An cás do lárionad Gaeilge i gcathair Chorcaí le fiosrú ag Aire na Gaeltachta

Tá ráite ag Aire na Gaeltachta Catherine Martin go bhféadfaí ionad Gaeilge a fhorbairt cois Laoi agus go bpléifidh sí an scéal le hoifigigh na Roinne

An cás do lárionad Gaeilge i gcathair Chorcaí le fiosrú ag Aire na Gaeltachta

Tá Roinn na Gaeltachta le fiosrú a dhéanamh maidir le lárionad Gaeilge a fhorbairt i gcathair Chorcaí.

Tá ráite ag Aire na Gaeltachta Catherine Martin go bhféadfaí a leithéid de thogra a fhorbairt sa chathair agus go bpléifidh sí an scéal le hoifigigh na Roinne.

“Tá scéim [ag mo Roinn] chun ionaid Ghaeilge a fhorbairt agus creidim go bhféadfaí rud éigin a dhéanamh i gCorcaigh ina thaobh seo ós rud é go bhfuil an mhian ann tacú leis an nGaeilge agus í a chur chun cinn,” a dúirt an tAire Martin sa Dáil mar fhreagra ar cheist ón Teachta Dála Thomas Gould ó Shinn Féin.

Dúirt Gould, Teachta do Chorcaigh Thuaidh-Lár, go bhféadfaí cuid de na foirgnimh fholmha sa chathair a úsáid don ionad teanga nua.

“Ba mhaith liom go n-úsáidfí foirgnimh fholmha. I mo phobal féin ar an taobh ó thuaidh de Chorcaigh, tá foirgnimh ann nach bhfuil in úsáid. D’fhéadfadh muid mol Gaeltachta a bheith sa cheantar le caifé, seomraí cruinnithe, leabharlann agus áit chun imeachtaí a reáchtáil. Tharraingeodh sé sin isteach na scoileanna agus an pobal,” a dúirt an Teachta Gould.

“An fhadhb atá ann do Ghaeilgeoirí faoi láthair ná nach bhfuil áit ar bith ann gur féidir leo dul agus a bheith i gcomhluadar Gaeilgeoirí eile. Táim ag smaoineamh freisin ar dhaoine cosúil liom féin atá ag iarraidh dul in áit éigin chun a gcuid Gaeilge a fheabhsú.”

D’fhiafraigh an Teachta Gould ar dtús an smaoineodh an Roinn ar ‘Ghaeltacht’ a bhunú ar an taobh ó thuaidh de chathair Chorcaí toisc go raibh “pobal bríomhar Gaeilgeoirí” sa cheantar.

Dúirt an tAire Martin go raibh Corcaigh ar cheann de na bailte a d’fhéadfaí a aithint mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta faoin bpróiseas pleanála teanga, ach plean teanga a bheith aontaithe leis an Roinn. Dúirt Martin chomh maith go raibh iarratas ar mhaoiniú breise don ghaeloideachas sa chathair á mheas ag a Roinn.

Tá tiomantais maidir le forbairt ionad Gaeilge ar fud na tíre luaite i gClár an Rialtais, sa Phlean Forbartha Náisiúnta agus maoiniú le cur ar fáil faoi Scéimeanna Tacaíochta Teanga.

Fág freagra ar 'An cás do lárionad Gaeilge i gcathair Chorcaí le fiosrú ag Aire na Gaeltachta'