Tá ceithre chlub fágtha agus cluichí leathcheannais na gclubanna ar siúl an deireadh seachtaine seo. As na foirne a bhí sna cluichí ceannais cúige coicís ó shin ba iad Baile Gunnair an t-aon cheann a bhuaigh corn Tommy Moore, agus seaimpíní Phort Láirge mar rogha láidir na coitiantachta chun an beart a dhéanamh arís an séasúr seo.
Ach tharla an rud nach raibh mórán ag súil leis agus buadh ar chleas na nDéise i gcluiche nach rabhadar riamh in uachtar ann, creid é nó ná creid. An rud is annamh is iontach don bhuíon speisialta sin.
Ach ní raibh aon leithscéal acu mar bhí na Sáirséalaigh as Corcaigh níos fearr ná iad ó thús deireadh. Bhí ionadh orm ag an tús go raibh na Sáirséalaigh ag marcáil fear ar fhear i gcoinne na foirne iomráití seo. Ach d’oibrigh siad mar a bheadh capaill oibre ann agus níor thugadar mórán deiseanna in aon chor do Bhaile Gunnair leis an imirt a stiúradh. Agus a leithéid de thionchar a bhí ag an ionadaí Shane O’Regan ar chúrsaí nuair a tháinig sé isteach don fiche nóiméad deireanach. 2-3 a bhí i ndiaidh a ainm sa deireadh.
Ag feitheamh leo sna babhtaí leathcheannais tá seaimpíní Uladh, Ruairí Óg Sleacht Néill agus déarfaidh mé leat nach mbeidh faitíos orthusan roimh sheaimpíní na Mumhan. Ag an bpointe seo den chomórtas tá seans réalaíoch ag na ceithre fhoireann atá fágtha.
Is iontach an club é Sleacht Néill (mar atá scríofa agam cheana anseo ) ach bhí sciorta beag den ádh orthu sa chluiche ceannais cúige. Bhí Port an Pheire níos fearr ná iad do thrí ceathrú cuid den chluiche sin ach le cabhair dhá chúl in dhá nóiméad tharraing siad iad féin ar ais sa cluiche. Bhí an-dara leath ag Ruairí Ó Mianáin agus Shane McGuigan ach caithfidh an fhoireann a bheith i bhfad níos fearr amárach. Ní dóigh liom go mbeidh mórán idir iad agus na Sáirséalaigh.
Sa chluiche leathcheannais eile is dócha gur buntáiste do na Fianna go raibh orthu feachtas cúige a imirt agus a bhuachaint. Seasfaidh sé sin dóibh. I gcluiche ceannais Laighean bhíodar an-mhaith do thréimhsí ach ligeadar do Chill Chormaic–Cill Achaidh teacht ar ais sa chluiche cúpla uair ach ar an iomlán ba iad ab fhearr ar an oíche.
Tá siad ag feabhsú gach cluiche a imríonn siad agus is ollmhór an buntáiste dóibh go bhfuil an t-imreoir contae Dónal Burke ag teacht ar ais chuige féin i ndiaidh dó a bheith gortaithe le tamall fada.
Bhí sé go hiontach sa chéad leath sa chraobh cúige agus chríochnaigh sé go láidir freisin le seacht gcúilín ón imirt aige. Tá sé ar dhuine de na fir pocanna saora is fearr sa tír é ach níl an dualgas sin air agus é ag teacht ar ais ón ngortú mar go bhfuil fear eile atá thar a bheith ábalta acu – Colin Currie.
Tríd is tríd tá foireann thar a bheith láidir acu agus beirt Burke i measc na gcúlaithe in éineacht le hiarimreoir peile leis an gcontae, Conor McHugh agus iarlaoch iomána an chontae, Liam Rushe. Tá Brian Ryan, a bhí ar phainéal buacach Luimnigh, i lár na páirce agus in éineacht le Currie agus Burke tá leithéidí AJ Murphy agus Ciarán Stacey.
Ach chaithfeadh meas a bheith ag duine ar aon fhoireann a bhuann craobh na Gaillimhe. Tá cúig seachtaine anois ó bhuaigh Baile Locha Riach an chraobh, a gcéad cheann ó 2006, agus caithfidh go raibh cúpla oíche ceiliúrtha sa pharóiste ó shin. Níl an taithí nó an caighdeán ó thaobh imreoirí acu atá ag na Fianna agus mura dtarlaíonn aon rud as an ngnáth is deacair aon toradh eile a shamhlú ach bua d’fhoireann Átha Cliath.
Fág freagra ar 'An aisling beo i gcónaí ag ceithre chlub'