An bhfuil ‘an scríbhneoireacht ar an mballa’ don ‘eilifint sa seomra’?

Is beag luí atá ag ár gcolúnaí leis clichéanna Béarla a bhíonn á n-aistriú go Gaeilge ar dalladh, seachas ceann mór amháin…

An bhfuil  ‘an scríbhneoireacht ar an mballa’ don ‘eilifint sa seomra’?

Seo ré na gclichéanna. Tá an teanga Béarla truaillithe acu ach go háirithe. Déanta na fírinne, ní chloiseann tú ó pholaiteoirí áirithe ina gcuid urlabhra ach mar a bheadh sraith de chlichéanna ceangailte le chéile agus corrfhocal eile caite isteach ina dteannta. Ar ndóigh, déantar an-chuid de na clichéanna seo a aistriú go Gaeilge agus, dá olcas iad i dteanga na nGall, is measa fós iad i dteanga na nGael. Is breá liom teacht orthu sa Ghaeilge sa chás ina mbíonn siad úsáidte go magúil, go searbhasach, go híorónta nó go haorach. Ach nuair is ‘úsáid dháiríre’ a bhíonn i gceist, bhuel sin scéal eile.

Anois, ‘níor bhris mise isteach ortsa nuair a bhí tusa ag caint’ agus ar an ábhar sin tá sé in am domsa ‘mo luach leathphingine’ a chaitheamh isteach sa chomhrá. Agus mar sin de! Is liosta le háireamh iad gan aon agó.

Seo blaiseadh beag: ‘is scéal bua-bua atá ann do chách’; ‘ná déan an bád a luascadh’; ‘tá an scríbhneoireacht ar an mballa’; ‘an bhunlíne ná . . .’; ‘smaoinigh lasmuigh den bhosca’; ‘ní féidir cleasa nua a mhúineadh do sheanmhadra’; ‘idir carraig agus áit chrua’; ‘ní eolaíocht roicéid atá inti’; ‘cé acu is fearr leat: an ghloine leathfholamh nó an ghloine leathlán?’; ‘gach éinne ag canadh ón mbileog iomainn chéanna’; ‘fadhb í sin ag dul ar aghaidh’; ‘cloisim a bhfuil á rá agat’; ‘an fána shleamhain’; ‘ag bogadh na gcuaillí’; ‘níl ann ach gob an chnoic oighir’; ‘teagmháil leis an mbun’; ‘éistigí suas!’; ‘ní raibh i gceist ach atheagrú a dhéanamh ar na  cathaoireacha a bhí ar bord an Titanic’.

Ar ndóigh, níl sa mhéid thuas ach ‘gob an chnoic oighir’, mar a déarfá. Táid ag teacht inár dtreo ar luas lasrach, mar chlichéanna. Is beag bliain a ghabhann thart nach dtagann slám eile díobh chugainn agus neadaíonn a bhformhór sa teanga Bhéarla go compordach. Ní fada go mbíonn siad ar bharr a ngob ag madraí an bhaile, mar a déarfá. Téann siad isteach i mbéarlagair na hiriseoireachta, na polaitíochta agus na teilifíse gan mórán dua agus ina dhiaidh sin isteach i gcaint na ndaoine. Bíonn a bhformhór tanaí, suarach agus gan samhlaíocht ar bith iontu ach ó thráth go chéile tagann ceann a bhfuil filíocht agus samhlaíocht fite fuaite ann.

