Le seachtain nó mar sin anuas bhí dhá chlár faisnéise chugainn ar RTÉ a dhein iarracht cuntas a thabhairt ar fhir ghnó éagsúla. An tseachtain seo caite bhí saothar faoi Ben Dunne chugainn agus ar an Luan bhí cuntas ar Michael Smurfit againn (Smurfit: Succession, RTÉ1).
Le ceol suaitheantais atá cosúil le chéile agus an bhéim ar chiútraimintí an tsaibhris mheabhraigh an dá shaothar an tsraith chlúiteach Succession dom, go deimhin tá sé san ainm i gclár Smurfit. Comparáidí ciotacha gan dealramh.
An snáth uama sa chlár seo mar dhea nó go bhfuil comhlacht anois i seilbh an tríú glúin de theaghlach Smurfit.
Agus Michael ocht mbliana le cois na ceithre scór seo an focal scoir uaidh; deis aige a scéal féin a reic agus an comhar a dhíol. Scéal é atá lán de ghaiscí gnó agus rachmas sómhar. Clár é chomh maith atá lán de bhóisceáil agus buaileam sciath. Deineadh cad é caint faoina luamh, an Lady Ann Magee, i Monacó mar a bhfuil sé buailte faoi le blianta.
Go deimhin caitheadh paiste cainte a dhéanamh le captaen an bháid. Pictiúr de chairt ghalánta, péintéireacht dá mháthair a thóg blianta le tarraingt agus trácht ar bhuidéil fíona a chosnaíonn na mílte le ceannach. Ba é an dara duine a cheannaigh árasán in Trump Tower.
Aithne aige ar Trump dar ndóigh; chaitheadar béile i bhfochair a chéile cúpla babhta. Gaisce á dhéanamh aige faoina chairde Bill Clinton agus an Prionsa Albert. Dhein an Prionsa cainte paiste leamh cainte, ba chuma ann nó as é.
É ana-mhórálach faoi na dochtúireachtaí oinigh atá bronnta air, 11 san iomlán a dúradh linn, agus ridireacht na banríona faighte aige chomh maith. É ag fógairt go neamhbhalbh gurb é an tÉireannach is mó gradam riamh. Chaitheas gáire a dhéanamh nuair a dúirt Justine McCarthy linn go raibh sé luaite i leabhar stíle Independent Tony O’Reilly, ridire eile, go gcaithfí ‘Sir’ a thabhairt air féin ach gan aon ghradam a lua le Smurfit.
Lena cheart a thabhairt do Smurfit tá ábhar mórtais is maíte aige. Is le comhlacht Smurfit an comhlacht pacáistithe cairtchláir is mó ar domhan inniu. Thosaigh sé amach le comhlacht an athar agus ansin dhein an t-andúileach oibre fathach domhanda den chomhlacht.
É ag slogadh comhlachtaí eile go glic. Admhaíonn Michael gur shlog sé a shaol pearsanta mar nach raibh sé ag baile an oiread sin; é ag taisteal ar fud na cruinne i mbun gnó. Scéal thairis an tslí gur fhág sé a bhean go hobann.
Turais siar bóithrín na smaointe chuig an gconspóid faoi Telecom Éireann, cairdeas agus naimhdeas le Charlie Haughey agus an Corn Ryder ag teacht go hÉirinn. Meascán mearaí de chloigne cainte againn: Denis O’Brien, Matt Cooper agus Justine McCarthy ina measc mar aon le dreasanna cainte lena dheartháir agus a mhac atá i gceannas an chomhlachta anois.
An iomarca bóisceála anseo domsa.
Fág freagra ar 'Bóisceáil, buaileam sciath agus an focal scoir ag Smurfit'