An Blascaod inné, Toraigh inniu… cén fáth go mbíonn ar oileánaigh dul i mbun agóide chun aon ní a bhaint amach?

Bhraith rialtas i ndiaidh rialtais gur saoráidí a bheadh an saol acu dá mbánófaí na hoileáin ar fad ar chósta na tíre

An Blascaod inné, Toraigh inniu… cén fáth go mbíonn ar oileánaigh dul i mbun agóide chun aon ní a bhaint amach?

Aon bhliain déag is trí fichid ó shin, bhí muintir an Bhlascaoid i gcruachás. Bhí an uain ar bun ar fad an geimhreadh úd, farraige cháite, stoirm agus anaithe ag bascadh an oileáin agus a mhuintire. Chuadar seacht seachtaine fada díreach gan aon chos Bhlascaodach a leagan ar an míntír, ó bhí Bealach an Oileáin róshuaite ar feadh an ama le naomhóg a chur ar snámh.

Ar deireadh bhí ar mhuintir an oileáin, pobal a bhí tar éis maireachtaint go neamhspleách ar a n-oileáinín leis na cianta, dul ag lorg déirce ar Rialtas de Valera. Ar an 22 Aibreán 1947, seoladh teileagram gonta ón oileán: ‘De Valéra Dublin – stormbound distress send food nothing to eat = Blaskets’. Dhein an Taoiseach rud orthu, agus sheol sé árthach lán bia chucu láithreach. Bhunaigh sé coimisiún fiosraithe chun cabhrú le muintir an oileáin, chinn an coiste gurbh fhearr agus gurbh áisiúla dóibh féin agus do mhuintir an oileáin an pobal ar fad a aistriú chun na míntíre, rud a deineadh i 1953/54. Bhí neamhaird iomlán déanta ag rialtas dúchasach den mBlascaod Mór le tríocha bliain, agus anois bhí an t-oileán tréigthe. 

Sin an eachtra a rith liom agus mé ag féachaint agus ag éisteacht le muintir Thoraí agus a lucht tacaíochta ag máirseáil chun na Dála an tseachtain seo d’imigh tharainn. Cleithire de bhád farantóireachta úrnua, oiriúnach, ná beadh aon bheann aici ar na farraigí idir Toraigh agus cé Mhachaire Rabhartaigh a bhí á éileamh acu le tamall, ach cad a bhí le tabhairt dóibh mar thoradh ar chonradh rialtais? Seanbhocait de bhád, atá deich mbliana níos sine ná mé féin. Tá bád cúig mbliana is daichead le teacht in áit bád atá cúig mbliana fichead.

Maithigí dom a leithéid de rud a rá (agus ná cloiseadh Nigel Farage mé), ach i gcás an Bhlascaoid, agus mórán oileán eile a tréigeadh le linn an fichiú haois, dhein rialtas na Ríochta Aontaithe i bhfad Éireann níos mó chun pobail bhuana theaspúla a chothú orthu ná mar a dhein rialtas an 26 contae. Tógadh cé nua sa Bhlascaod ag tús an fichiú haois, agus tógadh cúig cinn de thithe nua-aimseartha dos na teaghlaigh ba lú speilpe i 1909. Bhíothas chun foirgneamh scoile nua a thógaint ann tráth an ama céanna. Agus cad a tharla tar éis neamhspleáchais? Dúnadh an scoil i 1941, níor feabhsaíodh an ché riamh (tá an ché fós mar a bhí sí céad bliain ó shin), ná ní lú go bhfuaireadar bád freastail rialta, fé mar a bhí á éileamh acu. Tógadh tithe nua do mhuintir an Bhlascaoid, ceart go leor, i 1953, ach ar an míntír i nDún Chaoin a tógadh iad.

Feictear dom gur bhraith rialtas i ndiaidh rialtais gur saoráidí a bheadh an saol acu dá mbánófaí na hoileáin ar fad ar chósta na tíre. De dheasca imirce, neamhairde, agus orduithe rialtais, tréigeadh an Blascaod Mór, Acaill Bheag, Inis Airc, Inis Muirígh, Gabhla … agus deineadh tréan-iarracht Toraigh a ghlanadh sna 1970/80í, ach gur seasadh an fód. Táid fós ar an gcreig i lár na farraige, bail orthu.

Is fiú éisteacht lena n-éilimh. Tuigeann oileánaigh na riachtanais a bhaineann le bheith ag maireachtaint ar oileán míle uair níos fearr ná mar a thuigimidne. Más é a mórthuairim siúd nach bhfuil an Queen Of Aran oiriúnach don bhfarraige a threabhadh, caithfear géilleadh dóibh. Mura mbeadh ach aon bhóthar amháin isteach go Dún Chaoin, agus dá mbeadh an Rialtas ag rá linn bheith ag brath ar sheanchairt asail chun sinn a bhreith don Daingean, bheadh a bhfreagra acu go deas tapaidh.

Dhein muintir an Bhlascaoid éileamh amháin i 1947; dúirt seanbhaitsiléir ón oileán, ag cruinniú a bhí acu i seanscoil an oileáin, ná sábhálfadh faic an t-oileán ach árthach ban a sheoladh ann. Bhí an seanbhaitsiléir d’iarraidh a bhó féin a chur thar abhainn, chun daonra an oileáin a mhéadú …

Ach sin scéal thairis agus ní hé sin ach é seo; canathaobh go mbíonn ar oileánaigh dul i mbun agóide chun aon ní a bhaint amach? Tá muintir Thoraí ina bhun fé láthair, fé mar a bhí muintir Árann lena seirbhís farantóireachta féin a shábháil. Ba cheart go mbeadh meas agus urraim ag na húdaráis ar na hoileánaigh, agus éisteacht leo, nó ní bheidh in oileáin na hÉireann ach láithreacha chun grianghrafanna bolscaireachta a thógaint do Fáilte Éireann.

Tá sé luaite sa Phlean Forbartha Náisiúnta go bhfuil bád farantóireachta úrnua le tabhairt do mhuintir Thoraí. Ach ar a shon san is eile, tá na hoirc is na hairc geallta sa cháipéis chéanna. Is dóichí gur feitheamh fada ar chosa laga atá roimh mhuintir an oileáin.

Nó, b’fhéidir, in Ionad an Queen of Aran a thabhairt do mhuintir Thoraí gur cheart, idir an dá linn, árthach ban a sheoladh go dtí seana-bhaitsiléirí Thoraí chun an daonra a mhéadú.

Fág freagra ar 'An Blascaod inné, Toraigh inniu… cén fáth go mbíonn ar oileánaigh dul i mbun agóide chun aon ní a bhaint amach?'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Ní chóir go nglacfadh muintir Thóraigh leis an mír dhéanach sa Phlean Forbartha Náisiúnta agus bád nua farantóireachta a chur ar fáil. Ní breac go port é, agus is fada uatha an breac céanna. Níl ansan ach sup in aghaidh na scuaibe chun an agóid faoin Queen of Aran a cheansú. Go seasódh muintir Thóraigh an fód idir an dá linn lena n-iarratas agus bád le dealramh a bheith ann anois, bád a bheadh caite go maith faoin am go dtiocfadh bád nua an Phlean ar an saol, más fíor.