Sea, a léitheoir, tá ceann amháin a thaitníonn liom as an treillis breillis ar fad. Ceann a chuireann ag machnamh mé. Ceann a bhaineann gáire asam ar dtús agus ansin a théann i bhfeidhm orm ar chúis amháin nó ar chúis eile. Ní choimeádfaidh mé ar bís níos faide tú! ‘An eilifint sa tseomra’ an seoidín atá i gceist agam. Thóg sé tamall orm a dhéanamh amach cad chuige gur eilifint a roghnaigh an té a chum agus a cheap an cliché áirithe seo an chéad lá riamh. Cad chuige nár roghnaigh sí/sé leon nó camall nó srónbheannach nó dobhareach, mar shamplaí? Arbh é go bhfuil an eilifint níos mó ná na cinn eile? Nó an raibh cúis eile leis? Go bhfuil bua na cuimhne aici (deirtear)? Go bhfuil sí réchúiseach? Dar liom féin, roghnaíodh í de bharr an íomhá a ghineann sí in aigne an duine. Greann ar dtús agus ansin an léiriú a thugtar ar nádúr an duine agus neamhaird aige uirthi sa tseomra – an fhimíneacht, an bhréag, an cur i gcéill.

Is annamh nach mbíonn an t-ainmhí bocht istigh sa seomra na laethanta seo de bharr í a bheith ina háitreabhach sa cliché seo. Go háirithe nuair a bhíonn caint ar siúl ar fhadhbanna cosúil le ciníochas, daoine gan dídean, rialú inimirce, tithíocht, bochtaineacht, eisiamh sóisialta srl. Caithfidh go mbíonn an créatúr bocht ar an dé deiridh ag éisteacht leis an gcacamas go léir agus í teanntaithe istigh sa spás beag ag iarraidh cur suas leis an mboladh bréan ina fochair.

Cosúil le gach teaghlach eile geall leis, glacaim leis, tá ár n-eilifint mhór théagartha againne inár dtigh leathscoite.

Uaireanta éiríonn sí an-chorrthónach nuair a chloiseann sí an tarbh eilifinte ag búiríl béal dorais (sa leath eile dár dtighne). De ghnáth tarlaíonn sé seo nuair a bhíonn muintir an tí ag caint faoi chúrsaí polaitíochta. Inár dtighne is maith liom féin ár n-eilifint a ghríosadh chun gnúsachta nuair a ardaím an cheist neamhchonspóideach úd ‘an áit atá ag an nGaeilge sa saol poiblí’.

Éiríonn sí an-fheargach ar fad agus bíonn an baol ann uaireanta go leagfaidh sí an tigh anuas orainn.

Agus cad a tharlóidh sa chás go ndíothófaí speiceas na heilifinte? Cé a thiocfaidh mar chomharba uirthi? An t-asal sa tseomra?

Agus rud eile dhe, is fuath lenár n-eilifint an folúsghlantóir.

Fág freagra ar 'An bhfuil ‘an scríbhneoireacht ar an mballa’ don ‘eilifint sa seomra’?'

  • Traolach Ó Murchú

    An ceart ar fad agat.
    Cloistear “ag deireadh an lae” go minic. Is trua nach gcloistear “ar deireadh thiar” nó “ar deireadh thiar thall” nó “i ndeireadh na dála” chomh minic sin anois.

  • Derry O'Sullivan

    Greann thar barr! Ach sa ghnáth-chaidreamh béil idir na glúnta dá-theangach saibhríonn na clíchéanna deaghiúmar na cuideachtan!

  • Pádraig

    Iontach maith a Mhíchil. Ach tá rud amháin ar iarraidh. Ar mhaith leat leaganacha deasa dúchais a thabhairt dúinn do na clichéanna sin. Tá an liathróid i do chúirtse anois!

  • Seathrún Mac Éin

    An dtugann an ceannlíne le fios gur “Béarlachas” é “an scríbhneoireacht ar an mballa”? Más fíor féin gur coitianta go mór sa Bhéarla é, is ar eachtra i Leabhar Dhainiéil sa Bhíobla atá sé bunaithe. San Aramais – dara teanga an tSeanTiomna – a scríobhadh an cuntas sin – agus ní sa Bhéarla! Dar ndóigh, tá leaganacha ón mBíobla agus tagairtí don Bhíobla go fairsing i dteangacha na hEorpa – fiú más ón Eabhrais agus ón Aramais a tháinig go leor díobh. (Dar ndóigh, is sa Ghréigis , teanga Eorpach, a scríobhadh an dara cuid den Bhíobla – an Tiomna Nua.)