‘An bhfaca tú T-rex ag ithe píotsa riamh, a Mhamaí?’

Tá na ranganna dea-bhéasa ag dul ar aghaidh de réir a chéile agus súil agam go mbeidh céimithe cáilithe agam as seo go ceann 10 – 15 bliain

‘An bhfaca tú T-rex ag ithe píotsa riamh, a Mhamaí?’

‘An bhfaca tú T-rex ag ithe píotsa riamh, Mamaí?’ a d’fhiafraigh an Cailín Mór Beag díom agus muid suite ag an dinnéar an lá cheana.

Níl a fhios agam cén aois a cheapann sí atá mé, cé go bhfuil sé ráite go lom díreach amach agam léi go minic, ach is léir go gceapann sí go bhfuil mé chomh sean, ní hamháin leis na cnoic, ach leis na dineasáir iad féin.

Leag mé síos mo shlisín píotsa agus chuimil mé mo bhéal de dhroim mo láimh. ‘Bhuel,’ a dúirt mé, ‘uimhir a haon, tá na dineasáir marbh leis na milliúin bliain.’

Phioc mé suas an dingín píotsa piobarónaí agus anainn arís agus bhain greim groíúil as. Níl a fhios agam cén chaoi a n-airíonn tú faoi anann ar phíotsa, taitníonn sé linne agus is cuma liom é a rá amach le duine ar bith a chasfar orm ar an tsráid.

Ach amháin ní déarfaidh mé leo sa mbialann ina gceannaíonn muid an píotsa. Tá siad glan ina aghaidh. Ceapaim go mb’fhéidir go mbaineann sé le cúrsaí creidimh is gur blaisféim de chineál éigin atá ann, dar leo.

Is dóigh gur cheart dom a lua gur as an Iodáil iad ó dhúchas agus ní ligfeadh an náire dom an t-anann a iarraidh orthu. Ó cheart, séard a tharla ná gur iarr mé uair amháin é agus go beag nár thit sé as a sheasamh. ‘Pineapple? On the pizza? No, no, no, you cannot do this.’

Cuireann muid air anois é nuair a thugann muid an píotsa abhaile agus tá muid fós mór le muintir na bialainne.

‘Céard é uimhir a dó?’ a d’fhiafraigh an Bheainín díom. Faoin am seo bhí dearmad glan déanta agam ar an gcomhrá faoi na dineasáir. ‘Céard?’ a dúirt mé.

‘Dúirt tú ‘uimhir a haon tá na dineasáir marbh,’ a mhínigh sí. ‘Sea,’ a deir mé. ‘Tá siad.’

‘Ach má deir tú ‘uimhir a haon’, sin é an chéad phointe, caithfidh an dara pointe a bheith agat,’ a deir m’eagarthóir cainte. ‘Céard é ‘uimhir a dó’?

Phléasc an Babaí amach ag gáire. ‘Tá a fhios ag chuile dhuine céard é ‘uimhir a dó’!’

Tá na ranganna dea-bhéasa ag dul ar aghaidh de réir a chéile agus súil agam go mbeidh céimithe cáilithe agam as seo go ceann 10-15 bliain. ‘Ná bí ag caint air sin ag an dinnéar, maith an buachaill,’ a dúirt mé leis ‘ná amanna eile ach an oiread.’

Níl a fhios agam ar chuala sé ar chor ar bith mé le teann rachtaíl gháire. ‘An cheist mhór, atá agamsa ná céard é uimhir a trí?’ a d’fhógair sé ansin.  ‘Tréimhse’ atá i gceist, a deirtear liom. Tréimhse sách fada is léir.

‘Stop stop stop,’ a dúirt mé. ‘Níl aon uimhreacha eile ann, tá brón orm. An freagra ar do cheist ná, ní fhaca mé T-rex ag ithe píotsa riamh.’

‘An bhfuil tú ag iarraidh orm é a thaispeáint duit, Mamaí?’ a d’fhiafraigh an Cailín Mór Beag díom go cabhrach.

Fág freagra ar '‘An bhfaca tú T-rex ag ithe píotsa riamh, a Mhamaí?’'