Is mór i gceist an bhréagnuacht na laethanta seo ar dhá thaobh an Atlantaigh agus ní chuidíonn an chlimseáil atá á déanamh ar sheirbhísí poiblí nuachta le deis agus am a thabhairt d’iriseoirí dul ag tóraíocht agus ag fiosrú. Léirigh RTÉ arís le déanaí fiúntas na seirbhíse poiblí lena gclár faisnéise, Leathered: Violence in Irish Schools faoin drochbhail a cuireadh ar ghasúir na tíre seo inár scoileanna in ainm an smachta agus na foghlama.
Chuimhnigh mé arís Dé Céadaoin seo caite ar an gcur síos a bhíodh ag an síciatraí, an Dr Ivor Browne, ar an tráma mar “an t-am i láthair agus é reoite”. Ba léir go raibh sin fíor i gcás na bhfear a chonaiceamar ar RTÉ an oíche cheana agus go bhfuil an lascadh agus an céasadh intinne agus coirp a tugadh dóibh ina ngasúir scoile fós ina chneá ag déanamh sileadh ina n-intinn agus ina gcolainn. Is iomaí deoir silte ó shin acu féin agus ag chuile ghasúr eile a d’fhulaing i scoileanna na tíre ó chléir agus tuata. Ní tirim a bhí mo shúile féin ach oiread agus fear atá amach sna blianta ag inseacht don tír agus dá phobal gur chac sé ina threabhsar le faitíos agus é á ghleadhradh os comhair a chomhscoláirí óga.
Ó 1962-1982 níl taifead ag an Roinn Oideachais ach ar 108 líomhain den choiriúlacht seo ar ar tugadh ‘pionós corpartha’ go hoifigiúil i gcáipéisí oideachais is stáit. Déarfainn go bhféadfainn fhéin is mo chomhscoláirí sna blianta céanna sin an líon sin a bhailiú i mo leathpharóiste fhéin.
Is scanrúil an praghas a d’íoc daoine as an mí-úsáid státcheadaithe seo – ag fágáil na scoile go hóg, an bád bán agus ag maireachtáil ar an tsráid, alcólachas, cliseadh teaghlaigh agus féinmhuinín is misneach scriosta go deo. Is maith a thuig mé d’fhear amháin ar an gclár seo nuair a dúirt sé go mbíteá seasta ar d’fhaire nó ar ‘high alert’ mar a deir sé mar nach raibh a fhios ag aon ghasúr cén uair nó cén t-údar a bhfaigheadh sé greasáil. Ba mheasa fós ag breathnú ar an ngasúr eile á bhatráil, gasúr níos leochailí ná thú fhéin. D’fhan sé san airdeall mar sin riamh ó shin agus ag seisiúin chomhairleoireachta agus é amach sna blianta a thuig sé an chúis.
An ceacht mór a d’fhoghlaim na gasúir shaonta seo ón gcóras oideachais ná gur chlis an stát seo orthu agus lena chois, d’fhoghlaim siad an fuath agus an fonn díoltais. Is cuimhin liom féin a bheith ag guí go diaganta go bhfaigheadh an t-ainchíost múinteora a bhí agam bás i rith na hoíche, shíl mé go dtuigfeadh fear a céasadh ar chrois mo chás. Scaoileadh an ghaoth as roth an chairr oíche ag súil go ngabhfadh sí den bhóthar ach saol fada ar phinsean stáit a bhí ina cinniúint!
Bhíodh an bualadh seo réamhphleanáilte agus airm éagsúla batrála ag na hoidí. Chonaic mé fhéin an leathdhosaen cámógaí nó canes ag teacht ó na díoltóirí leis na leabhair scoile is an chailc – an ‘sugar stick’ a thugadh fear amháin ar chos cathaoireach a raibh cion aige uirthi. Gasúir a chrochadh san aer i ngreim cluaise, pinseáil faoin ascaill, ciceáil agus bualadh faoin mballa.
Is maith is cuimhin liom feachtas Frank Crummy agus na dochtúirí Mary agus Paddy Randles ag iarraidh an bhatráil a bhí faighte ag na leanaí a tháinig ag a gclinic a stopadh. Ní buíoch ach a mhalairt a bhíothas do na Randles nuair a bhí scéal an uafáis ar an nuachtán News of the World agus ar an teilifís i Meiriceá. Chuaigh an beart den nuachtán sin ina raibh Cuid a 2 amú ar a bhealach go Contae na Mí an Domhnach dár gcionn! Ní fhoilseodh na nuachtáin mheasúla litreacha lucht an fheachtais agus Borstal a bhagair an Garda ar bhean a choinnigh a maiciín leonta sa mbaile ón scoil.
