Is léir nach gceapann na Stáit Aontaithe a thuilleadh gur tosaíocht í an Eoraip. Agus is léir freisin nach bhfuil aon chumhacht neamhspleách ag an Eoraip lena leas féin a chur ar aghaidh nuair a thagann sé salach ar leas na Stát Aontaithe.
Níl aon amhras ach go bhfuil an Eoraip agus Meiriceá ag scaradh agus ag dul malairt slí. Ba mhinic bás an chaidrimh thrasatlantaigh á thuar, ach ag Comhdháil Slándála München an deireadh seachtaine seo caite, tháinig deireadh leis.
Tá an Eoraip fágtha taobh amuigh: í roinnte agus gafa ag cogadh, ag meath ó thaobh na heacnamaíochta is a tionchar ar an domhan mór laghdaithe as cuimse. Tá Stáit Aontaithe Mheiriceá, is cosúil, ag iarraidh bunús caidrimh nua a chruthú leis an Rúis, b’fhéidir ar mhaithe le hiarracht a dhéanamh an Rúis a scoilteadh ón tSín.
Tá creatlach den socrú síochána ag éirí soiléir san Úcráin. Ní bheidh aon bhallraíocht i NATO ag an Úcráin; beidh an teorainn bunaithe ar an staid mhíleata reatha (an lá ab fhearr); beidh crios dímhíleataithe timpeall na teorann nua, b’fhéidir; agus fillfidh sócmhainní reoite na Rúise, agus cuirfear deireadh de réir a chéile leis na smachtbhannaí.
Tá Trump fiú ag iarraidh go mbeadh an Rúis ar ais sa G7.
Tá na hEorpaigh ar buile, ach, in ainneoin na cainte dána ní féidir tada a dhéanamh faoi. Mar shampla, ba mhaith leis an mBreatain agus leis an bhFrainc saighdiúirí a chur isteach san Úcráin –má bhíonn socrú ann– mar bharántas don Úcráin. Ach deir na Meiriceánaigh go mbeidh siad astu féin, is nach mar chuid de NATO a rachaidís ann dá n-ionsódh na Rúisigh iad.
Tá an Ghearmáin, agus an Pholainn fiú, ag diúltú a leithéid a phlé.
Tá Zelensky is an dream a bhaineann leis ag déanamh a míle dícheall Meiriceá a mhealladh ar ais, ach is cosúil go mbeidh parghas mór le híoc ar an gcabhair sin.
Bhí Trump ag moladh go nglacfadh SAM le caoga faoin gcéad d’acmhainn na hÚcráine – mianraí tearcithreach, gás, ola, poirt, infreastruchtúr is eile.
Mar a deir an nuachtán Sasanach an Daily Telegraph, is pionós é sin a bheadh níos déine ná na híocaíochtaí cúitimh a bhí ar an nGearmáin a dhéanamh nuair a chaill siad an chéad cogadh domhanda.
B’fhéidir, go deimhin, go bhfaigheadh an Úcráin socrú níos fearr ón Rúis.
Go bunúsach bhí cuid de na téarmaí atá á bplé anois ar fáil in Minsk agus in 2022.
I measc na socruithe sin d’fhanfadh an Úcráin taobh amuigh de NATO mar stát neodrach; bheadh cead acu ballraíocht a lorg san Aontas Eorpach ach amháin gan a bheith gafa in aon chomhaontú míleata; bheadh údarás áirithe acu sa Donbas ach amháin go mbeadh féinriail acusan agus cearta lucht labhartha na Rúisise cinntithe.
Tá téarmaí an lae inniu níos measa sa mhéad is nach mbeidh aon údarás ag Kyiv ar an Donbas, agus níos measa go mór sa mhéad is gur ag Stáit Aontaithe Mheiriceá, seachas ag an Úcráin, a bheidh cuid d’acmhainní nádúrtha na hÚcráine.
Tá an Úcráin á fáisceadh idir cumhacht mhíleata na Rúise agus an slad eacmaíoch na Meiriceánach orthu.
Arbh fhiú na céadta míle bás an toradh seo? Go háirithe dá dtarlódh sé go raibh téarmaí níos fearr ar fáil trí bliana ó shin?
Ach ní admhaíonn na polaiteoirí a thug bréag-ghealltanais don Úcráin go bhfuil fuil ar a lámha siúd, ná na daoine a d’fhógair arís is arís gur cóir leanacht leis an ár.
Cibé rud a tharlós sna seachtainí beaga seo romhainn, is léir go bhfuil athrú bunúsach i ndán do pholasaithe slándála an iarthair. Níl a fhios sa diabhal ag an Eoraip céard is cóir dóibh a dhéanamh, ach ní leigheas ar bith é a bheith ag béiceadh amach go leanfaí leis an gcogadh nuair atá Meiriceá ag iarraidh críoch a chur leis.
Is, mura bhfuil a fhios ag an Eoraip, níl tuairim dá laghad ag Micheál Martin ná ag rialtas na tíre seo, seachas beart ciallmhar amháin: dúirt Martin nach mbeadh aon pháirt ag an tír seo san Arm Eorpach atá á éileamh ag Zelensky.
Tuigeann an Taoiseach nach féidir aos óg na tíre seo a chur isteach san Úcráin le bás a fháil ansin.
Fág freagra ar 'An caidreamh trasatlantach scriosta agus gan fios ag an Eoraip céard a dhéanfaidh siad faoi'