Príomh-Aire sa tóir ar shlata chun é féin a sciúrsáil? Bhí a dhóthain fadhbanna ag Keir Starmer sular chothaigh sé ceann breise gan ghá. Tá diúltaithe ag clé, deas agus lár don phlean chun cárta aitheantais ‘Breatchárta’ a dhéanamh éigeantach chun obair a fháil san Ríocht Aontaithe.
Scéim amscaí í seo atá riachtanach dar le rialtas an Lucht Oibre chun teorainneacha na Ríochta Aontaithe a chosaint. Más easpa físe dá Phríomh-Aireacht faoi ndear é nó scanrú roimh Reform ar cheist na hinimirce tá gach cosúlacht ar an moladh seo nár deineadh anailís ar na ciallachais. Má deineadh aon mhachnamh faoi cá gcothódh sé deacrachtaí, conas nár cuireadh san áireamh an tionchar a bheadh aige i dTuaisceart Éireann?
An lá ar fógraíodh é, dúirt aire rialtais gur Breatchárta (Britcard) a bheadh ann. Taobh istigh de cheithre uaire fichead bhíothas á shéanadh sin, ag rá nár chárta éigeantach le haghaidh gach gné den saol a bheadh ann. Le ceart fostaíochta amháin a bhainfeadh sé, a maíodh. Bheadh ainm, dáta breithe, náisiúntacht, grianghraf agus ceart cónaithe duine ar an gcárta digiteach i nguthán. Dúirt an Príomh-Aire Starmer “ní bheidh cead agat a bheith ag obair san Ríocht Aontaithe d’uireasa an chárta aitheantais digiteach; sin é, tá sé chomh simplí sin”.
Níl sé chomh simplí sin i dTuaisceart Éireann, áfach. Is iontach nach raibh a fhios sin ag Keir Starmer, an dlíodóir a chaith blianta mar chomhairleoir cearta daonna ag Bord Póilíneachta TÉ. Chaithfeadh sé gur eol dó gur thug Comhaontú Aoine an Chéasta an ceart do dhaoine abhus a bheith ina saoránaigh Éireannacha nó Bhriotanacha, nó an dá aitheantas mar is mian leo féin.
Sárú ar an gceart sin a bheadh i gcoinníoll ar bith a chuirfeadh éigean ar dhuine cárta aitheantais digiteach Briotanach a úsáid chun obair a fháil, glaodh siad Breatchárta air nó ná glaodh. Ní nach ionadh bhí an plean doghlactha ag Sinn Féin agus an SDLP ar an mbonn sin. Bhí sé doghlactha ag aontachtaithe mar gur baolach, dar leo, go ndéanfaí idirdhealú idir an Tuaisceart agus an chuid eile den Ríocht Aontaithe. Bhí gach páirtí abhus ina choinne. Tá náisiúnaithe na hAlban dubh dóite ina éadan chomh maith.
Ba léir gur cheap an rialtas seachtain ó shin gur phlean beag cliste é seo a mbeadh an chóir leis sna laethanta roimh a gcomhdháil bhliantúil i Learpholl. Léireodh sé go raibh beart nua acu in aghaidh inimirce neamhdhleathach, a cheap siad. Ina ionad sin léirigh sé nach raibh airí soiléir faoina raibh i gceist agus go raibh seans maith nach raibh sé oibrithe amach ag aon duine.
Maolaíodh na moltaí cúpla babhta. Ainneoin gur mar sin a chuir aire rialtais síos air ar an teilifís, mhaígh urlabhraithe nárbh é an rialtas ach na meáin a ghlaoigh Breatchárta éigeantach air. Sé an leagan is deireanaí nach mbeadh ann ach aip nach mbeadh gá léi ach nuair a bheadh duine ar lorg oibre. Ní bheadh aon chall leis an aip ag pinsinéirí ná mic léinn nach mbeadh ag iarraidh oibre, dar le roinnt feisirí.
Níor laghdaigh sé sin imní éinne. Chomh maith leis na páirtithe abhus bhí na Caomhaigh faoi cheannas Kemi Badenoch cáinteach ar an mbonn go ndéanfadh an Lucht Oibre praiseach de. Bhí na Liobrálaigh Dhaonlathacha amhrasach an mbeadh tionchar ar bith aige ar inimirce neamhdhleathach.
Níos bunúsaí fós, is údar buartha é cosaint sonraí i gcóras ar bith den chineál seo. I bhfianaise chomh minic is atá teipthe ar chomhlachtaí teicneolaíochta –agus rialtais –sonraí a chosaint tuige a mbeadh muinín ag daoine as an scéim seo? Tá achainí chun Parlaiminte i gcoinne na scéime sínithe ag na milliúin cheana féin, cor a chinntíonn díospóireacht in Westminster ach ar ndóigh tá na huimhreacha ag an Lucht Oibre chun an vóta a bhuachan –mura ndiúltóidh baill an pháirtí. Treiseofar ar an mbrú ó ghrúpaí saoirse sibhialta agus páirtithe eile san tréimhse seo romhainn. An fiú an tairbhe an trioblóid do Starmer cloí leis? Cibé cinneadh a dhéanfaidh sé lagófar a thuilleadh é.
Fág freagra ar 'An ‘breatchárta’ imeartha go liobarnach ag Starmer'