An bhfuil iománaithe na Gaillimhe gaibhte chomh mór sin chun deiridh?

Ba mhór ab fhiú fós cúpla cluiche bríomhar, fuinniúil, spreacúil a ghiorródh an samhradh

An bhfuil iománaithe na Gaillimhe gaibhte chomh mór sin chun deiridh?

Rory O’Connor le Joseph Cooney. Pictiúr: ©INPHO/Oisin Keniry

Níor thug an Spailpín Fánach le fios riamh ar tarraingíodh anuas an iománaíocht an lá fliuch úd a chaith sé go dramhlásach ar Mhargadh Chill Chainnigh áit ar chuir bean an leanna an pionna ann nó, go deimhin an lá breá ina dhiaidh sin ar chas na bruinneallacha ‘tanaí tláthdheasa’ dó thíos i nGaillimh. Bheadh iontas orm murar tarraingíodh.

Dá mba an tseachtain seo caite a bhí sé i gCathair an Mharmair nó i gCathair na dTreabh ba dheacair dó éalú óna leithéid de comhrá déarfainn agus foirne na gcontaetha ag imirt a chéile i gcluiche craoibhe inniu den cheathrú huair in imeacht bliana.

Ní raibh mé féin cois Feoire ach in achar cúpla céad slat i gceartlár na Gaillimhe Dé hAoine seo caite stop ceathrar mé agus an imní chéanna orthu ar fad. An bhfuil iománaithe an chontae gaibhte chomh mór chun deiridh agus a thugann na cluichí atá imeartha acu in aghaidh Cheatharlach agus Loch Garman le fios?

Bheadh faitíos orm go bhfuil.

An t-am seo anuraidh, as baile, bhuaigh siad ar Loch Garman agus farasbarr naoi gcúilín acu. Coicís ó shin b’ fhada fairsing an tomhas a bhí sa sciorta den ádh a bhí ar na Gaillimhigh agus iad ag críochnú ar comhscór leo ar Pháirc an Phiarsaigh.

Taobh thiar den chúl a sheas mé ag breathnú ar imirt an lae sin agus ní raibh deich nóiméad caite nuair a bhí mé ag déanamh iontais faoin údar a fhágann a stíl imeartha athraithe go hiomlán ag foireann Mhichíl Uí Dhonnchú le bliain anuas. Ní hamháin sin ach is cosúil go bhfuil an cíocras caillte ag na Gaillimhigh.

Ar an bpáirc cheannann chéanna anuraidh, seachtain sular thugadar an léasadh sin do Loch Garman, níor fhág na himreoirí céanna a d’imir an lá cheana spré i súile Chill Chainnigh. Ariamh anall bhí an fuinneamh, an díocas, an neart agus an déine ar na tréithe a luaití i gcónaí le foirne Brian Cody. Bhíodar sin le feiceáil arís ar Pháirc an Phiarsaigh an Domhnach deireanach de Bhealtaine 2018, ach an babhta sin go mba i ngeansaithe na Gaillimhe a bhí na fir a léirigh iad.

Sa gcluiche in aghaidh Chill Chainnigh anuraidh, bhí tús 1-9, 0-8 ag Gaillimh agus leathuair caite. As féin bhuaigh Pádraic Mannion seacht gcinn de bhuillí amach Eoin Murphy, d’fhág James Skehill líne lánchúil na gCat líonraithe ag na cinn a sheol sé anuas ina mullach, ach thar rud ar bith eile d’fhág an bealach ar seoladh an sliotar chuig Conor Whelan agus Brian Concannon i gcúinní na líne lántosaigh go mba thraochta agus in ísle brí a bhí líne nua lánchúil Chill Chainnigh nuair a shéid Fergal Horgan an fheadóg den uair dheireanach ag fógairt bua 1-22, 2-11 do Ghaillimh.

Iománaíocht scafánta, dhíreach a mhúnlaigh an bua sin – an sliotar seolta go híseal uair i ndiaidh uaire amach ar na cliatháin chuig Concannon, Whelan agus Cathal Mannion. Fuair an lántosach Conor Cooney ceithre chúilín as an imirt, Joe ceithre cinn eile agus 1-12 ar fad.

Faraor do Ghaillimh tá Joe sa teach téarnaimh, mar a deir siad ó dheas, agus is mór idir cumas na foirne lena chúnamh agus nuair a bhíonn siad dá uireasa. Ach, ní inniu ná inné a tuigeadh sin.

Bhí ceathrar de na tosaithe a chroith Cill Chainnigh anuraidh ar an bpáirc in aghaidh Loch Garman an lá faoi dheireadh.

Ón amharc sceirdiúil a bhí agam taobh thiar de na postaí ba dheacair a chreidiúint an leagan amach a bhí ar na tosaithe céanna agus Colm Callanan ag bualadh amach an tsliotair – ceathrar acu ina seasamh duine i ndiaidh duine ó lár na páirce isteach, mar a bheidís ag dul chun na haltóra chuig comaoine, an bheirt eile ar chaon cholbha na cearnóige mar a bheadh saighdiúirí ar garda taobh amuigh de bheairic.

Idir tosaithe na Gaillimhe agus na taobhlínte bhí acraí spáis – oiread agus go mbeadh rogha ag Ed Sheeran faoin áit a mba mhian leis an stáitse a chur!

Bhí an geadán talún inar chuir Whelan, Mannion agus Concannon scéin i gcosantóirí Chill Chainnigh bliain roimhe sin chomh tearc in imreoirí agus a bhí an Pol Theas nuair a shroich Tom Crean é fadó.

Agus é ag bualadh an tsliotair amach, sheas báireoir na Gaillimh i mbéal an chúil ag airdeall uaidh agus ní féidir ach go raibh bos a chamáin leathchaite faoin am a raibh an imirt déanta ag a raibh d’uaireanta ar phreab sé an sliotar air ag fanacht le léargas a fháil ar áit a bhféadfaí é a sheoladh.

Ní raibh a leithéid ann agus gan teip ní raibh aige ach líne na comaoine a sheansáil.

Ní hiad na Gaillimhigh amháin atá ag éagaoin agus leath na himeartha déanta sa séasúr iomána. Tá cosa na nDéiseach nite. Ní foláir nó tá lucht leanta an Chláir chomh míshásta céanna agus atá Gaillimhigh de bharr an taispeántais mheata a facthas óna bhfoireann in aghaidh Thiobraid Árann ar Pháirc an Chíosógaigh Dé Domhnaigh seo caite. Níl Áth Cliath thar mholadh beirte ach an oiread.

Mhill an séasúr seo caite muid. Fós féin ba mhór ab fhiú fós cúpla cluiche bríomhar, fuinniúil, spreacúil a ghiorródh an samhradh.

Fág freagra ar 'An bhfuil iománaithe na Gaillimhe gaibhte chomh mór sin chun deiridh?'

  • Mac Dara Mac Donncha

    A Mheáirt,

    Mar fhreagra ar do cheist- níl!

  • Seán

    Mar fhreagra ar an bhfreagra – seans go bhfuil !