimeacht a thabhairt chun críche: glacadh leis an socrú seo nó imeacht gan socrú ar bith, agus níl a fhios ag éinne cén chaoi a riarfaí cúrsaí sa chás sin.

Agus taobh thiar de sin go léir, tá scáth eile ann – an dara reifreann. Tá lucht na hEorpa sa mBreatain ag iarraidh an deis sin a thapú i bhfianaise aimhréidh an rialtais. Agus tá May ag iarraidh leas a bhaint as an mbaol sin le faitíos a chur ar na Breatimeachtóirí ionas go ngéillfidh siad sa deireadh agus go nglacfaidh siad lena moladh féin.

Tá tráchtairí na hÉireann ar bís go dtarlódh a leithéid is iad á mholadh ar gach aon taobh. Bhí orainn féin vótáil in athuair nuair a ghlac muid an cinneadh ‘mícheart’ maidir le Nice agus le Liospóin, agus tuige mar sin nach mbeadh sé d’iachall ar na Sasanaigh an géilleadh céanna a dhéanamh?

Ach is deacair fós a shamhlú go ndéanfar a leithéid. Cinnte ní chuirfidh Theresa May a leithéid chun tosaigh, agus is ar éigean a mholfadh cibé comharba a thiocfadh ina diaidh a leithéid má éiríonn leis an vóta mímhuiníne i gcoinne May sa bPáirtí Caomhach.

Tá sé cinnte freisin nach mbeidh Jeremy Corbyn, ceannaire sóisialach Pháirtí Lucht Oibre na Breataine, ag iarraidh aon dara reifreann a bheith ann, agus níor luaigh Hillary Benn, ball den pháirtí atá go láidir i gcoinne an Bhreatimeachta, a leithéid in aon chor nuair a bhí sé ag caint le hÁine Lawlor ar raidió RTÉ.

Ach más ar éigean a bheidh an dara reifreann ann, tá seans maith ann nach mbeidh aon dul as ag na Caomhaigh ach dul i muinín olltoghcháin – go háirithe murar féidir móramh a fháil in Westminster ar son aon cheann de na roghanna atá acu.

Sin é cinnte atá Corbyn a iarraidh, ach sa gcás sin, is cinnte gur imeacht gan mhargadh a bheadh ann, ach amháin sa gcás go dtabharfadh an tAontas Eorpach síneadh ama don Bhreatain – agus b’fhéidir nach mbeidh siad ag iarraidh cabhrú le Corbyn ach an oiread i bhfianaise a naimhdeas féin don Aontas.

Tá féidearthachtaí eile ann, ach is é is dóichí a tharlóidh go mbeidh Breatimeacht gan mhargadh ann. Agus más ea cá bhfágfar an tír seo? Bheadh fadhb mhór ann faoin teorainn agus faoi thrádáil le Sasana, go háirithe d’earnáil na mairteola.

Ar ndóigh ní bheidh réiteach ar na fadhbanna seo gan socrú trádála a bheith déanta idir an Bhreatain agus an Eoraip, ach b’amhlaidh a bhí ón tús. Dá n-éireodh le May, bheadh tús curtha leis an idirbheartaíocht trádála, agus bheadh muid i bhfad níos fearr as dá mbeifí ag caint faoin trádáil ón tús.

Dea-scéal amháin ámh ná go bhfuil olc curtha ag an DUP ar pholaiteoirí is ar an bpobal araon sa mBreatain. Murach iad bheadh sé an-éasca socrú sealadach custaim a aontú, bheadh níos mó solúbthacht ann agus ní bheadh am a chur amú le hidirbheartaíocht nach léir aon réiteach faoi láthair uirthi.

Maidir leis an Aontas Eorpach, beidh siadsan sásta go leor. Is buille dóibh go bhfuil an Bhreatain ag imeacht, ach tá pionós géar gearrtha acu uirthi mar gheall air agus beidh tíortha eile ag cuimhneamh ar an bpionós sin feasta.

In Éirinn, beidh an tacaíocht don Aontas níos láidre ná riamh mar gheall ar an tuairim gur sheas an tAontas linn féin – ar a laghad go dtí go bhfeicfimid cén socrú trádála a dhéanfar sa deireadh is cén dochar atá i ndán dúinn mura ndéanfaimid athchóiriú ar ár gcaidreamh le Sasana agus leis an Eoraip.

Fág freagra ar 'An ceiliúradh tosaithe róluath agus an Breatimeacht crua ag bagairt i gcónaí'