Áit chontúirteach do mhná é Tuaisceart Éireann

Ó fógraíodh gur maraíodh Chloe Mitchell, tá foréigean in aghaidh na mban i mbéal an phobail arís eile sa Tuaisceart

Áit chontúirteach do mhná é Tuaisceart Éireann

Bean eile maraithe. Foréigean in aghaidh na mban i mbéal an phobail arís eile i dTuaisceart Éireann, na sluaite ar léirsithe ag éileamh feachtais sábháilteachta, oideachais agus athrú meoin.

Is furasta an racht bróin agus feirge a thuiscint i bhfianaise na tubaiste is deireanaí i liosta atá i bhfad rófhada ach cén leigheas atá i ndán dúinn? An ndéanfadh straitéis reachtúil a chuirfí i bhfeidhm difríocht?

Naoi lá ó fógraíodh go raibh Chloe Mitchell ar iarraidh ina baile dúchais, An Baile Meánach, frítheadh taisí daonna. Tá fear cúisithe ina marú agus fear eile cúisithe as cuidiú le ciontóir. Bliain is fiche d’aois a bhí Chloe. Maireann a tuismitheoirí, deirfiúr agus deartháir. Sólás dóibh agus do ghaolta agus cairde na mná óige ab ea na bigilí ar an mBaile Meánach agus i mBéal Feirste chomh maith leis an tacaíocht a fuaireadar ó chomharsana. Ní féidir a thuilleadh a rá faoi shonraí na heachtra ó tá an cás sub judice.

I measc na gcéadta a d’fhreastail ar bhigilí i ndiaidh mharú Chloe bhí muintir agus lucht tacaíochta mná eile a maraíodh, muintir Natalie McNally san áireamh. Maraíodh ise ina teach cónaithe i mbéal na Nollag is í ag súil le páiste. Tá fear cúisithe ina dúnmharú.

‘Caithfear stop a chur leis’ an mana a bhí ag lucht léirsithe, gaolta na marbh, eagraíochtaí ar nós Women’s Aid agus an ghluaiseacht fheimineach, Rosa NI. gnáthdhaoine agus ionadaithe na bpáirtithe polaitiúla. Bhí an feisire Parlaiminte, Claire Hanna an SDLP, ag an bhigil i mBéal Feirste.

D’ardaigh sise ceist an fhoréigin in aghaidh na mban agus cailíní abhus le linnThráth na gCeist an Phríomh-Aire in Westminster an lá roimhe sin. “Tá Tuaisceart Éireann ar cheann de na háiteacha is contúirtí san Eoraip do mhná,” ar sí. Dúirt sí gurb í Chloe Mitchell an 39ú bean a maraíodh i dTuaisceart Éireann ó 2017 agus go bhfaigheann póilíní glaoch gach 16 nóiméad faoi fhoréigean baile. Tá a fhios gur mná is mó a fhulaingíonn foréigean baile, mí-úsáid agus imeaglú – 78% de na daoine a ndéantar ionsaithe gnéis orthu agus 68% díobh sin a ndéantar mí-úsáid sa bhaile orthu.

Tharraing an feisire Hanna aird Rishi Sunak ar easpa straitéise chun a dhul i ngleic leis an gceist i dTuaisceart Éireann, an t-aon réigiún san Ríocht Aontaithe ina bhfuil an t-easnamh sin. Dúirt sí gur ullmhaigh Stormont straitéis ach nár cuireadh i bhfeidhm í d’uireasa Feidhmeannais. D’iarr sí ar an bPríomh-Aire comhoibriú léi féin agus le hionadaithe eile chun straitéis a chur ar bhonn feidhmeach leis an iompar contúirteach a cheansú agus an cultúr a athrú.

Ní bhfuair sí aon gheallúint. Dúirt Sunak go raibh an foréigean in aghaidh na mban uafásach, do-ghlactha agus go raibh an rialtas ar a dhícheall chun stop a chur leis. Dúirt sé áfach gurb é an Feidhmeannas díláraithe ba cheart a bheith ag déileáil leis abhus agus gur theastaigh athnuachan Stormont go géar.

Is iomaí duine a cheisteodh tosaíochtaí na gCaomhach; níl aon drogall ar an Státrúnaí Heaton-Harris a bheith ag éileamh gnímh faoi tháillí uisce a thabhairt isteach nó táillí ollscoile a mhéadú, saorthaisteal na seandaoine a chealú nó ciorruithe eile a dhéanamh.

An tseachtain seo déanfaidh an rialtas iarracht i dTeach na dTiarnaí in Westminster chun an Bille Oidhreachta agus Athmhuintearais – bille fill dar le híobartaigh – a bhrú chun críche d’ainneoin freasúra gach dreama ach na Tóraithe féin. Ach níl foréigean in aghaidh na mban ar a chuid liostaí.

Staitistic scanrúil is ea an 39 bean a maraíodh i gcaitheamh sé bliana; sin breis is seisear ban maraithe in aghaidh na bliana in áit ina bhfuil an daonra faoi bhun dhá mhilliún. Sa bhliain go deireadh an Mhárta seo caite chláraigh an PSNI 22,343 coireanna mí-úsáide baile – drochíde ar mhná a bhformhór. B’in é an líon ba mhó le scór bliain. Anuraidh d’fhógair an PSNI a chéad phlean chun foréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní a laghdú. Seans go bhfuil sé róluath chun éifeacht an phlean sin a mheas ach ní údar dóchais é an staidreamh, méadú ar líon na mban a maraíodh (42 le deich mbliana – duine gach ráithe, abair ach 39 le sé bliana) agus ardú freisin ar an bhforéigean baile.

Is fíor go bhfuil tuairisciú ar fhoréigean níos coitianta ná mar a bhíodh agus seans go bhfuil baint aige sin leis an méadú. Is fíor freisin nach ndéanann go leor daoine tuairisciú ar chor ar bith, le faitíos amanna nó mar nach bhfuil muinín acu go ndéanfar aon cheo chun iad a choinneáil slán. Tá sé thar am straitéis a fheidhmiú – agus d’uireasa Stormont ba cheart do Westminster sin a dhéanamh. Chomh maith le lánfhórsa an dlí tá athrú meoin riachtanach; is cuimhin lena lán nuair bhíodh tiomáint faoi thionchar an óil coitianta, daoine ag sméideadh na súl air; anois is náire shaolta é. Ní bheidh mná agus cailíní sábháilte ag dul amach ag siúl, ag teacht abhaile mall san oíche nó amanna ina mbaile féin go dtí go mbeidh pionós as foréigean sách dian agus go dtí go léireofar do chiontóir nach bhfuil aon ghlacadh ag an bpobal leis féin ná lena mhí-iompar.

Fág freagra ar 'Áit chontúirteach do mhná é Tuaisceart Éireann'