Fiche bliain agus an tseachtain seo tháinig Tony Blair i gcumhacht sa Bhreatain. Bhí ollbhua ag Páirtí an Lucht Oibre nua agus dóchas ann don tsíocháin i dTuaisceart Éireann. An mhí dár gcionn toghadh Bertie Ahern ina Thaoiseach den chéad uair agus bunaíodh páirtnéireacht thairbheach idir an bheirt.
Níl cáil na beirte gan smál. Údar náire é cogadh na hIaráice i gcás Blair, mar shampla, agus smál ar oidhreacht Ahern, mar shampla, is ea na scéalta áiféiseacha faoi chuntais bhainc agus bailiú airgid óna chairde. Mar sin féin, táimid uilig faoi chomaoin acu as a ról i bpróiseas na síochána. Gan dabht is seoid í an tsíocháin ach tráth an mheasúnú fiche bliain, níl an próiseas polaitiúil thar mholadh beirte agus tá an t-athmhuintearas i bhfad uainn.
“Tá an cogadh thart; éirigh as a bheith á throid,” arsa Michelle O’ Neill, ceannaire Shinn Féin sa tuaisceart leis an DUP agus í fós ag troid an chogaidh chéanna í féin. Cogaíocht neamharmtha atá ar siúl ag an dá pháirtí, le briathra an bhladair nó na binbe, de réir mar a fheileann. Tá an iomrascáil pholaitiúil ag dul ar aghaidh i bhfad rófhada agus tá sé thar am acu go léir éirí as an gcogadh.
Ag freagairt do ghearáin an DUP faoina hóráid ag comóradh ochtar comhaltaí den IRA, ar thug sí “mairtírigh” orthu, a bhí Michelle O’Neill, comharba Martin McGuinness. Mharaigh an SAS an t-ochtar ag stáisiún an RUC i Loch gCál, i gContae Ard Mhacha, le linn ionsaí de chuid an IRA ar an mbeairic tríocha bliain ó shin. Maraíodh sibhialtach, Anthony Hughes, a bhí ag dul thar bráid chomh maith. Bhris an tIRA geataí na beairice le tochaltóir, phléasc siad buama agus scaoil siad leis an stáisiún. Bhí na saighdiúirí ag fanacht leo agus mharaigh siad an bhuíon ar fad.
Buille ollmhór don IRA Sealadach in oirthear Thír Eoghain ab ea an eachtra, agus ba é an líon ba mhó comhaltaí dá gcuid a maraíodh in aon ráig amháin. Ag an gcomóradh Dé Domhnaigh, dúirt Michelle O’Neill go raibh sí bródúil as ‘na tírghráthóirí poblachtacha’ a maraíodh. Ag freagairt don cháineadh faoina páirt sa cheiliúradh, dúirt sí: “Bíodh sé soiléir, is poblachtánach mise. Déanfaidh mé comóradh i gcónaí … ar gach duine dár gcomrádaithe a thug a mbeatha ar son saoirse na hÉireann”.
Ní raibh comóradh ar bhaill den IRA ag teacht salach ar aon bhealach ar iarrachtaí Shinn Féin chun dea-chaidreamh a chothú le haontachtaithe maidir le sochaí chomhroinnte a bhaint amach ar bhonn comhionannais agus comh-mheasa, a dúirt O’Neill. Ní nach ionadh níor aontaigh aontachtaithe léi.
Bhí ‘díomá’ ar Arlene Foster gur ghlac O’Neill páirt sa chomóradh, go háirithe tráth a raibh sise, arsa ceannaire an DUP, ‘ag iarraidh spás comhroinnte do gach éinne a dhéanamh de Thuaisceart Éireann’.
Seo í an Arlene Foster atá níos tomhaiste agus níos oscailte ina cur chuige – maidir le Gaeilgeoirí, mar shampla – ó bhí toradh tubaisteach ar an neamhghéilliúlacht agus an drochmheas a léirigh sí i dtoghchán an Tionóil. Bhí aontachtaithe eile níos corraithe fós, agus Jeffrey Donaldson maslaithe mar nár thagair O’Neill do na daoine a d’fhulaing de bharr foréigean an IRA. Ag freagairt ráiteas O’Neill go bhfuil sé de cheart ag gach duine na mairbh a chomóradh, dúirt roinnt aontachtaithe gurbh fhíor sin ach gur cheart an comóradh sin a dhéanamh ar bhealach nach ngortódh éinne.
Sin an deacracht! Gortaíonn comóradh ar thaobh amháin daoine ar an taobh eile i gcónaí ós sochaí dheighilte í. Nuair a dhéantar comóradh ar shaighdiúirí na Breataine abhus, cé a cheapann, i bhfírinne, nach ngoilleann sé sin, abair, ar mhuintir bhaile Uí Mhurchú, i measc go leor eile? Nuair a éilíonn an DUP agus Tóraithe go mbeadh saighdiúirí saor ó chúiseamh, an gceapann siad go léiríonn an méid sin meas ar dhaoine a bhfuil ionchoisne, fiú, ceilte orthu? Ar chreid Michelle O’Neill i ndáiríre go raibh an insint s’aicise inghlactha d’aontachtaithe?
Baineann an choimhlint seo leis an insint ar na trioblóidí, an choinbhleacht nó an cogadh brocach nó cibé ainm is mian leat a ghlaoch ar an bhforéigean a chráigh daoine ar feadh tríocha bliain. Más leis na buaiteoirí an stair, tá fadhb an-mhór abhus; níor bhuaigh éinne.
Teastaíonn ó aontachtaithe (agus na Tóraithe, seans) go ndéarfadh poblachtánaithe nach raibh an ceart ag an IRA agus go raibh a bhfeachtas neamhdhlisteanach. Ní déarfaidh siad é sin go brách. Is léir gur sháraigh an feachtas sin an dlí ach ní ghlacfaidh siad leis go raibh an dlí sin bailí. Ba mhaith leo araon tabhairt le fios go raibh an taobh eile neamhbhailí. Ta an chontrárthacht sin ina cuid bhunúsach den fhadhb faoi oidhreacht na dtrioblóidí. Sin í an chruacheist ar cuireadh ar an méar fhada í fiche bliain ó shin agus atá fós gan fuascailt.
Fág freagra ar 'An bhfuil aon fhuascailt ar chogadh ‘neamharmtha’ an Tuaiscirt?'