An bhagairt núicléach agus cluiche pócair Donald Trump

Tá an domhan níos gaire d’uileloscadh núicléach ná mar a bhí aon uair le tríocha bliain anuas. Ach is cosúil gur cuma linn, a scríobhann ár gcolúnaí

An bhagairt núicléach agus cluiche pócair Donald Trump

Is cuimhin liom a bheith i mo sheasamh i ngairdín theach mo mhuintire san Ísiltír i lár na n-ochtóidí, ag breathnú ar an spéir.

Bhí mo dheartháir óg ina sheasamh in aice liom. Bhí mise ocht agus bhí seisean seacht mbliana d’aois. Chuaigh eitleán thar bráid. Dhírigh mé mo mhéar ar an eitleán. ‘Dá mba dhiúracán núicléach é sin, bheimis marbh anois.’

Is ea, fear mór imní a bhí ionam fiú ag an aois sin, ach cé a gheobhadh locht orm agus airm núicléacha á bplé ar an nuacht chuile oíche, ag múinteoir mo ranga chuile lá agus ag mo thuismitheoirí nach mór gan stad? 

Bhí an cogadh fuar fós faoi lánseol agus bhí na Meiriceánaigh ag iarraidh diúracáin núicléacha a lonnú i ndeisceart na hÍsiltíre.

Bhí rialtas na hÍsiltíre chun ligint dóibh, ach bhí go leor leor Ísiltíreach glan ina choinne sin, mo mhuintir féin ina measc. Bhí oll-léirsithe ann nach raibh cead agam féin agus ag mo dheartháir páirt a ghlacadh iontu toisc go raibh muid ró-óg, ach bhí cead againn dul timpeall na dtithe in éineacht le mo dheaid chun sínithe a bhailiú i gcoinne na ndiúracán.

‘B’fhearr liom diúracán núicléach i mo ghairdín ná Rúiseach i mo chistin,’ a dúirt comharsa amháin liom.

Ba é sin an chéad uair ar thuig mé céard is searbhas ann.

Bhí dearmad glan déanta agam ar an tréimhse sin ar fad go dtí an lá cheana, nuair a d’ordaigh Donald Trump dá longa cabhlaigh seoladh i dtreo leithinis na Cóiré. Tá go leor tar éis tarlú ó shin. Agus an colún seo á scríobh, tá sé ráite ag an gCóiré Thuaidh go bhféadfadh le ‘cogadh teirmeanúicléach’ briseadh amach ‘am ar bith’.

Más ea, tá an domhan níos gaire d’uileloscadh núicléach ná mar a bhí le scór go leith bliain anuas. 

Ach tugaim faoi deara nach mbím ag breathnú ar an spéir chuile ré soicind anois féachaint an bhfuil diúracán núicléach ag druidim i mo threo, faoi mar a bhínn thiar sna hochtóidí – agus ní dóigh liom go bhfuil éinne eile, ach an oiread. Gáire dóite a mheallann an chaint faoin mbagairt núicléach sa Chóiré, ar a mhéad.

Ar ndóigh, is i bhfad ó leithinis na Cóiré atá cónaí orm féin agus ar an gcuid is mó de na daoine a léifeas an colún seo. Ach chuile sheans go mbeidh tionchar mór millteach ag ionsaí núicléach sa Chóiré taobh amuigh den leithinis sin: cogadh domhanda, olltubaiste timpeallachta. Mar sin féin, feictear dom nach bhfuil éinne faoi gheasa ag bagairt núicléach an lae inniu faoi mar a bhí mórán daoine thiar in aimsir an chogaidh fhuair.

Cén fáth sin?

Ar an gcéad dul síos, ar ndóigh, seanscéal agus féasóg air an chaint ar chogadh sa Chóiré. Le trí scór bliain anuas, déantar bagairtí agus a thuilleadh bagairtí – agus ansin ní tharlaíonn tada.

Ach tá rud eile ann. Feictear dom go bhfuilimid ar fad chomh traochta, chomh spíonta, chomh dubh dóite sin den bhrúidiúlacht leanúnach laethúil a líonann scáileáin ár dteilifíseán agus ár nguthán póca gan stad – ionsaí ceimiceach anseo, buama nár facthas a leithéid riamh, trucail á tiomáint isteach i slua thall ag an gcúinne – nach bhfuil sé de neart ionainn, mar chine daonna, aghaidh a thabhairt ar bhagairt an uileloiscthe núicléach arís.

Ach tá an bhagairt sin ann. Is baolach go bhfuil tús curtha ag Donald Trump le cluiche pócair nach mbeidh sé in ann a bhuachan toisc nach bhfuil aon rud le cailleadh ag a chéile comhraic, Kim Jong-un. An seasfaidh sé siar ón gcluiche sula mbeidh sé rómhall?