Tá iaruachtarán na Brasaíle, Jair Bolsonaro, curtha faoi bhraighdeanas baile. Agus é ag teacht abhaile in ardchathair na tíre, Brasília, tráthnóna Dé Luain, ghabh na póilíní feidearálacha é, chuardaigh a theach, agus thóg uaidh a ghuthán póca.
An guthán póca céanna sin is cúis leis an mbraighdeanas baile.
Ón 18 Iúl i leith, tá cosc ar Bolsonaro, atá cúisithe as iarracht a dhéanamh coup d’état a chur i gcrích in Eanáir 2023, úsáid a bhaint as na meáin shóisialta.
Ach de réir Chúirt Uachtarach na Brasaíle, bhain Bolsonaro úsáid as cuntais a chuid mac go rialta ó shin chun a lucht tacaíochta a ghríosú. Tharla léirsithe móra ar son an iaruachtaráin in São Paulo agus in Rio de Janeiro ag an deireadh seachtaine.
D’éirigh an scoilt i sochaí na Brasaíle níos leithne fós ó shocraigh an Chúirt Uachtarach Bolsonaro a chur faoi bhraighdeanas baile. Roimhe sin le coicís anuas, bhí ar an iaruachtarán bráisléad leictreonach a chaitheamh ar a rúitín, ach is léir gur srian ar leibhéal eile ar fad é an braighdeanas baile. Mar shampla amháin i measc coinníollacha eile, níl cead ag Bolsonaro aon chuairteoirí a bheith aige.
Chuaigh na meáin shóisialta trí thine ar an bpointe boise.
‘Lá mór don daonlathas’ an mana a bhí ag an eite chlé; ‘Deachtóireacht!’ an mana a bhí ag lucht tacaíochta Bolsonaro.
Ní mó ná sásta ach oiread atá Donald Trump. Méit de chineál de chuid an Trumpaigh atá in Jair Bolsonaro, agus a gcuid dearcthaí coimeádacha as an áireamh, tá rud eile i gcoitinne ag an mbeirt: an chaoi ar ghríosaigh an bheirt acu a lucht tacaíochta féin chun ionsaithe a dhéanamh ar an daonlathas – an t-ionsaí ar an gCaipeatól in Washington DC ar an 6 Eanáir 2021, agus na hionsaithe ar thithe éagsúla de chuid an rialtais in Brasília ar an 8 Eanáir 2023.
Sa Bhrasaíl, bhí rath ar an bhfiosrúchán a cuireadh ar bun i gcoinne Bolsonaro de bharr eachtraí an 8 Eanáir 2023; níl cead aige seasamh i dtoghchán go dtí an bhliain 2030, agus níl ach oiread na fríde anois idir é agus téarma príosúnachta.
Sna Stáit Aontaithe, atoghadh Donald Trump – ach má chailleann sé sin toghchán amach anseo, agus mura mbíonn sé ina chogadh cathartha sna Stáit Aontaithe ina dhiaidh sin, gach seans gurb í cinniúint Jair Bolsonaro a bheidh i ndán dó féin.
Dá bharr sin ar fad, ní raibh an caidreamh idir na Stáit Aontaithe agus an Bhrasaíl chomh dona agus atá faoi láthair le cuimhne na ndaoine.
‘Géarleanúint’ a thug Trump ar chinneadh Chúirt Uachtarach na Brasaíle bráisléad leictreonach a chur ar rúitín Bolsonaro; ‘coir i gcoinne na gcearta daonna’ a thug sé ar an gcinneadh Bolsonaro a chur faoi bhraighdeanas baile.
Ó thús na míosa seo, tá táille iompórtála 50 faoin gcéad á gearradh ag Meiriceá ar mhórchuid earraí ón mBrasaíl; mar fhreagra, tá an táille chéanna á gearradh ag an mBrasaíl ar mhórchuid earraí ó Mheiriceá.
Cé go bhfuil mórchuid Brasaíleach buartha faoin tionchar a bheidh ag an táille sin ar gheilleagar na tíre, is mó fós a n-imní faoin gcaoi a mbíonn a ladar á chur isteach ag Donald Trump i bpolaitíocht inmheánach a dtíre, ar bhealach a mheabhraíonn an chaoi a mbíodh na Stáit Aontaithe á dhéanamh sin go tráthrialta i Meiriceá Theas agus Láir sna 1970idí, sna 1980idí agus sna 1990idí.
Fág freagra ar 'An Bhrasaíl: an t-iaruachtarán Bolsonaro curtha faoi bhraighdeanas baile'