An bhfuil ré órga na teilifíse caite?

Caitheann ár gcolúnaí teilifíse a shúil ar na saothair theilifíse a bhí i mbéal an phobail in 2023

An bhfuil ré órga na teilifíse caite?

Bhí na ceártaí éagsúla ag taoscadh chugainn ar dalladh i rith na bliana, ach ní hionann cainníocht agus cáilíocht. Táthar ann a mhaífeadh go bhfuil ré órga na teilifíse caite, ach tá seoda ann i gcónaí agus tá an scáileán beag fós ina mháistir ar an scáileán mór.

The Last of Us

Ar an gcéad luí súl cheapas go raibh HBO ag leanúint na conairte seachas ar thosach cadhnaíochta leis an saothar is déanaí uathu. De réir a chéile dhein an saothar stuifiúil seo a iomaire féin a threabhadh. Splanc bhreá idir an bheirt cheann feadhna Joel (Pedro Pascal) agus Ellie (Bella Ramsey). De réir na dtuairiscí caitheadh breis is $90 milliún ar na naoi gclár atá sa chéad sraith agus tá na pinginí le feiscint sna maisíochtaí a chuireann an domhan diostóipeach ina steillbheatha os ár gcomhair. De réir scéil beidh an dara sraith chugainn in 2025.

 

Succession

Tháinig deireadh le hargóint agus cúbláil mhuintir Roy in 2023. Bhí an lucht féachana faoi dhraíocht ag carúil agus suarachas an teaghlaigh mhífheidhmigh seo le ceithre shéasúr agus cúig bliana anuas. An patrarc Logan Roy (Brian Cox) ag fógairt go garbh agus go mífhoighneach ar chách. Na liúdramáin de leanaí atá aige ag sodar ina dhiaidh agus ag baint na sála de ag an am céanna. Ba mhisniúil an mhaise é Logan a chur de dhroim seoil i bhfad roimh an deireadh. Greann, suarachas, rachmas agus aisteoireacht den scoth.

 

The Crown

Ba é saothar Peter Morgan is mó a bhí á fhéachaint le Succession le cúpla bliain anuas agus tháinig sé féin chun scríbe chomh maith i mbliana. Tá teaghlach Windsor linn le 6 shéasúr agus 7 mbliana. Sna blianta tosaigh, agus Claire Foy, sa phríomhról, fuair an tsraith moladh thar na bearta. Aisteoireacht agus scríbhneoireacht den scoth mar aon le seiteanna is cultacha taibhseacha. Má bhí lorg na cumadóireacht ar chúrsaí ba chuma linn. D’éiríomar níos míshuaimhní faoi sin agus cúrsaí ag druidim níos cóngaraí don lá inniu. Bí cúirtéireacht Will agus Kate i lár an aonaigh sna cláir dheireanacha; ní haon scéal ana-shuimiúil é sin. Ba leamh agus ba liobarnach an chríoch í.

 

The Bear

Chuir an saothar beag simplí seo an lucht féachana faoi gheasa in 2022. Bhí méadaithe ar an lucht leanta dílis faoin tráth is gur tháinig an dara séasúr os ár gcomhair i mbliana. Carmy (Jeremy Allen White) fós ag sclábhaíocht leis ag iarraidh cuma is dealramh a chur ar bhialann a dhearthár mar aon le dul i ngleic le féinmharú an dearthár chéanna. Foireann bhreá carachtar agus aisteoirí timpeall air. Níl aon chulaith ghaisce anseo, taobh amuigh b’fhéidir, de na seatanna áille den bhia.

 

Once Upon a Time in Northern Ireland

Saothar faisnéise corraitheach tábhachtach. I gcaitheamh na mblianta is mó saothar a dhein iarracht léargas a thabhairt ar chorraíl na dTrioblóidí. Moladh an tsraith seo go hard na spéire. Guth ionraic an ghnáthphobail ón dá thaobh den choimhlint in ionad gach re sea na bpolaiteoirí. Gluaiseann an tsraith ar aghaidh go croineolaíoch ó 1968 i leith. Sé James Bluemel, an té a thug Once Upon a Time in Iraq chugainn, atá ar an stiúir.

 

RTÉ agus TG4

Bhain an chuid is fearr de dhrámaíocht RTÉ le castróvaics airgid an stáisiúin agus na cuairteanna éagsúla ar choistí Dála. D’imigh Tubs agus tháinig Kielty; mairimid i gcónaí. Caithfidh mé a rá gur thaitin an tsraith coiriúlachta Kin liom go mór agus bhí an dara séasúr stuama, taitneamhach go maith. D’fhill RTÉ ar bhunsphrionsabail an chláir cúrsaí cainte le Upfront agus ar deireadh thiar thall d’éirigh le TG4 clár imscrúdaithe cúrsaí reatha a thabhairt ar an bport. Bhí an chéad gheábh de Iniúchadh TG4 suaite go maith agus mórán den tuairim go raibh sé róluath clár a dhéanamh faoi thubaiste an Chraoslaigh. Thángthas isteach ar an gcúram tar éis tamaill ach dúshlán leanúnach amach anseo a chinntiú gurb é an toise imscrúdaithe máithreacha an chláir.

Fág freagra ar 'An bhfuil ré órga na teilifíse caite?'

  • Pádraig Ó Raghallaigh

    Focal amháin: tá
    Cúpla focal eile: I bhfad ó shin