Coinnímis cúrsaí chomh simplí agus is féidir. Cuir as do chuimhne gach figiúr dár chuala tú ó bhéal pholaiteora le mí anuas. Ní féidir ciall cheart a bhaint astu go dtí go mbeidh na forógraí toghcháin agus na meastacháin a ghabhann leo ar fáil.
Tá doiléire i réim, mar sin. Ach chun toise an spáis fhioscaigh (a bhfuil an oiread tráchta á dhéanamh faoi láthair air) a thomhas, is leor faoi láthair cuntas gairid a thabhairt ar:
(a) an méid a gealladh don phobal fiú sular thosaigh feachtas an olltoghcháin, agus
(b) ar an airgead breise a bheidh le caitheamh ag an rialtas nua, fiú gan feabhas ar bith a d’fhéadfadh teacht ar an ngeilleagar a chur san áireamh
Seo a leanas liosta samplach de na tairiscintí a d’fhógair na páirtithe éagsúla go dtí seo.
Níl na hathruithe seo geallta ag gach páirtí, ar ndóigh, ach tá léargas sa liosta iomlán ar an gclaonadh ginearálta.
- Táillí uisce a chur ar ceal
- An Muirear Sóisialta Uilíoch a chur ar ceal.
- Pinsin: ardú geallta.
- Cáin ghnóthachan caipitiúil: laghdú geallta.
- Cáin ioncaim: laghdú geallta.
- Íosphá: ardú geallta.
- Scéim chabhrach (nó, i nglan-Ghaeilge ‘airgead’) do cheannaitheoirí céad uaire.
- Scéim nua (is é sin le rá arís, ‘airgead’ ) chun costais cúram leanaí a laghdú
- Laghdú ar rátaí gnó.
- Bunú seirbhís náisiúnta sláinte cosúil leis an NHS sa Ríocht Aontaithe.
- Cúram sláinte saor in aisce ó dhochtúirí teaghlaigh.
Agus mar sin de…
Ní aontaíonn gach páirtí le gach tairiscint thuas ar ndóigh, ach tá léargas ar an bhflaithiúlacht atá i réim i bhformhór* na ngeallúintí. Agus ná bíodh aon amhras orainn: is é meon na vótóirí a spreag an fhlaithiúlacht.
Mura mbeadh fiacha náisiúnta os cionn €200 billiún orainn, agus dá bhféadfaí talamh slán a dhéanamh de nach dtitfidh an tóin as geilleagar na tíre seo nó as geilleagar an domhain luath nó mall, ní bheadh aon údar imní againn.
Ach tá caiteachas breise do-sheachanta le cur sa chuntas freisin agus tairiscintí na bpáirtithe á meá ag gach vótóir. Mar shampla:
- Arduithe ar thuarastail san earnáil phoiblí.
- Ardú ar phinsin agus ar shochair leasa shóisialta.
- Earcú múinteoirí breise, altraí breise, oibrithe sóisialta breise srl
- Tógáil scoileanna nua, áiseanna nua leighis, bóithre nua srl
- Méadú ar chaiteachas stáit mar gheall ar an ráta boilscithe.
Ní hionann an chontúirt pholaitiúil atá romhainn sa toghchán seo agus an chontúirt a bhain leis an mífhreagracht a rinne dochar as cuimse don tír roimh 2008. Ach, mar atá ráite sna tuairiscí neamhchlaonta ar ar tharla sa tréimhse sin, ní ar aon pháirtí amháin a bhí an milleán.
Teastaíonn faoiseamh ó mhórán daoine sa tír seo, ach teastaíonn ciall agus cáiréis chomh maith.
Tá an ‘spás fioscach’ á phlé go tréan ag polaiteoirí éagsúla le tamall anuas. Níl i gceist leis an ‘spás fioscach’ dáiríre ach an t-airgead sa bhreis a bheidh ar fáil ag an rialtas amach anseo gan aon cháin a ardú. Ar ndóigh braitheann an ‘spás fioscach’ ar rath a bheith ar an tír, mar a shíltear a bheidh, agus nach dtarlóidh tubaiste a chuirfidh na meastacháin ó mhaith.
Bíonn stuaim agus gliceas de dhíth ar gach polaiteoir a dhéanann leas a thíre. Agus bíonn a leithéid de dhíth ar gach gobadán a bhíonn ag freastal ar an dá thrá. Ach ní raibh ar aon ghobadán riamh vótóir a mhealladh.
* Ní foláir a rá nach mbaineann aon cheann de na tairiscintí thuas leis an an gComhaontas Glas.
Is láithreoir ar Morning Ireland ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille
Fág freagra ar 'An bhfuil ‘polaitíocht an cheant’ sa treis an athuair?'