Cladhaire ceart a rinne mise de m’athair nach ngabhfadh soir ag an scoil ár gcosaint ach deireadh sé nach dtabharfaí aon aird air. Sa gclár breá seo a thuig mé faoi dheireadh go raibh an ceart ar fad aige. Bhí an bascadh seo mar mhodh múinteoireachta ceadaithe ag an stát.
I 1932 socraíodh gur ag príomhoide amháin a bheadh an ceart sin [riail a sáraíodh], i 1965 dúradh nár cheart gasúir a bhualadh mar gheall gur chinn orthu rud a fhoghlaim [riail eile nár géilleadh di agus mise ar scoil ag an am]. Bhí 1982 ann sular fhógair an tAire John Boland go raibh ‘pionós corpartha’ mícheart ach bhí sé ina 1997 sular socraíodh go gcuirfí an dlí ar ‘mhúinteoirí’ [nár mhúin ach faitíos is ansmacht] a bhuailfeadh gasúir.
Sa gclár seo díríodh ar chúpla scoil do bhuachaillí – san Uaimh, i mBrí Culainn agus an Mhainistir Thuaidh. Seachas cneasú ná faoiseamh is amhlaidh ba mheasa an scéal nuair a chuaigh na daoine fásta gortaithe seo chomh fada le Gardaí, Stát agus an DPP féin. Ní raibh cás ann cheal fianaise – amhail is go raibh taifead is cuntas coinnithe ag gasúir ar na huafáis seo sna 1960idí/70idí.
Ní bhaineann a gcás leis an bhFiosrúchán [scoping inquiry] faoi 2,395 cás mí-úsáid ghnéis in 308 scoil mar gur mí-úsáid fhisiciúil [amháin!] a rinneadh orthu agus táthar ag iarraidh anois go mbeadh gach cineál mí-úsáide a rinneadh i scoileanna uile an stáit á bhfiosrú ag an dream sin. Spéisiúil go leor fuair fear amháin a lascadh i gColáiste na Carraige Duibhe €100,000 de chúiteamh díreach roimh a chás Ard-Chúirte, beag beann ar fhiosrúcháin phoiblí nuair a theip ar an reachtaíocht reatha cuidiú leis.
Ar ndóigh bhí múinteoirí lácha nach raibh brúidiúil sa gcóras ach choinnigh siad a mbéal dúnta agus ní laochas ná údar mórtais é sin agus an t-olc i réim, mar a thuig an Búrcach fealsamh.
Clár fada corraitheach atá anseo a bhfuil ocht mí dhéag caite ag rannóg na gclár faisnéise in RTÉ á réiteach agus iad tar éis labhairt le breis is 100 duine as na mílte a d’fhulaing inár scoileanna. Is fiú go mór breathnú air ar an seinnteoir má chaill tú é.
Is mór an chomaoin atá curtha acu orainn agus amhail saothar Mhary Raftery roimhe seo, tá súil agam go dtiocfaidh foghlaim agus athmhachnamh oifigiúil óna saothar. Tá pian go leor fós le cneasú sa tír seo agus thar sáile de bharr ar ceadaíodh os comhair an tsaoil mhóir.
alan titley
Tá an ceart ar fad ag Máire san alt breá seo thuas, agus b’uafásach an réim a léirigh an scannán. Dhá rud, áfach:
Níorbh é an stát a ‘cheadaigh’ seo beag beann ar an bpobal. Cheapfainn féin go raibh formhór na dtuismitheoirí ar a shon, ní le holc, ach gur cheap siad go héagórach gur bealach ‘ceart’ a bhí ann chun smacht a chur ar pháistí.
Ná titimis isteach sa ghaiste gnách dár gcuid ach an oiread, is é sin, go rabhamar faoi leith barbartha, uafásach, gránna, míthrócaireach, eisceachtúil etc. Tá an pionós corportha i bhfeidhm i nach mór trí scór go leith tír ar fud an domhain, an Astráil, na Stáit Aontaithe agus an Choiré ina measc faoi láthair. Níor cuireadh deireadh leis sa Bheilg go dtí 2011, ná i bPoblacht na Seice an bhliain chéanna. Agus gan amhras, an tslat tomhais leisciúil a bhíonn againn…níor cuireadh deireadh léi i scoileanna stáit na Breataine é go dtí 1986, agus ina scoileanna galánta príobháideacha go dtí 1999. Bhíomar go dona, ach bíonn daoine níos measa ná a chéile.