An cáca ‘aerach’– míshuaimhneas faoi chinneadh cúirte

Impleachtaí an bhreithiúnais faoin gcáca ‘aerach’ do reachtaíocht an chomhionannais

An cáca ‘aerach’– míshuaimhneas faoi chinneadh cúirte

Tháinig breithiúnas na dTiarnaí i Londain aniar aduaidh ar dhaoine i dTuaisceart Éireann. D’iompaigh an Chúirt Uachtarach droim ar ais an cinneadh a rinne dhá chúirt i mBéal Feirste. Rialaigh breithiúna na cúirte uachtaraí d’aon ghuth nach ndearna lucht siopa i mBéal Feirste leithcheal ar fhear aerach nuair a dhiúltaigh siad cáca a dhéanamh ar a mbeadh an mana ‘support gay marriage’. Thiocfadh an mana salach ar a gcreideamh go bhfuil pósadh comhghnéis mícheart.

Cinneadh in aghaidh ‘an cháca’ agus ní i gcoinne an chustaiméara ab ea é dar leis na tiarnaí breithimh. Ní léir fós an gcuirfidh an rialú clabhsúr ar an gcás a mhair breis is ceithre bliana go leith. Is léir go raibh sé costasach, conspóideach agus gur chuir sé brú as cuimse ar an ngearánaí, an feachtasóir aerach Gareth Lee agus ar an teaghlach Críostaí, Daniel agus Amy McArthur, úinéirí an bhácúis Asher’s Bakery.

D’fhéadfadh Lee achomharc a dhéanamh sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine ach níl cinneadh déanta aige go fóill faoi sin.

Cáca ‘teoiriciúil’ nó ‘samhlaithe’ is ea é seo mar níorbh ann dó riamh ach bhí an scéal ina dhomlas ón tús.

Chuaigh an custaiméir isteach sa siopa, d’ordaigh sé cáca le pictiúr de Bert & Ernie as Sesame Street agus an teachtaireacht i scríbhinn ag tacú le pósadh comhghnéis. Ghlac an siopa leis an íocaíocht £36.50. Cúpla lá ina dhiaidh sin d’aisíoc Asher’s a chuid airgid leis agus dúirt nach ndéanfadh siad an cáca mar gur sháraigh an teachtaireacht a bhí le cur air creideamh na n-úinéirí. Bhraith an tUasal Lee gur chinneadh idirdhealaitheach é sin agus chuaigh sé i gcomhairle leis an gCoimisiún Comhionannais a thacaigh lena dhúshlán cúirte.

Áirítear go raibh costas leathmhilliún punt ar an bpróiseas go dtí seo – an cás a thug Gareth Lee agus an Coimisiún Comhionannais chun na cúirte dúiche agus an dá achomharc a rinne muintir McArthur agus a lucht tacaíochta soiscéalach.

Cás samplach ab ea é ag an dá thaobh. Údar caithréime do ghrúpaí soiscéalacha ab ea cinneadh na Cúirte Uachtaraí, luach saothair maith ar a gcaiteachas timpeall is £250,000. Ach níor dhea-scéal é don Choimisiún Comhionannais.

Tharraing cinneadh an Choimisiúin suas le £250,000 d’airgead poiblí a chaitheamh ar an gcás seo diancháineadh ó aontachtaithe. D’fhógair feisire an DUP, Ian Paisley (a bhfuil taithí mhaith aige ar airgead poiblí Shrí Lanca a chaitheamh) gur scríobh sé féin ag Státrúnaí an Tuaiscirt, Karen Bradley ag iarraidh uirthi scrúdú a dhéanamh ar conas a chaitheann an Coimisiún a bhuiséad.

Mhol Steve Aiken, UUP go ndéanfaí iniúchadh ar chaiteachas an Choimisiúin agus d’éiligh Jim Allister an TUV agus Jim Wells an DUP go n-éireodh an Dochtúir Michael Wardlow, an Príomh-Choimisinéir as oifig mar gheall ar airgead poiblí “a chur amú agus é sa tóir ar Asher’s”.

Thug an Dr Wardlow an t-eiteachas dóibh ach ní áibhéil ar bith é gur bhuille trom don Choimisiún é breithiúnas na Cúirte Uachtaraí i Londain. Bhí go leor daoine míshuaimhneach faoin gcás le fada, iad den bharúil go rabhthas ag dul thar fóir agus dúshlán gnólacht príobháideach a thabhairt, murab ionann agus comhlachtaí poiblí. Ba léir go raibh difríocht bhunúsach idir léamh na dTiarnaí agus tuiscint na mbreithiúna abhus ar reachtaíocht an chomhionannais. D’ardaigh sé cruacheisteanna don Choimisiún faoin mbrí nó an mheabhair a bhaineann sé as an dlí agus cé na dúshláin atá i ndán dóibh i bhfianaise an rialaithe seo.

Dúirt urlabhraí ón gCoimisiún go gcaithfeadh siad an bhreith a scrúdú go mion. Chaithfí na ciallachais a mheá, a dúirt sé, mar gur iompaigh rialú na dTiarnaí bunoscionn an cás dlí a forbraíodh abhus le blianta maidir le hidirdhealú ar bhonn claonadh gnéis, polaitíochta nó creidimh. Táthar imníoch, dar leis an Dr Wardlow, go gcothóidh an breithiúnas éiginnteacht faoi fheidhm dhlí an chomhionannais in earnáil na tráchtála.

An mbeidh sé soiléir cé na dualgais atá ar ghnólachtaí agus cé na cearta a bheidh ag custaiméirí? An bhfaighidh creideamh úinéirí gnó tosaíocht ar chearta ionannais an chustaiméara feasta de bharr an bhreithiúnais seo? a d’fhiafraigh an Dr Wardlow. Dar leis go mbeadh sé sin ag teacht salach ar bhrí na reachtaíochta.

Ar an láimh eile, dúirt an breitheamh an Bhantiarna Hale agus í ag fógairt an bhreithiúnais nár bhain an rialú ar aon bhealach den riachtanas cearta daoine aeracha agus daoine a thacaíonn le pósadh comhghnéis a chosaint ó leithcheal. Dúradh sa bhreithiúnas freisin nár cheart iallach a chur ar aon duine tuairim pholaitiúil nach n-aontaíonn sé léi a chur in iúl.

Bhí an rialú ciallmhar gan dabht fad is a bhaineann sé le bunchreideamh duine a shárú. Bhí ciall freisin leis an argóint go ndiúltófaí an cáca a dhéanamh d’éinne – cuma ar heitrighnéasach nó homaighnéasach a d’ordódh é. Ba laige é sin ar an gcás ariamh. Ach an amhlaidh rabhthas ag iarraidh ar an mbácús aontú leis an mana ar an gcáca? Sin ceist. Ní hiontas go bhfuil daoine míshuaimhneach.

Fág freagra ar 'An cáca ‘aerach’– míshuaimhneas faoi chinneadh cúirte'

  • Des O Murchu

    Cad faoi caca Tri Dhath Glas Ban Oraiste?